Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Hondúras, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Hondúras

Má tá tú ag taisteal go Hondúras, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Oibrímid go crua chun an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Hondúras nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Hondúras sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Mar gheall nach bhfuil aon Ambasáid ná Consalacht Éireannach i Hondúras, táimid teoranta sa mhéid cúnaimh is féidir linn a thairiscint i gcás éigeandála.

Áitiúil

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má bhíonn éigeandáil ann, nó má theastaíonn cúnamh agus comhairle uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le Ambasáidí nó le Consalachtaí thíortha AE eile chun cúnamh, comhairle agus tacaíocht consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn ag cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Faigh tuilleadh eolais faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

           

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Mianaigh talún

Tá roinnt log mianach gan mharcáil ar an teorainn le Nicaragua agus timpeall na háite sin. Ná himigh ó na príomhbhealaí, go háirithe i gceantair faoin tuath, agus seiceáil i gcónaí le do theagmhálaí áitiúil nó le do thionscnóir turais sula dtéann tú ag taisteal chuig áiteanna atá buailte leo.

Coiriúlacht

Tá an choiriúlacht forleathan in Hondúras agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin.  Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar chaiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Bíonn fadhbanna móra le mionghadaíocht sna cathracha agus i gceantair turasóireachta, lena n-áirítear Bay Islands (Roatan, Utila agus Guanaja). Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif ag stáisiúin bus, ag aerfoirt, ag tránna iargúlta, ag láithreáin turasóireachta agus nuair a bhíonn tú ag taisteal ar iompar poiblí. Coinnigh do chuid rudaí luachmhara faoi ghlas i dtaisceadán nó coinnigh leat féin iad agus tú ag taisteal.

Coireanna Tromchúiseacha

Tarlaíonn coireanna foréigneacha agus mugálacha tacsaí go forleathan in Hondúras. Bí cúramach agus tú ag taisteal ar iompar poiblí, tacsaithe san áireamh, agus cinntigh go bhfuil slándáil chuí san áit a bhfuil tú ag fanacht. Bí fíor-chúramach go háirithe tar éis titim na hoíche.

Taisteal áitiúil

Bí cúramach agus tú ag taisteal in Hondúras mar go dtuairiscítear go ndearnadh ionsaithe foréigneacha ar charranna agus ar bhusanna. Ba chóir a bheith fíor-chúramach agus tú ag taisteal ar mhionbhusanna (‘colectivos’) i gcathracha móra mar Tegucigalpa agus San Pedro Sula mar gheall ar chúrsaí slándála. Tá sé níos sábháilte a bheith ag taisteal ar bhóithre móra idir na bailte móra/cathracha ná bheith ag taisteal ar bhóithre níos iargúlta. Ná téigh ag taisteal idir bailte/cathracha tar éis titim na hoíche mar gur mó an seans go ndéanfaí ionsaí ort an tráth sin.

Teorainn Hondúras a thrasnú

Is minic gur fearr a bheith ag trasnú na dteorainneacha ar maidin mar go mbíonn siad dúnta uaireanta go luath sa tráthnóna nó ní bhíonn aon duine acu i rith na hoíche. Tugann sé sin deis duit do cheann scríbe a bhaint amach sula mbíonn sé dorcha freisin.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir duit agus tú in Hondúras, cuir é sin in iúl do na póilíní áitiúla láithreach.

Ag tiomáint

Má tá sé beartaithe agat tiomáint agus tú in Hondúras, ba chóir duit a bheith fíor chúramach.

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Hondúras, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

Bíodh fótachóip de do phas ar iompar agat mar chéannacht. Cé go bhfuil sé neamhdhleathach gan cineál éigin céannachta a bheith ar iompar agat in Hondúras, glactar le fótachóipeanna.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Spéirlingí

Ritheann séasúr na spéirlingí i Hondúras de ghnáth ó mhí an Mheithimh go dtí mí na Samhna. I rith an ama sin bíonn titim throm báistí gan stad agus déantar go leor scrios sna stoirmeacha trópaiceacha. Bíonn sciorradh talún agus tuilte ar go leor de na bóithre ar fud na tíre. Coinnigh súil ghéar ar na meáin áitiúla mar gur dóigh go gcuirfear moill ar thrácht agus féadfaidh tú eolas mionsonraithe faoin aimsir a fháil chomh maith le rianú ar stoirmeacha ón  US National Hurricane Centre agus ón Eagraíocht Mheiteareolaíoch Dhomhanda. Cloígh le treoracha ó na húdaráis áitiúla i gcónaí maidir le slándáil agus aslonnú.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála do Hondúras, lena n-áirítear víosa agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó téigh i dteagmháil leis an Ambasáid nó an Consalacht is gaire duit de chuid Hondúras.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cé chomh fada agus a bhíonn ar do phas a bheith bailí.

Cáin imeachta ag an Aerfort

Tá cáin imeachta ag an aerfort de US$38 (nó a chomhionann in Lempira), agus ní bhíonn an táille sin curtha san áireamh le praghas an ticéid de ghnáth.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad sula dtéann tú ag taisteal an bhfuil gá le haon vacsaínithe do Hondúras.

Fiabhras deinge

Tá staid éigeandála dearbhaithe ag Hondúras mar gheall ar ráig d’Fhiabhras Deinge sa tír. Is iad na ceantair San Pedro Sula agus Tegucigalpa na ceantair is mó atá buailte leis. Faigh comhairle liachta agus choisctheach má bhíonn tú ag taisteal chuig na háiteanna sin agus faigh cúram leighis láithreach má fhaigheann tú aon chomharthaí sóirt den fhiabhras deinge.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out of hours service for Irish citizens requiring emergency assistance on weekends and public holidays.

If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +52 55 5520 5803.

Embassy of Ireland
Goldsmith 53
Piso 4
Polanco
Miguel Hidalgo,
Ciudad de México,
México

Tel: +52 55 5520 5803

Monday to Friday 09:30 to 13:30

Contact us