Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Guatamala, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Guatamala

Má tá tú ag taisteal go Guatamala, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Féadfaidh tionchar a bheith ag báisteach ar roinnt réigiúin turasóireachta i rith shéasúr na báistí (Mí an Mheithimh go Mí na Samhna). Ba cheart do chuairteoirí monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus dul i gcomhairle lena gcomhlacht taistil agus PROATUR de bhrí gur dócha go gcuirfear isteach ar bhealaí taistil. Ba cheart do chuairteoirí monatóireacht a dhéanamh ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta ón Eagraíocht Mheitéareolaíochta Dhomhanda agus an Ionad Náisiúnta Hairicíní na Stát Aontaithe, agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Taisteal chun Guatamala

Taisteal chun Guatamala

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun Guatamala ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.

Téigh i dteagmháil leis an Ambasáid Ghuatamala is gaire chun eolas ar cheanglais imirce eile agus cáipéisíocht a fháil, nithe a bhféadfadh a bheith ag teastáil uait sula dtaistealófar.

Moltar do shaoránaigh foinsí oifigiúla rialtais a leanúint le haghaidh nuashonruithe:

Comhairle Taistil Ghinearálta

Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le do threoir turais áitiúil nó le lucht bainistíochta an óstáin.  Má tá cás éigeandála ann, nó má tá cabhair agus comhairle uait, is féidir leat dul i dteagmháil le hAmbasáid na hÉireann i Meicsiceo

Féadfaidh náisiúnaigh Éireannacha, faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Chonsalach cabhair a lorg ó Ambasáid nó ó Chonsalacht d’aon Bhallstát an Aontais eile i dtír nach bhfuil Ambasáid na hÉireann nó ionadaíocht bhuan ar Éirinn ann.

Bíonn coireacht agus foréigean forleathan ar fud Ghuatamala, agus d’fhéadfadh riosca a bheith ag gabháil leis na cúrsaí slándála d’eachtrannaigh. Dá bhrí sin, ba cheart duit taighde cuimsitheach a dhéanamh ar do cheann scríbe, agus réamhchúraimí a dhéanamh i ngach cuid de Ghuatamala.

Ba cheart do shaoránaigh eachtrannacha atá ag tabhair cuairt ar Ghuatamala a chinntiú nach sáraíonn siad tréimhse ama a víosaí.

Tarlaíonn séasúr na báistí ó mhí an Mheithimh go mí na Samhna go hiondúil i nGuatamala, rud atá ann ag an am céanna le séasúr na haircíní sa Mhuir Chairib. Is cúis tuillte, sciorradh talún agus bóithre agus droichid atá tar éis titim é báisteach throm ar fud na tíre.

Tá eolas slándála atá cothrom le dáta ar fáil i mBéarla trí Institiúid Turasóireachta Ghuatamala (INGUAT) agus a nArm PROATUR, daoine a chuireann seirbhísí coimhdeachta ar fáil do thurasóirí. Cuireann PROATUR treoir ar fáil do thurasóirí a mbíonn deacrachtaí acu agus iad ag taisteal, nó a bhíonn ina n-íospartach coireachta. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar +502 2290 2810, nó trí an uimhir 1500 a dhiailiú i nGuatamala.

Taisteal idir Meicsiceo agus Guatamala

Molann muid do chuairteoirí ag an teorainn idir Guatamala agus Meicsiceo a bheith an-chúramach. Bíonn cur isteach agus dúnadh coitianta, agus de bharr sin moltar duit seiceáil leis na húdaráis áitiúla sula déanfaidh tú iarracht é a thrasnú. Ba cheart do phaisinéirí gan dul trasna san oíche, agus a bheith an-chúramach ag trasbhealaí teorann coisithe.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Séasúr na hairicíní

Tarlaíonn séasúr na hairicíní ó mhí Iúil go mí na Samhna go hiondúil sa Mhuir Chairib. Ba cheart duit an-aird a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta chomh maith le comhairle a leanúint ó na húdaráis áitiúla. Déan monatóireacht i gcónaí ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí rochtain a fháil ar Chainéal na hAimsire, nó ar shuíomh gréasáin Ionad Hairicíní Idirnáisiúnta de chuid SAM.

Coireacht

Bíonn coireacht agus foréigean forleathan ar fud Ghuatamala, agus d’fhéadfadh riosca a bheith ag gabháil leis na cúrsaí slándála d’eachtrannaigh. Dá bhrí sin, ba cheart duit taighde cuimsitheach a dhéanamh ar do cheann scríbe, agus réamhchúraimí a dhéanamh i ngach cuid de Ghuatamala. Seo a leanas - roinnt réamhchúraim:

  • Ná bíodh do chárta chreidmheasa, ticéid taistil agus airgead tirim in aon áit amháin agat - fág airgead tirim breise agus rudaí luachmhara in áit shábháilte. 
  • Fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le do chairde sa bhaile.
  • Déan iarracht gan suimeanna móra airgid a nochtadh go poiblí agus ná húsáid Uathmheaisíní Bainc agus é dorcha, go háirithe más i d’aonair atá tú. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint agus tú i ndiaidh do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, agus déan socrú go mbaileofar agus go bhfágfar thú chomh gar agus is féidir de bhealach isteach d’óstáin nó d’árasán.
  • Coinnigh súil ghéar ar d’earraí pearsanta agus bíodh greim agat orthu in áiteanna poiblí amhail caiféanna idirlín, agus stáisiúin traenach agus bus.
  • Seachain taisteal i d’aonar, go háirithe i limistéir iargúlta.

Cé go mbíonn dronga áitiúla i gceist le mórchuid na n-eachtraí, féadfaidh coireacht a bheith neamh-idirdhealaitheach agus féadfaidh sé tarlú i limistéir turasóireachta. D’fhéadfaí díriú ar thurasóirí go díreach, nó d’fhéadfaí dochar a dhéanamh orthu agus iad ar an láthair nó ag dul ar an mbealach. Ba cheart duit réamhchúram a dhéanamh agus tú ag taisteal in áiteanna uile na tíre agus ba cheart duit taisteal leat féin a sheachaint san oíche. Seachain camscéimeanna.

Ionsaíodh turasóirí faoi airm a bhí ag taisteal ar an mbóthar/ó phríomhshuíomhanna turasóireachta ar nós Antigua, Tikal, Petén agus Loch Atitlán. Féadfaidh seirbhísí báid idir cathracha ar chladach Loch Atitlán a bheith ina rogha eile atá níos sábháilte.

Níor cheart duit ach tacsaithe raidió nó óstáin a úsáid. Ba cheart duit a bheith faireach agus ar an airdeall, lena n-áirítear úsáid na n-Uathmheaisíní Bainc. Goidtear pasanna agus earraí pearsanta eile go rialta. Ba cheart duit a bheith ar an airdeall go háirithe nuair atá tú ag taisteal ar chórais iompair phoiblí de bharr gurbh fhéidir go ngoidfí málaí a fhágtar sna hurranna os do chionn. Seachain earraí luachmhara a thaispeáint, agus tóg suimeanna beaga d’airgead tirim leat.

Tá eolas slándála atá cothrom le dáta ar fáil i mBéarla trí Institiúid Turasóireachta Ghuatamala (INGUAT) agus a nArm PROATUR, daoine a chuireann seirbhísí coimhdeachta ar fáil do thurasóirí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar +502 2290 2810, nó trí an uimhir 1500 a dhiailiú i nGuatamala.

Tugann PROATUR comhairle faoi na bealaí ar cheart a thógáil agus tú ag taisteal i réigiúin Solalá, Panajachel agus Loch Atitlán agus timpeall orthu. Seachain an seachbhóthar trí Patzun idir Cathair Ghuatamala agus Panajachel. Bain úsáid as an Mórbhealach Pan-Mheiriceánach chuig Solalá ina ionad sin. Ba cheart duit an bóthar a sheachaint idir Cocales (Suchitepequez) agus San Lucas Tolimán (Atitlán), más féidir.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Tóg Aitheantas Fótagrafach leat i cónaí.

Ná bí rannpháirteach i gcúrsaí drugaí d’aon saghas ar shlí ar bith. Bainfear pionóis an-throm as coireanna druga, agus baineann téarmaí príosúnachta an-fhada le ciontuithe – 8-15 bliana.

D’fhéadfaí aird a tharraingt nach bhfuil de dhíth nuair a thugann lánúineacha comhghnéis léirithe geana go poiblí, go háirithe lasmuigh den phríomhchathair, agus ba cheart do thaistealaithe a bheith cúramach maidir leis seo.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Déan gach réamhchúram i dtaca le COVID-19. Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo agus téigh i dteagmháil leis faoi aon imní eile a bhaineann le sláinte.

D’fhéadfaí drogall a bheith ar sholáthróirí seirbhíse leighis Ghuatamala cúram/cóireáil a chur ar fáil murar féidir leat cruthúnas a thaispeáint go bhfuil árachas cuimsitheach leighis agat. Mar sin, is gá duit fianaise de do chumhdach árachais a bheith agat i gcónaí. Sa chás go mbeadh cúram leighis de dhíth ort, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do sholáthróir árachais ar bhonn práinne. Déan cinnte go bhfaightear dearbhú ón riarachán ospidéil go gceadaítear do chumhdach árachais, toisc go bhféadfadh ospidéil áirithe iarradh ort chun íoc roimh ré agus féadfaidh go mbeadh ort éileamh a dhéanamh ar árachas níos déanaí.

Víreas Zika 

Tharla ráigeanna de Víreas Zika (galar a iompraíonn muiscítí, cosúil leis an bhfiabhras deinge) i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas agus sa réigiún Mhuir Chairib. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin  An Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) a leanúint.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Muna bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tír seo, lena n-áirítear víosa agus aon eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre is cóngaraí.

D’fhéadfá cé chomh fada nár mór do do phas a bheith bailí a sheiceáil leo chomh maith.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out of hours service for Irish citizens requiring emergency assistance on weekends and public holidays.

If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +52 55 5520 5803.

Embassy of Ireland
Goldsmith 53
Piso 4
Polanco
Miguel Hidalgo,
Ciudad de México,
México

Tel: +52 55 5520 5803

Monday to Friday 09:30 - 13:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Andres Wyld,
Honorary Consul of Ireland,
8 Avenida 3-90 Zona 14
Edificio La Rambla torre II oficina 3-1
Guatemala City 01014
Guatemala

Tel: +502 48022222

Email: Email us