Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Cúba, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Cúba

Má tá tú ag taisteal go Cúba, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal go Cúba

Is féidir le nascacht le Cúba a bheith teoranta, go háirithe le linn COVID-19, agus ba cheart do phaisinéirí a gcúrsa taistil agus pleananna taistil a leagan amach go cúramach.

Faoi láthair, ní gá do chuairteoirí ar Chúba cruthúnas ar vacsaíniú ná tástáil dhiúltach PCR a chur ar fáil chun teacht isteach sa tír. Is gá do chuairteoirí foirm dhearbhaithe ar líne a chomhlíonadh. Tá bearta sláinte poiblí lena n-áirítear tástáil PCR spotseiceála san aerfort agus caitheamh masc i bhfeidhm fós.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh na treoirlínte seo athrú, agus moltar duit foinsí oifigiúla rialtais a leanúint le haghaidh nuashonruithe. An Aireacht Sláinte: https://salud.msp.gob.cu/ (is ar an leagan Spáinnise den suíomh gréasáin atá an t-eolas is cothrom le dáta).

Tá roinnt beart COVID-19 i bhfeidhm i gCúba go fóill, lena n-áirítear scaradh sóisialta, masc aghaidhe a chaitheamh go poiblí, agus gnóthaí srianta gnólachtaí agus spásanna poiblí. Ba cheart duit cloí leis na srianta i gcónaí agus comhairle ó na húdaráis áitiúla a leanúint. Beidh soghluaisteacht éagsúil ó chúige go cúige, ag brath ar éabhlóid na paindéime, agus féadfaidh cur isteach ar roghanna iompair áitiúla agus idirchúige, chomh maith le cuirfiúnna, a bheith i gceist mar thoradh air.

Má bhíonn comharthaí sóirt COVID-19 ort, ba cheart duit dul i dteagmháil le clinic áitiúil láithreach.

Taisteal SA

I Mí Eanáir 2021, d’ainmnigh na Stáit Aontaithe Cúba ina Stát Urraithe Sceimhlitheoireachta (tá níos mó eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin Roinn Stáit na SA anseo). Níl taistealaithe a thug cuairt ar thír a ainmníodh ina Stát Urraithe Sceimhlitheoireachta incháilithe a thuilleadh chun páirt a ghlacadh sa Chlár um Tharscaoileadh Víosa (ESTA), gan ach eisceachtaí teoranta ann do thaisteal oifigiúil, agus caithfidh siad cur isteach ar víosa chun dul isteach sna Stáit Aontaithe. Maidir le Cúba, baineann sé seo le taisteal i ndiaidh an ainmnithe ar an 11 Eanáir 2021. Má tá amhras ort faoi d’incháilitheacht le haghaidh ESTA, molann muid duit cur isteach ar víosa SA in am trátha trí Ambasáid na SA i mBaile Átha Cliath nó in ambasáid nó consalacht eile de chuid na SA.

Caithfidh aon duine a théann go Cúba ó na Stáit Aontaithe, beag beann ar shaoránacht ná náisiúntacht (saoránaigh Éireannacha san áireamh), cloí le rialacháin SA maidir le taisteal go Cúba. Coisceann dlí na SA taisteal go Cúba ar chúiseanna turasóireachta. Ceadaítear taisteal go Cúba ó SAM faoi 12 catagóir. Le haghaidh tuilleadh eolais féach suíomh gréasáin Roinn Státchiste na SA agus comhairle taistil maidir le Cúba de chuid Roinn Stáit na SA. Féach Cód na Rialachán Cónaidhme 31 C.F.R. 515.560 agus ceisteanna coitianta Oifig um Rialú Sócmhainní Eachtracha (OFAC) Státchiste na SA.

Comhairle Taistil Ghinearálta 

De ghnáth maireann an séasúr spéirlingí ó Mheitheamh go deireadh na Samhna gach bliain agus féadann sé freisin oirthear agus deisceart SAM a bhualadh le báisteach throm, tuilte, agus gaotha an-ard.

Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil sé ar intinn acu a bheith sa réigiún atá buailte le linn na tréimhse seo machnamh a dhéanamh ar an ngá le taisteal bunaithe ar eolas maidir le réamh-mheastacháin ar adhaimsir. Déan monatóireacht i gcónaí ar nuashonraithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí féachaint ar chainéal na haimsire (the Weather Channel) nó suíomh gréasáin an US National Hurricane Centre.

Sula dtaistealaíonn tú go Cúba, caithfidh árachas taistil cuimsitheach a bheith agat a chlúdóidh gach costas leighis thar lear, meastóireacht leighis san áireamh, do do chuairt ar fad. Beidh ort cóip de d’árachas a thaispeáint ar theacht isteach duit. I gcásanna eisceachtúla, féadann tú polasaí a fháil ó chomhlachtaí árachais i gCúba ag calafort do theacht isteach. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar shuíomh gréasáin (Spáinnise) Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chúba.

Moltar do chuairteoirí a ndóthain maisc aghaidhe agus glóthach fhrithbhaictéarach a thabhairt leo, chomh maith le haon earra eile a fhéadfaidh cosc a chur roimh scaipeadh. Chomh maith leis na hearraí seo, moltar do chuairteoirí a soláthar féin de leigheas nó earraí riachtanacha eile a thabhairt leo mar ní bhíonn siad ar fáil i gcónaí. 

Ba cheart do gach cuairteoir a chinntiú go sásaíonn siad na riachtanais chuí iontrála do Chúba, go háirithe sealbhú “Chárta an Turasóra”. Chomh maith le comhairle ó d’aerlíne nó ó d’oibritheoir taistil a fhéadfaidh a bheith ábalta é seo a chur ar fáil, tá níos mó eolais maidir leis an gcárta ar fáil ón Ambasáid Chúbach in Éirinn. (http://misiones.minrex.gob.cu/en/ireland/consular-services#visa_turismo). Ba cheart do dhéshaoránaigh (Éireannach-Cúbach) dul i dteagmháil leis an Ambasáid Chúbach le haghaidh comhairle maidir le riachtanais iontrála sula dtugann siad faoi thaisteal.

Is cabhair chonsalachta de bharr deacrachtaí a bhaineann le cártaí dochair/creidmheasa/meaisín bainc a úsáid agus airgead a mhalartú is minice a bhíonn ag teastáil ó shaoránaigh Éireannacha i gCúba. Mar sin, ba cheart do gach cuairteoir ar an oileán na réamhchúraimí cuí a ghlacadh maidir le hairgead, agus iad féin a ullmhú mar is ceart do chás éigeandála le linn taistil, lena n-áirítear na cúlchistí riachtanacha a thabhairt leo agus árachas taistil cuimsitheach a thógáil amach ó ghnólacht chreidiúnach.

Is é an Peso Cúbach (CUP nó moneda nacional) an t-aon airgead dlíthairgthe i gCúba. Ba cheart do chuairteoirí airgead tirim a thabhairt leo (e.g.: Euro) go Cúba, agus bureauanna de change (Cadecas) creidiúnacha, a n-óstán nó banc a úsáid chun an t-airgead seo a mhalartú. Féadfaidh óstáin, beáir, agus bialanna príobháideacha glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim in airgeadra eachtrach.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalach Éireannach i gCúba, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Mar sin féin, má tá cás éigeandála ann, nó má tá cabhair agus comhairle uait, is féidir leat dul i dteagmháil le hAmbasáid na hÉireann i Meicsiceo ag +52 55 5520 5803.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht i gCúba íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Bíonn formhór na gcuairteanna ar Chúba saor ó thrioblóid atá tá an ráta coiriúlachta ag dul i méid agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Rud a tharlaíonn go coitianta is ea go ngoidtear nithe ó mhálaí taistil agus bagáiste á láimhseáil in aerfoirt nuair a thagann agus sula n-imíonn eitiltí. Ba chóir duit na nithe luachmhara uile a thógáil amach, na cásanna a chur faoi ghlas agus smaoinigh iad a chrapchlúdach roimh sheiceáil isteach.

Tarlaíonn mionchoiriúlacht mar pheasghadaíocht agus goid málaí, go háirithe ar iompar poiblí, ar bhusanna idirchathracha agus i mórcheantair turasóireachta mar Shean-Havana, El Centro, Vedado agus an Malecon, chomh maith le tránna Playa de Este agus Varedero. Ba chóir duit na réamhchúraim riachtanacha a dhéanamh má tá tú i Centro Havana san oíche agus tóg tacsaí go dtí do chuid cóiríochta seachas siúl ann, fiú mura bhfuil sé ach cúpla bloc uait.

Tarlaíonn gadaíocht ó chóiríocht óstáin agus tithe lóistín. Moltar duit a chinntiú go bhfuil nithe luachmhara á gcoimeád slán agus cúram a dhéanamh i gcónaí.

Coiriúlacht thromchúiseach

Tá líon na n-eachtraí coiriúlachta agus mugála i Havana, Santiago agus i gceantair eile nach mbíonn an oiread turasóirí iontu ag dul i méid. Tá eachtrannaigh le carranna fruilithe ionsaithe trí phoill a chur ar bhoinn d'aon ghnó agus ag síobairí bréige. Ná tabhair síob do dhaoine. Má thagann poll ar bhonn in áit uaigneach, tiomáin ar aghaidh ar feadh roinnt ciliméadar, b'fhearr duit dul chomh fada le baile, sula stopfaidh tú.

Pas caillte nó goidte

Coinnigh do chuid cáipéisí taistil slán i gcónaí mar má chailltear nó má ghoidtear do phas, tá sé in ann suas le dhá sheachtain ceann athsholáthair a fháil. Coinnigh fótachóipeanna de do phas mar go mbeidh sé níos éasca pas athsholáthair a fháil má bhíonn tú in ann cóip den cheann a cailleadh nó a goideadh a chur ar fáil.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i gCúba, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i gCúba, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá caighdeáin thiomána athraitheach. Ní choinnítear feithiclí i riocht maith, feithiclí iompair phoiblí san áireamh, agus tá drochsholas agus droch-chomharthaíocht ar bhóithre. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Chúba, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Fainic rothaithe, linntreoga agus carranna a stopann gan choinne le síobairí a phiocadh suas

Timpistí tráchta

Is dócha go mbeidh tú faoi choinneáil má bhíonn baint agat le timpiste, is cuma cé is cúis leis. Má tharlaíonn timpiste tráchta ina maraítear nó ina ngortaítear duine, d'fhéadfadh imscrúdú na bpóilíní roinnt míonna a thógáil, agus de ghnáth ní ligtear don tiománaí Cúba a fhágáil lena linn sin. D’fhéadfaí an tiománaí a chur i bpríosún le linn na moille sin i roinnt cásanna.

Iompar Poiblí

  • Ná húsáid ach tionscnóirí turas bunaithe agus tacsaithe rialáilte
  • Seachain móipéidí nó Coco-Tacsaithe a úsáid le taisteal timpeall Chúba

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

Caithfidh tú céannacht phearsanta ar nós pas a bheith ar iompar agat an t-am ar fad i gCúba, agus d’fheadfaí tú a chur faoi choinneáil mura bhféadfaidh tú a thaispeáint do na húdaráis nuair a iarrtar é. Moltar duit fótachóipeanna de na leathanaigh ábhartha i do phas a bheith ar iompar agat agus an pas bunaidh a choimeád in áit shábháilte.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá Cúba á úsáid níos mó agus níos mó mar thír idirthurais do dhrugaí atá ar a mbealach chun na hEorpa. Faoi dhlí Chúba, féadfar pionós an bháis a ghearradh agus tá pionóis ghéara á ngearradh sna cúirteanna (níos mó ná fiche bliain) maidir le gach cion a bhaineann le drugaí. Seachain aon teagmháil le drugaí coiscthe. Pacáil do chuid málaí taistil uile tú féin agus ná déan nithe nach leat iad a iompar isteach ná amach as an tír.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Spéirlingí

Maireann an séasúr spéirlingí i gCúba ó Mheitheamh go deireadh na Samhna. D’fhéadfaí cur isteach ar iompar, fóntais, cúram éigeandála agus liachta, chomh maith le soláthairtí bia, breosla agus uisce le linn an ama sin. Déan monatóireacht ag nuashonruithe aimsire don réigiún, idir áitiúil agus idirnáisiúnta, trí rochtain a fháil ar Chainéal na hAimsire, nó ar láithreán gréasáin Ionad Spéirlingí Náisiúnta na Stát Aontaithe.

Má tá sé i gceist agat taisteal go Cúba sa séasúr spéirlingí, fág cóip mhionsonraithe de do chuid pleananna taistil le duine den teaghlach nó le cara. Ba chóir duit clárú freisin le hAmbasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo.

I gcás  spéirling a bheith ag déanamh ar Chúba, d'fhéadfadh moill a bheith eitiltí isteach agus amach as an tír nó go gcuirfí ar fionraí iad agus de bhrí go bhfhéadfadh eitiltí a bheadh ar fáil líonadh suas go tapa déan teagmháil le d’aerlíne don eolas is déanaí maidir le heitiltí a fháil. 

D’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag spéirling ar rochtain ar chalafoirt sa réigiún.

D'fhéadfadh nach mbeadh dídean leordhóthanach ó dhrochspéirling ar fáil  i roinnt ceantar dóibh siúd a shocraíonn fanacht. Ba chóir duit eolas a chur ar pleananna aslonnaithe d’óstáin nó long cúrsála agus do dhídean áitiúil a fháil amach. Bíodh do chuid cáipéisí taistil ar iompar agat i gcónaí (i.e. pas, pictiúir chéannachta) nó cuir i dtaisce iad in áit shábháilte agus uiscedhíonach. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le cairde nó daoine den teaghlach in Éirinn le cur in iúl dóibh go bhfuil tú sábháilte.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out of hours service for Irish citizens requiring emergency assistance on weekends and public holidays.

If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +52 55 5520 5803.

Embassy of Ireland
Goldsmith 53
Piso 4
Polanco
Miguel Hidalgo,
Ciudad de México,
México

Tel: +52 55 5520 5803

Monday to Friday 09:30 to 13:30

Contact us