Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Cónaidhm na Rúise, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Cónaidhm na Rúise

Má tá tú ag taisteal go Cónaidhm na Rúise, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Foláireamh Taistil is Déanaí

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha (RGE) ag moladh gan taisteal ar bith a dhéanamh go Cónaidhm na Rúise go dtí go bhfaighfear fógra eile.

Moltar do shaoránaigh Éireannacha atá sa Rúis machnamh cúramach a dhéanamh ar ghá a bhfanachta leantaí sa Rúis. Molann Ambasáid na hÉireann i Moscó go láidir do na saoránaigh Éireannacha ar fad pleananna a bheith i bhfeidhm acu maidir leis an Rúis a fhágáil, sa chás go dtéann a gcúinsí féin in olcas. De bharr laghduithe foirne a tharla mar thoradh ar Dhíbirtí Taidhleoireachta a d’ordaigh Rialtas na Rúise, tá níos lú acmhainní ag an Ambasáid chun cabhrú i gcás géarchéime. Níor cheart do shaoránaigh Éireannacha a bheith ag brath ar an bhféidearthacht go ndéanfar aslonnú eagraithe i gcás géarchéime, agus ba cheart go mbeadh a gcuid pleananna imeachta féin i bhfeidhm acu ina ionad sin.

Tá eolas ar roghanna reatha maidir le himeacht ón Rúis thíos. Molann an Ambasáid go láidir do Shaoránaigh Éireannacha taighde a dhéanamh ar a gcuid roghanna maidir le himeacht, trí aerbhealach ón Rúis agus trí phointe trasnaithe teorann talún le stáit máguaird an AE araon. Aithníonn an Ambasáid gur féidir, de réir mar a éiríonn an cás sa Rúis níos míshocra, le haerbhealaigh a bheith díolta amach go gasta nó go bhféadfaidh sé tarlú nach mbeidh siad ar fáil.

Moltar go láidir do shaoránaigh Éireannacha a chónaíonn sa Rúis clárú leis an Ambasáid, mura bhfuil sé sin déanta acu cheana féin, ar Shaoráid Cláraithe Saoránach na Roinne.  Seo an bealach a ndéanann an Ambasáid teagmháil le pobal na hÉireann le heolas agus nuashonruithe a roinnt.

Oibriúcháin na hAmbasáide

Cé go bhfuil na gnáthuaireanta oibriúcháin i gceist in oifig na Víosaí agus san Ambasáid, ba cheart do shaoránaigh a bheith ar an eolas faoi mhoilleanna suntasacha ar phróiseáil cháipéisíochta, pasanna san áireamh. Is amhlaidh atá an scéal mar thoradh ar laghdú ar an bhfoireann san Ambasáid chomh maith le deacrachtaí leantacha maidir le post agus seachadadh idirnáisiúnta.

Ba cheart do shaoránaigh cumas laghdaithe na hAmbasáide maidir le tacaíocht a chur ar fáil i gcásanna géarchéime a choimeád i gcuimhne freisin, go háirithe i gcás saoránach atá lonnaithe i bhfad ó Mhoscó.

Má tá ceist agat nó má theastaíonn uait coinne a dhéanamh, téigh i dteagmháil leis an Ambasáid le do thoil trí ríomhphost a chur chuig irishembassymoscow@dfa.ie

Má tá ceist agat maidir le víosaí, téigh i dteagmháil linn trí ríomhphost ag IrishVisaMoscow@dfanet.ie.

Smachtbhannaí an AE agus Tionchair ar Ghnó

Ó rinneadh ionradh ar an Úcráin i Feabhra 2022, tá na bearta sriantacha (smachtbhannaí) is fairsinge ina stair curtha i bhfeidhm ag an AE. Áirítear i measc na smachtbhannaí seo bearta a dhíríonn ar earnálacha faoi leith, lena n-áirítear earnálacha an airgeadais, an fhuinnimh, na teicneolaíochta, na cosanta, na meán agus an iompair, chomh maith le bearta aonair a dhíríonn ar dhaoine agus eintitis ainmnithe. Tá bearta sriantacha an AE ceangailteach ó thaobh dlí de ar na daoine nádúrtha agus dlítheanacha uile in Éirinn agus san AE. Tá éifeacht dhíreach ag Rialacháin Chomhairle an AE, rud a chiallaíonn nach mór iad a chomhlíonadh ar an gcaoi chéanna le reachtaíocht inmheánach na hÉireann. Is cion coiriúil é in Éirinn smachtbhannaí an AE a shárú.

Ba cheart do gach duine agus eintiteas atá ag cuimhneamh ar ghnó a dhéanamh le heintitis Rúiseacha nó ar thaisteal chun na Rúise a chinntiú nach sáraíonn a gcuid gníomhaíochtaí smachtbhannaí an AE, na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm ó Fheabhra 2022 ar aghaidh san áireamh. Tá eolas mionsonraithe maidir le smachtbhannaí de bharr an cháis san Úcráin ar fáil anseo. Tá eolas ar Mhapa Smachtbhannaí an AE maidir leis na córais smachtbhannaí AE uile atá i bhfeidhm, chomh maith le liostaí de na pearsana aonair agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí faoi gach Córas, agus naisc chuig na gníomhartha dlí AE do gach Córas. Tá liosta comhdhlúite de dhaoine, grúpaí agus eintitis faoi réir smachtbhannaí airgeadais AE ar fáil anseo.

Olltionóil agus Coinneáil Threallach

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a bheith airdeallach faoina sábháilteacht féin agus olltionóil, lena n-áirítear agóidí agus léirsithe, a sheachaint. Tabhair faoi deara freisin le do thoil go bhféadtar dlíthe nua a bhaineann le saoirse na meán a úsáid chun pianbhreitheanna diana agus treallacha suas le 15 bliana sa phríosún a ghearradh. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a bheith aireach go n-áirítear leis seo ábhar neamhcheadaithe a phostáil nó a roinnt ar na meáin shóisialta.

Srianta Baincéireachta sa Rúis

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha sa Rúis a bheith aireach go bhféadfaidh na teorainneacha tromchúiseacha ar bhaincéireacht atá ag dul i ndéine de réir a chéile, lena n-áirítear tarraingt siar seirbhísí Visa agus Mastercard, tionchar díreach a bheith acu ar a gcumas rochtain a fháil ar a gcuid airgid go ceann tamaill. Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil an cinneadh déanta acu taisteal chun na Rúise a chinntiú go bhfuil a ndóthain airgid acu dá bhfanacht agus do chásanna éigeandála mura bhfuil foinse airgid acu laistigh den Rúis.

Bealaí Iompair Amach as an Rúis

Tá aerbhealaí díreacha chuig an AE thar a bheith teoranta más ann dóibh. Moltar do shaoránaigh a dteastaíonn uathu filleadh ar Éirinn eitiltí a théann trí Iostanbúl, Dubai, nó Abú Daibí a chur in áirithe.

Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil sé i gceist acu taisteal chun na hÉireann trí na tíortha seo féachaint ar Chomhairle Taistil na Roinne ar dtús:

https://www.dfa.ie/irish-embassy/turkey/

https://www.dfa.ie/irish-embassy/uae/

Ar an drochuair, ní féidir a thuar cathain a chuirfear eitiltí díreacha go dtí tíortha an AE ar bun arís.

Tá roghanna ann freisin maidir le himeacht thar tír ó Chónaidhm na Rúise.

Tá an Roinn ar an eolas faoi bhealach bus ó Chathair Pheadair go Tallinn na hEastóine a bhféadfadh saoránaigh Éireannacha spéis a léiriú ann. Is féidir eolas ar an mbealach seo a fháil anseo:

https://luxexpress.eu/en/routes/st-petersburg-tallinn/

Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil sé i gceist acu teacht thar tír chuig tíortha máguaird an AE féachaint ar an gcomhairle taistil a bhaineann leis na tíortha sin sula gcuireann siad ticéid in áirithe (www.dfa.ie/travel) agus a chinntiú go gcloíonn siad leis na riachtanais iontrála maidir le COVID-19.

Saoránaigh san Úcráin

Más náisiúnach Éireannach thú atá san Úcráin, cláraigh do chuid sonraí anseo le do thoil agus coinnigh súil ar an gcomhairle taistil, a dhéantar a uasdátú go rialta:

https://www.dfa.ie/ie/taisteal/comhairle-taistil-de-reir-tire/a-z-liosta-na-dtiortha/an-ucrain/

Taisteal go Cónaidhm na Rúise

Rinne Rialtas na Rúise bearta coisctheacha agus srianta ar thaisteal a thabhairt isteach d’fhonn leathadh COVID-19 a laghdú laistigh dá cuid teorainneacha. Déantar na bearta seo a uasdátú go rialta agus féadfaidh siad athrú ar gearrfhógra. Molann muid do na paisinéirí isteach ar fad seiceáil go rialta lena ngníomhaire taistil agus/nó aerlíne, agus suíomh gréasáin Ambasáid na Rúise i mBaile Átha Cliath a sheiceáil le cinntiú go bhfuil an t-eolas is cothrom le dáta acu.

Éilítear ar gach saoránach eachtrach a thagann isteach sa Rúis faoi láthair (paisinéirí idirthurais san áireamh) teastas leighis a chur ar fáil lena léirítear toradh diúltach le haghaidh COVID-19 laistigh den 48 uair an chloig roimhe sin. Ní foláir nó gur tástáil PCR atá sa tástáil agus ní foláir nó go bhfuil an deimhniú i mBéarla nó i Rúisis agus an t-am agus an dáta ar a ndearnadh an tástáil le feiceáil go soiléir air. Éilítear ar shaoránaigh eachtracha foirm aimsithe paisinéara speisialta a chomhlánú freisin le linn na heitilte chun na Rúise mar choinníoll iontrála. Féadfaidh sé tarlú go n-iarrfar ar shaoránaigh eachtracha tástáil randamach COVID-19 a dhéanamh san aerfort ar theacht isteach sa Rúis dóibh.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Tugtar comhairle do shaoránaigh Éireannacha a bheidh ag taisteal chun na Rúise cloí le bailíocht víosa na Rúise dá gcuid. Má fhanann tú fiú cúpla uair an chloig níos faide ná mar atá údaraithe sa víosa d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ina dtoradh air sin agus d’fhéadfaí thú a thabhairt os comhair cúirte, agus fíneáil agus smachtbhanna taistil de suas le cúig bliana a ghearradh ort.

Tugadh córas ríomh-víosa gearrchuairte (8 lá ar a mhéad) isteach do náisiúnaigh ó 53 thír, Éire san áireamh, ar mian leo taisteal chuig Cathair Pheadair agus an réigiún máguaird https://electronic-visa.kdmid.ru/spb_home_en.html. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a thabhairt faoi deara nach bhfuil na víosaí sin bailí ach le haghaidh taistil chuig réigiún Chathair Pheadair (Leningrad Oblast) agus laistigh de agus nach bhfuil siad bailí le haghaidh taistil chuig an chuid eile den Rúis.

Tugadh córas víosaí leictreonacha cosúil leis isteach do réigiún Kaliningrad http://electronic-visa.kdmid.ru/klgd_home_en.html.

Féadfaidh cur chuige ginearálta Rialtas na Rúise maidir le COVID-19 a chosc tionchar a imirt ar na cláir bhreise víosa seo.

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a chinntiú go dtagann an t-ainm ar a víosa go díreach leis an ainm ar a bpas. Diúltófar iontráil chun na Rúise mar thoradh fiú ar dhifear beag sa litriú. Ní bheidh an Ambasáid in ann aon chúnamh a sholáthar i gcásanna mar sin.

Féach Comhairle Taistil na Roinne chun eolas a fháil maidir leis an Úcráin. Molann an Ambasáid go láidir gan aon taisteal a dhéanamh chuig na réigiúin a roinneann teorainn leis an Úcráin, de bharr na coinbhleachta gníomhaí.

Mar gheall ar an gcás míshocair sa réigiún Chugais Thuaidh, molaimid go láidir in aghaidh taistil chun na Seisnia, chun na hIongúiséite, chun na Dagastáine agus chuig ceantair thoir agus theas Stavropol Krai a bhfuil teorainneacha acu leis an tSeisnia agus leis an Dagastáin, agus réigiúin Budyonnovsky, Levkumsky, Neftekumsky, Stepnovsky agus Kursky san áireamh.

Molaimid freisin in aghaidh taisteal neamhriachtanach ar bith chun na hOiséite Thuaidh, chuig réigiún Caraicíoch-an tSiorcás agus chun na Cabairdín-Bhalcáire (agus réigiún Elbrus san áireamh). Tá sceimhlitheoireacht agus fuadach ina rioscaí sna limistéir sin.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i gCónaidhm na Ruise trí scairt a chur ar 112.

Ba cheart d’aon saoránaigh Éireannacha a chónaíonn in Éirinn de ghnáth agus atá ag iarraidh cúnaimh maidir le taisteal abhaile teagmháil a dhéanamh leis an ambasáid.

Moltar do shaoránaigh Éireannacha a chónaíonn sa Rúis clárú leis an ambasáid, mura bhfuil sé sin déanta acu cheana féin, ar shaoráid cláraithe taistil na Roinne.  

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitiúil

Reáchtáladh toghcháin uachtaránachta i 2012. Tionóladh slógaí polaitiúla roimh an toghchán agus lean siad ar aghaidh ó am go chéile ó shin. Ba chóir duit seiceáil leis na meáin áitiúla chun an t-eolas is deireanaí a fháil, bheith aireach i gcónaí agus aon cheantair ina bhfuil agóidí móra pleanáilte nó ar siúl a sheachaint.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ard ón sceimhlitheoireacht i gCónaidhm na Rúise, lena n-áirítear buamáil fhéinmharaithe in áiteanna poiblí, mar sin bí cúramach agus aireach in áiteanna poiblí. Is i Moscó agus sa Réigiún Cugais Thuaidh is minice a tharla na hionsaithe.

Tharla na heachtraí seo a leanas i gCónaidhm na Rúise le blianta beaga anuas:

  • On 5 October 2014 a suicide bomber detonated explosives in Chechnya’s capital Grozny, and further attacks took place there on 5 December.
  • There have been three bombings in the city of Volgograd in 2013. The first occurred on 21 October 2013 and targeted a public transport bus. Seven people were killed. The second attack occurred on 29 December 2013 at the main Volgograd train station, and was quickly followed by the third attack, again on a public transport bus, that occurred on 30 December 2013. At least 34 people were killed in these two attacks, with many more injured.
  • Ar 19 Iúil 2012, gortaíodh Mufti Kazan i mbuama i ngluaisteán i Kazan. Lámhachadh agus maraíodh a iar-fhear ionaid iKazanníos luaithe an lá sin.
  • Ar 24 Eanáir 2011, phléasc buama san ionad teacht isteach idirnáisiúnta in Aerfort  Domodedevo i Moscó. Maraíodh breis agus 30 duine agus gortaíodh cuid mhór eile.

Grianghrafadóireacht

Tá cosc ar ghrianghraif a thógáil d’aon ionad míleata nó láithreán a bhfuil tábhacht straitéiseach leis; áirítear anseo aerfoirt agus stáisiúin mheitreo. Is é is dóigh go mbainfear a gceamaraí de dhaoine a sháraíonn an riail seo, go gcoinneofar iad lena gceistiú agus d’fhéadfadh go ngabhfaí iad.

Coiriúlacht

Éiríonn go maith le formhór mór na gcuairteanna ar Chónaidhm na Rúise. Ba chóir duit, áfach, a bheith airdeallach i gcónaí agus súil a choinneáil amach freisin do pheasghadaithe agus don choiriúlacht sráide, go háirithe i gcathracha móra.

  • You must carry your passport and migration card at all times in the Russian Federation. We would advise you to keep your passport in a safe place on your person, and not to leave it in jacket pockets or in handbags and/ or backpacks in case of theft. You should also leave a copy of your passport, visa, and travel and insurance documents with family or friends at home.
  • Má stopann póilíní tú lorg ID/Comhartha Céannachta i gcónaí
  • Tarlaíonn ionsaithe atá spreagtha ag an gciníochas ag buíonta ciníocha sa Rúis. Más de bhunú na hÁise, na hAfra-Chairibí nó deisceart na hEorpa tú moltar duit cúram breise a dhéanamh. Tá a fhios gur tharla na hionsaithe seo ar nó thart ar an 20 Aibreán (lá breithe Hitler).
  • Seachain earraí costasacha a iompar go hoscailte, nó aon rud a thabharfadh le fios gur turasóir tú. Ná bíodh suimeanna móra airgid á dtaispeáint agat go poiblí agus ná húsáid ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do ghnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach. Úsáideann gadaithe, a dhíríonn go sonrach ar thurasóirí, ceantair ghnóthacha, mar stáisiúin traenacha, go háirithe i gCathair Pheadair,
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse agus socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Drink-spiking leading to robbery, violence and/or abuse does happen. Unconscious victims are often left outside, which can be life threatening in the winter months. Buy your own drinks and keep sight of them at all times.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i gCónaidhm na Rúise, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Moscó má bhíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint i gCónaidhm na Rúise ba chóir duit a bheith an-chúramach. Féadfaidh an geimhreadh crua ó Shamhain go Márta drochbhail a chur ar bhóithre, go háirithe lasmuigh de bhailte agus de chathracha.

Más mian leat tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána iomlán Éireannach agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort má bheirtear ort. Tá polasaí neamhfhulaingthe ar thiomáint faoi thionchar an óil i gCónaidhm na Rúise
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Chónaidhm na Rúise, teorainneacha luais mar shamplas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Coisithe

Féadfaidh cosáin a bheith thar a bheith oighreata i rith míonna crua an gheimhridh mar sin tá bróga maithe siúil ríthábhachtach.

Tacsaithe

Más mian leat taisteal i dtacsaí agus tú i gCónaidhm na Rúise moltar duit seirbhís tacsaí oifigiúil a chur in áirithe trí d’óstán agus praghas an turais a shocrú roimh ré.

Sábháilteacht Aeir

Má tá sé i gceist agat taisteal go dtí nó laistigh de Chónaidhm na Rúise, seachain an taisteal ar aerlínte atá faoi chosc oibríochta an AE.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionóis throma ar úsáid neamhdhleathach drugaí (cuma cén druga é), lena n-áirítear tréimhsí príosúin fada faoi dhrugaí a bheith i do sheilbh.

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas dlíthiúil sa Rúis, ach tá méid áirithe éadulaingthe fós i measc daoine áirithe den daonra; bí cúramach maidir le taispeántais phoiblí geana.  Tháinig dlí a chuireann cosc ar “chaidreamh gnéis neamhthraidisiúnta” i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2013; níl sé soiléir cén chaoi an gcuirfear an dlí i bhfeidhm, ach áiríonn sé pionóis níos déine do dhaoine nach as an Rúis iad lena n-áirítear  gabháil, fíneálacha agus díbirt.

Customs

You can import up to 10,000 US dollars (or equivalent) into the country and export foreign currency up to the equivalent of 10,000 US dollars from Russia without declaring it.

If you complete a declaration make sure the form is stamped by a Customs official at your port of entry, otherwise your foreign currency and non-declared items may be confiscated when you leave Russia and you may be fined.

There are strict regulations governing the export from Russia of antiques, icons, medals, artwork and other items of historical significance. This includes modern art and even posters if they are particularly rare or valuable. You must get approval from the Ministry of Culture.

For further information visit the website of the Russian Federal Customs Service.

Dual nationality

Legislation came into force on 4 August 2014 regarding Russian nationals who are also citizens of other countries. Russian passport holders must inform the Russian authorities of the other passports they hold. If you hold both Irish and Russian citizenship you should take legal advice and/ or contact the relevant Russian authority (the nearest Russian Embassy if you are not in Russia or your local Migration office if you are in Russia) to find out how the legislation might impact you.

Passport validity

Your passport should be valid for a minimum period of 6 months after the expiry date of your visa.

Sláinte

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Aeráid

Tá an geimhreadh sa Rúis, idir Samhain agus Márta, an-dian. Cuma an ag tiomáint nó ag taisteal de shiúl na gcos, moltar do chuairteoirí a bheith aireach ag an am seo bliana.

Tuile

Meastar go bhfuair breis agus 170 duine bás de bharr tuile i réigiún Krasnodar, go háirithe i gcathair Krymsk, in iardheisceart na Rúise an 7 Iúil 2012. Féadfaidh tú tuilleadh eolais agus comhairle a fháil ar láithreán gréasáin na hAireachta um Staideanna Éigeandála.

Crith talún

Tar éis an chreatha talún a bhuail an tSeapáin ar 11 Márta 2011 agus a rinne damáiste do mhonarcha núicleach Fukushima, leanann Aireacht na Rúise um Éigeandálaí uirthi ag déanamh monatóireachta ar leibhéil radaíochta i gceantair Sakhalin, Khaborsky agus Primorsky. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar láithreán gréasáin na hAireachta um Staideanna Éigeandála.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Víosaí

Bíonn ar shaoránaigh Éireannacha víosa a bheith acu agus iad ag taisteal go dtí Cónaidhm na Rúise. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar do víosa ar líne agus moltar duit é a dhéanamh chomh luath agus is féidir agus cinntigh go bhfuil do dhoiciméid comhlánaithe de réir na dtreoirlínte ar an láithreán gréasáin. Moltar duit go láidir freisin gan fanacht thar thréimhse do víosa.

Cártaí imirce

De ghnáth iarrfar ort cárta imirce a chomhlánú ar an eitleán sula sroicheann tú Cónaidhm na Rúise. Nó b’fhéidir go n-iarrfaí ort cárta imirce a chomhlánú ar Rialú Pasanna ag aerfoirt áirithe a shroicheadh.

Tugtar cuid amháin den chárta isteach chuig Inimirce ar shroicheadh duit agus caithfidh tú an chuid eile den chárta a choinneáil i rith thréimhse do chuairte i gCónaidhm na Rúise – beidh ort é a thaispeáint agus tú ag seiceáil isteach in óstáin agus tú ag fágáil Chónaidhm na Rúise agus/nó má lorgaíonn na póilíní cruthúnas céannachta.

Caithfidh tú cárta imirce nua a chomhlánú gach uair a théann tú isteach i gCónaidhm na Rúise, fiú má bhíonn víosa iliontrála agat. Má chailleann tú do chárta imirce d’fhéadfaí go gcuirfí moill ort ag fágáil Cónaidhm na Rúise duit agus d’fhéadfaí go gcuirfí fíneáil ort.

Clárú

Caithfidh tú do láithreacht i gCónaidhm na Rúise a chlárú freisin má fhanann tú níos mó ná seacht lá. Má tá tú ag fanacht in óstán ba chóir don óstán é seo a eagrú duit. Má tá tú ag fanacht i gcóiríocht phríobháideach caithfidh úinéir na réadmhaoine tú a chlárú ag an mbrainse is cóngaraí den tSeirbhís Imirce Chónaidhme (SIC).

Pasanna

Caithfidh tú do phas agus do chárta imirce a bheith ar iompar agat an t-am ar fad agus tú i gCónaidhm na Rúise.

Le tuilleadh eolais ar riachtanais iontrála/fágála agus eolas inimirce don Rúis déan teagmháil le do thoil le Ambasáid Chónaidhm na Rúise in Éirinn.

Sláinte

Má tá tú chun taisteal go dtí Cónaidhm na Rúise ba chóir duit comhairle liachta a fháil agus a chinntiú go bhfuil na vacsaínithe iomchuí faighte agat. 

Áiseanna liachta

Tá cros ghlas marcáilte ar chógaslanna, mar atá in Éirinn, agus i lár Mhoscó agusSt Petersburg, feidhmíonn a bhformhór ar bhonn 24 uair an chloig.

Uisce

Ni féidir uisce buacaire a ól ar fud Chónaidhm na Rúise ach tá uisce mianraí buidéalaithe ar fáil go forleathan.

Baincéireacht

Is é an rúbal an t-aonad airgeadra sa Rúis. Más mian leat rúbail a cheannach sa tír moltar duit euro nó dollair Mheiriceá a thógáil leat le malartú. Tabhair ar aird le do thoil:

  • Ba chóir bail mhaith a bheith ar na nótaí go léir
  • Ní cóir duit airgead a mhalartú ach i mbainc, in óstáin agus i mbotháin mhalartaithe aitheanta
  • Beidh ort do phas agus do víosa a thaispeáint le hairgead a mhalartú
  • Is coir é airgead a mhalartú le trádálaithe sráide
  • Tá sé neamhdhleathach íoc go díreach le dollair nó le euro
  • Glacann formhór na n-óstán, na mbialann agus na siopaí móra le cártaí creidmheasa ach ní ghlacann siopaí níos lú leo. Tá ATManna i bhformhór na gcathracha móra
  • Ní ghlactar le seiceanna taistil go forleathan

 

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out-of-hours service for Irish citizens requiring emergency assistance. If you are in need of emergency assistance, please ring the Embassy Duty Officer at +7 495 937 5911

Embassy of Ireland to the Russian Federation
Grokholski Perulok 5
Moscow 129010
Russia

Tel: +7 495 937 5911
Fax: +7 495 680 0623

Monday to Friday 09:30-13:00 and 14:30-17:30

Contact us