Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Guáin na Fraince, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Guáin na Fraince

Má tá tú ag taisteal go Guáin na Fraince, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chuig Guáin na Fraince

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chuig Guáin na Fraince ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i nGuáin na Fraince ach scairt a chur ar (112):

  • Póilíní – 17
  •  Otharcharr – 15
  •  Briogáid Dóiteáin – 18

Má tá cás éigeandála ann, nó má tá cabhair agus comhairle de dhíth ort, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nAmbasáid i bPáras ar +331 44176700 nó lenár nAonad um Chabhair Chonsalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353-1-408 2000.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.

Cógas

Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Muna bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tír seo, lena n-áirítear víosa agus aon eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre is cóngaraí.

D’fhéadfá cé chomh fada nár mór do do phas a bheith bailí a sheiceáil leo chomh maith.

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 0033(0) 1 44 17 67 00, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox.

This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
12 ave Foch
75116 Paris
(entrance 4 rue Rude)
France

Tel: +331 44176700
Fax: +331 4417 6750

Monday to Friday 09:30am - 12:00pm

Contact us