Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Éimin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Éimin

Má tá tú ag taisteal go hÉimin, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus gnásanna áitiúla
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Éimin nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Níl aon Ambasáid ná Consalacht ag Éire in Éimin agus mar sin ní féidir linn comhairle taistil mhionsonraithe a fhíorú lena chinntiú go bhfuil sí cruinn, cuí agus cothrom le dáta.

Má chinneann tú dul ann, moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Éimin sula dtéann tú ann. Chomh maith leis an eolas ar an leathanach seo, tá naisc chuig tuilleadh comhairle taistil ó aireachtaí eachtracha eile le fáil sa rannán Eolas Breise.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann in Éimin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála.

Áitiúil

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má tharlaíonn éigeandáil nó má bhíonn cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl Fhoréigneach

Tá an staid pholaitiúil in Éimin thar a bheith neamhchobhsaí le caismirtí foréigneacha leanúnacha agus bagairt leanúnach sceimhlitheoireachta, fuadaigh agus foréigin idir threibhigh. Cuir tú féin ar an eolas ar an méid atá ag tarlú thart ort trí bhreathnú ar na meáin áitiúla agus fanacht i dteagmháil le d’óstán nó le d’eagraí turas.

Má bheartaíonn tú cuairt a thabhairt ar an tír, ba chóir duit léirsithe agus cruinnithe móra daoine, atá in ann a bheith achrannach uaireanta, a sheachaint agus fan amach ó láithreáin míleata – d’fhéadfadh sé go bhfuil cosc ar ghrianghraif a thógáil de shuiteálacha míleata nó slándála, agus roinnt foirgneamh poiblí nó in gar dóibh fiú.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ard sceimhlitheoireachta in Éimin agus tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Fuadach

Tá fuadach ina fhadhb agus d’fhéadfaí go ndíreofaí ar náisiúnaigh choigríche. Mar sin, ní mór duit a bheith an-chúramach agus tú ag taisteal in Éimin:

  • Faigh comhairle ó do theagmhálacha áitiúla maidir le sábháilteacht
  • Ná taisteal san oíche, go háirithe idir cathracha
  • Ná taisteal i d’aonair
  • Cinntigh go bhfuil do dhoirse faoi ghlas agus tú ag tiomáint
  • Bíodh na bealaí agus na hamanna a n-imíonn tú éagsúil – seachain patrúin a d’fhéadfaí a rianú 
  • Tabhair aird ar na meáin áitiúla le haghaidh tuairiscí maidir le gníomhaíochtaí fuadaigh

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint in Éimin, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá fíor-dhrochbhail ar fhormhór na mbóithre, go háirithe lasmuigh de na bailte agus na cathracha. Tarlaíonn timpistí go minic mar gheall ar dhrochthiomáint, feithiclí nach bhfuil cothabháil déanta orthu agus soilsiú neamhdhóthanach.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Seiceáil cén cáipéisí a bheidh ag teastáil uait leis na húdaráis
  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Éimin, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr Moslamach

Is tír Ioslamach í Éimin ba chóir go mbeadh meas agat ar na traidisiúin, gnásanna, dlíthe agus creidimh áitiúla. Ba chóir duit éadach coimeádach a chaitheamh, bí airdeallach ar do ghníomhaíochtaí agus bí cúramach nach maslaíonn tú cultúir nó creidimh eile, go háirithe nuair a bhíonn Ramadan nó féilte beannaithe eile ar siúl, nó má tá sé beartaithe agat cuairt a thabhairt ar limistéir bheannaithe. Ní chóir duit alcóil a ól go poiblí.

Le linn Ramadan, níl cead ag Moslamaigh a bheith ag ól, ag ithe nó ag caitheamh tobac go poiblí idir éirí agus luí na gréine.  Níor cheart duit ithe, ól nó tobac a chaitheamh go poiblí le linn an ama sin ar fhaitíos go mhaslófá daoine.

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas in aghaidh an dlí in Éimin.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Eolas Breise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Éimin, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht Éimin is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na tire seo.

Tuilleadh comhairle taistil

Mar gheall nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht againn in Éimin, ní féidir linn comhairle taistil cothrom le dáta a thabhairt ach mar gheall ar chaismirtí foréigneacha leanúnacha agus bagairt leanúnach sceimhlitheoireachta, fuadaigh agus foréigin idir threibhigh, molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála gan taisteal go hÉimin ag an tráth seo.

Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar na haireachtaí eachtracha seo a leanas, áfach, chun eolas níos mionsonraithe a fháil:

Embassy contact

Embassy Contact

If you are an Irish citizen and require emergency out of hours assistance you can contact the Duty Officer at +966 550 543 386.

If your call is not answered or you are unable to make a voice call please send a text message with your name, contact information for you and your sponsor and details of your emergency. The Duty Officer will respond to you as soon as possible.

Embassy of Ireland
Diplomatic Quarter
Riyadh
Saudi Arabia

Tel: +966 11 488 2300
Fax: + 966 11 488 0927

Sunday to Thursday 09:00-11:00

Contact us