Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Meicsiceo, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Meicsiceo

Má tá tú ag taisteal go Meicsiceo, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil dhíreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal go Meicsiceo

  • Níl aon riachtanais ann faoi láthair vacsaíniú nó tástáil COVID-19 a dhéanamh roimh theacht isteach go Meicsiceo.
  • Má léiríonn tú siomptóim COVID-19 ar theacht isteach, ba cheart duit fios a chur ar an bhFoireann Sláinte Idirnáisiúnta (“Sanidad Internacional”).
  • Ní mór socruithe taistil go Meicsiceo nó ó Mheicsiceo a dhéanamh go díreach leis an aerlíne nó gníomhaire taistil cuí. Ós rud é nach bhfuil eitiltí díreacha idir Éire agus Meicsiceo, ní mór dóibh siúd atá ag taisteal deimhniú go gcomhlíonann siad riachtanais COVID-19 na tíre idirthurais.
  • Ní gá víosa a bheith ag saoránaigh Éireannacha chun teacht isteach go Meicsiceo, ach caithfidh siad a dheimhniú go gcomhlíonann siad na riachtanais iontrála inimirce, atá ar fáil anseo.
  • Tá cead chun teacht isteach sa tír faoi rogha Údaráis Inimirce Mheicsiceo. Tabhair faoi deara gur féidir le turasóirí fanacht ar feadh 180 lá ar a mhéad, ach ní cheadaíonn an t-uasmhéid seo mar réamhshocrú.
  • Má tá tú ag iarraidh fanacht an tréimhse is faide (180 lá), is féidir go gcaithfidh tú an cuspóir atá le do thuras a mhíniú don oifigeach inimirce mar aon le fianaise a thabhairt chun tacú leis an gcuspóir atá á mhaíomh (lóistín, maoiniú, eitilt ar ais, etc.)
  • Nuair a bheidh an iontráil ceadaithe, tabharfar duillín inimirce stampáilte duit. Teastóidh an duillín sin uait chun an tír a fhágáil. I gcás caille nó gadaíochta, ní mór do phaisinéirí foirm nua a fháil ag Oifig Inimirce nó ag aerfort Idirnáisiúnta ar bith ach an táille chuí a íoc.
  • Tabhair faoi deara ní fhéadfá síneadh a iarraidh ná coinníoll do chuairte a athrú ón taobh istigh den tír, agus is féidir go dtarlódh coinneáil agus/nó díbirt mar thoradh ar shárú ama.

Sláinte agus Slándáil laistigh de Mheicsiceo

  • Bíonn srianta áitiúla agus beartais sláinte phoiblí mar fhreagairt ar an bpaindéim faoi bhainistiú ag leibhéal an Stáit de réir córais shoilse tráchta náisiúnta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an rialtais áitiúil den stát ábhartha, nó do phaisinéirí i gCathair Mheicsiceo, ag an nasc seo. Ba cheart do phaisinéirí treoir áitiúil a leanúint faoi thógáil a sheachaint agus a mhaolú.
  • Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Rialtas Mheicsiceo anseo.
  • Ba cheart do chuairteoirí go Meicsiceo polasaí árachais cuimsitheach a thógáil amach chun costas cúraim leighis a chlúdach, aisdúichiú san áireamh.
  • Is minic a éilíonn saoráidí Meicsiceacha íocaíocht “roimh ré” sula soláthróidh siad cúram leighis, lena n-áirítear gnáthaimh éigeandála.
  • Ní aontóidh gach ospidéal déileáil go díreach le comhlachtaí árachas sláinte áfach, agus ba cheart do chuairteoirí a bheith réidh chun íoc roimh ré as cóir leighis agus ansin aisíocaíocht a lorg óna soláthraí árachais sláinte. 
  • Bíonn coireacht agus foréigean forleathan ar fud Mheicsiceo, agus d’fhéadfadh riosca a bheith ag gabháil leis d’eachtrannaigh. Dá bhrí sin, ba cheart duit taighde cuimsitheach a dhéanamh ar do cheann scríbe, agus a bheith réidh i ngach cuid de Mheicsiceo.
  • Tá méadú ag teacht ar choireacht armáilte agus foréigean in áiteanna turasóireachta, agus ba cheart do phaisinéirí uile a bheith cúramach agus iad ag caitheamh ama in áiteanna mar sin. Cé nach mbíonn turasóirí á n-ionsaí go díreach ag coirpigh go hiondúil, is cúis imní nach beag é an méid foréigin a bhaineann le dronga agus drugaí i gceantair turasóireachta atá ag méadú, agus a d’fhéadfadh tionchar díreach a imirt ar thurasóirí. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le slándáil, sábháilteacht agus coireacht i Meicsiceo, téigh i gcomhairle leis an mír ‘Sábháilteacht agus Slándáil’ dár gcomhairle taistil.
  • Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandála ag 911, nó tríd an aip 911 CDMX (Cathair Mheicsiceo) nó tríd an Aip Cúnamh Cuairteora (“Guest Assist” do Quintana Roo – Cancún, Playa del Carmen etc).
  • Tógann an rialtas céimeanna chun turasóirí a chosaint agus chun tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad ag taisteal i Meicsiceo. Chun teagmháil a dhéanamh le Póilíní Turasóireachta de chuid Chathair Mheicsiceo is féidir Whatsapp a úsáid ag +52 55 4891 1166, nó scairt a chur orthu go díreach ag +52 55 5207 4155. Tá Whatsapp/Líne theileafóin dhíreach do na Póilíní Turasóireachta ag roinnt áiteanna móra turasóireachta, atá ar fáil ar líne.
  • Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.
  • Má theastaíonn cabhair chonsalachta uait, féach ar ár rannán Teagmháil Ambasáide. I gcás fíoréigeandáil chonsalachta, reáchtálann an Ambasáid seirbhís chonsalachta taobh amuigh d’uaireanta gnó chomh maith.

Taisteal idir Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe

Má tá tú ag eitilt idir/ón SAM agus Meicsiceo, caithfidh tú a dheimhniú go gcomhlíonann tú gach riachtanas iontrála. Chun tuilleadh eolais ar iontráil go SAM, is féidir leat dul i gcomhairle le comhairle taistil do SAM. Moltar dóibh siúd a bhfuil rún acu a bheith ag taisteal monatóireacht a dhéanamh ar shuíomhanna gréasáin na hAmbasáide SAM i mBaile Átha Cliath agus Lárionaid SAM um Ghalair a Rialú agus a Chosc (CDC) chun nuashonruithe breise a fháil agus dul i gcomhairle le do sholáthraí taistil lena chinntiú go gcomhlíonann do phas agus do cháipéisí taistil eile riachtanais taistil SAM.

Taisteal idir Meicsiceo agus Guatamala

Molann muid do chuairteoirí ag an teorainn idir Guatamala agus Meicsiceo a bheith an-chúramach. Bíonn cur isteach agus dúnadh coitianta, agus de bharr sin moltar duit seiceáil leis na húdaráis áitiúla sula déanfaidh tú iarracht é a thrasnú. Ba cheart do phaisinéirí gan dul trasna san oíche, agus a bheith an-chúramach ag trasbhealaí teorann coisithe.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Bíonn coireacht agus foréigean forleathan ar fud Mheicsiceo, agus d’fhéadfadh riosca a bheith ag gabháil leis d’eachtrannaigh. Dá bhrí sin, ba cheart duit taighde cuimsitheach a dhéanamh ar do cheann scríbe, agus a bheith réidh i ngach cuid de Mheicsiceo.

Tá méadú ag teacht ar choireacht armáilte agus foréigean in áiteanna turasóireachta, agus ba cheart do phaisinéirí uile a bheith cúramach agus iad ag caitheamh ama in áiteanna mar sin. Cé nach mbíonn turasóirí á n-ionsaí go díreach ag coirpigh go hiondúil, is cúis imní nach beag é an méid foréigin a bhaineann le dronga agus drugaí in áiteanna turasóireachta atá ag méadú, agus a d’fhéadfadh tionchar díreach a imirt ar thurasóirí.

Tá an-éagsúlacht idir na stáit ó thaobh timpeallacht slándála de, agus tá rátaí foréigin agus coireachta eagraithe níos airde in áiteanna áirithe.

Molann muid gan taisteal neamhriachtanach a dhéanamh chuig na stáit seo a leanas, mar gheall ar ardleibhéil choireachta (coireanna gan choinne agus coireacht eagraithe san áireamh) agus foréigean:

  • Chihuahua
  • Colima (seachas Manzanillo – molann muid taisteal ar eitleán)
  • Coahuila (seachas Saltillo)
  • Durango (seachas Cathair Durango)
  • Guerrero (seachas na cathracha Taxco, Ixtapa-Zihuatenejo, Acapulco*)
  • Michoacán (seachas Morelia)
  • Nuevo León (seachas Monterrery)
  • Sinaloa (seachas Mazatlán)
  • Sonora (seachas Hermosillo agus Guaymas/San Carlos)
  • Tamaulipas
  • Zacatecas (seachas Cathair Zacatecas – molann muid taisteal ar eitleán)

Má thaistealaítear chuig ceann ar bith de na cathracha sna stáit sin, molann muid taisteal ar eitleán.

* Tá coireacht thar a bheith coitianta laistigh agus timpeall na n-áiteanna turasóireachta in Acapulco (Guerrero), agus ba cheart duit mar sin a bheith an-airdeallach agus tú ag taisteal i dtimpeallacht na háite.

Cé nach mbíonn turasóirí á n-ionsaí ag coireacht nó foréigean eagraithe bainte le drugaí, d’fhéadfadh daoine atá ar an láthair agus daoine atá ag dul thar bráid a bheith thíos leis. Ó bhí 2017 ann, bhí méadú ar líon na n-eachtraí lámhaigh tuairiscithe agus eachtraí foréigneacha eile in áiteanna turasóireachta ar fud Meicsiceo. In 2021, bhí tionchar díreach ar thurasóirí ag eachtraí mar sin, agus bíonn níos mó póilíní i láthair i dtimpeallacht Cancún faoi láthair dá bharr. 

Déanann rialtas Mheicsiceo iarracht áiteanna a bhfuil tarraingt mhór ag turasóirí orthu a chosaint amhail Cancún, Playa del Carmen, Cozumel, Los Cabos, Puerto Vallarta agus Nuevo Vallarta. Má tá tú ar cuairt ag aon cheann de na ceantair sin, ba cheart duit monatóireacht a dhéanamh ar chomhairle áitiúil, a bheith san airdeall agus comhairle na n‑údarás áitiúil agus do chomhlachta taistil a leanúint. Tabhair faoi deara go bhfuil póilíní turasóireachta tiomnaithe ar glao-dhualgas ag roinnt ceantar a bhfuil tarraingt mhór ar thurasóirí orthu chun tacaíocht a thabhairt do thurasóirí a rinneadh coir orthu nó a bhfuil deacrachtaí acu agus iad ag taisteal ar an gcoigríoch.

I lár na tíre, bhí méadú suntasach ar fhoréigean agus ar dhúnmharuithe sa stát Guanajuato i rith 2019 agus 2020. Tarlaíonn foréigean i ndeisceart an stáit go príomha. Is fadhb í gníomhaíocht choiriúil i Stát Meicsiceo chomh maith (Estado de México), le tuairiscithe leanúnacha ar robáil armtha agus fuadaigh, mar aon le mionghadaíocht/mionchoireacht. Bíonn coireacht eagraithe an-choitianta sna stáit thuaidh Sonora, Chihuahua, Coahuila, Nuevo Leon, Tamaulipas, Sinaloa agus Durango. Molann muid gan taisteal neamhriachtanach chuig na stáit sin dá bharr.

In iarthar na tíre, bhí méadú ar choireacht a bhaineann le drugaí sa stát Baja California, agus an phríomhchathair Tijuana san áireamh. Bhí méadú ar choireacht a bhaineann le drugaí in Baja California Sur chomh maith.

Tá coireacht ann in oirthear agus i ndeisceart na tíre chomh maith, agus moltar do shaoránaigh a bheith cúramach agus iad ag taisteal i ngach áit.

Foréigean a bhaineann le drugaí

  • Tá foréigean a bhaineann le drugaí ag méadú i Meicsiceo le blianta beaga anuas, le rátaí dúnmharaithe in 2019 agus 2020 chomh hard agus a bhí siad ó tosaíodh coimeád taifead. Tá an foréigean comhchruinnithe in áiteanna áirithe. Bí cinnte go ndéanfaidh tú taighde cuimsitheach ar do cheann scríbe.
  • Cé nach bhfuil turasóirí á n-ionsaí go díreach, áirítear na ceantair a mbíonn tarraingt mhór orthu, Acapulco, Los Cabos, Taxco, Tijuana agus Zihuatenejo, ar na ceantair is contúirtí i Meiriceá Laidineach de bharr a rátaí dúnmharaithe. Bhí roinnt eachtraí sna háiteanna Quintana Roo agus Acapulco in 2021 a bhain le drugaí/dronganna coirpeacha a bhí turasóirí agus daoine a bhí ag dul thar bráid thíos leis.
  • Níor cheart do chuairteoirí tiomáint san oíche agus ba cheart monatóireacht a dhéanamh ar na meáin agus foinsí eolais áitiúla eile faoi eachtraí slándála agus baol sábháilteachta.  
  • Ba cheart do thurasóirí agus scoláirí Éireannacha a mheasann go bhfuil sé riachtanach cuairt a thabhairt ar Tijuana fanacht i gceantair Zona Río agus Av. Revolución den chathair agus Zonas Norte agus Oriente a sheachaint. Tá ardleibhéil choireachta in Rosarito.
  • Ba cheart go roghnófaí taisteal ar eitleán chun taisteal chuig nó laistigh na stáit ag an teorainn thuaidh agus ag an Aigéan Ciúin murar deimhníodh sábháilteacht an bhealaigh bhóthair is fearr leat.

Léirsithe agus agóidí

  • Tarlaíonn léirsithe agus agóidí go rialta ar fud na tíre. Bíonn léirsithe agus bloic bhóthair coitianta i gCathair Mheicsiceo (chuig agus ón aerfort san áireamh) agus sna stáit Chiapas, Guerrero, Michoacán agus Oaxaca. Ba cheart duit léirsithe a sheachaint agus comhairle na n‑údarás áitiúil a leanúint nuair atá tú ag taisteal in áiteanna ina bhfuil agóid ar siúl.

Coireacht

Tá ardleibhéal ar líon na gcoireanna foréigneacha i Meicsiceo. Bí san airdeall i gcónaí maidir le do shlándáil agus déan monatóireacht ar na meáin ar eagla go mbeadh eolas nua ar fáil faoi bhaol sábháilteachta nó slándála. Tabhair faoi deara go bhfuil líon na gcoireanna bóthair ag méadú agus tóg réamhchúraimí cosanta ciallmhara.

  • Ná bíodh do chárta chreidmheasa, ticéid taistil agus airgead tirim in aon áit amháin agat - fág airgead tirim breise agus rudaí luachmhara in áit shábháilte 
  • Fág cóip den phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó do chairde sa bhaile
  • Go hiondúil, ba cheart duit airgead a thógáil amach nó a mhalartú ag uathmheaisíní bainc nó bureaux de change (casas de cambio) i rith an lae amháin, agus taobh istigh siopaí agus mealanna in ionad ar an tsráid. Coimeád do chárta creidmheasa le feiceáil agus tú ag íoc. Tá sé níos sábháilte teorainn bheag a chur ar aistarraingtí agus malartuithe airgeadra. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint agus tú i ndiaidh do chuid gnó a chur i gcrích
  • Coinnigh súil ghéar ar do ghiuirléidí agus bíodh greim agat orthu in áiteanna poiblí amhail caiféanna idirlín, agus stáisiúin bus agus traenach
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, agus déan socrú go mbaileofar agus go bhfágfar thú chomh gar agus is féidir do bhealach isteach d’óstáin nó d’árasáin

Coir a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú, agus is mian leat tuairisc a dhéanamh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig is gaire den Agencia del Ministerio Público (oifig Ionchúisitheoir an Stáit) chomh luath agus is féidir.  Ní mór gearáin a dhéanamh go pearsanta, agus teastóidh aitheantas fótagrafach uait. Tabhair faoi deara nach féidir imscrúdú coiriúil a dhéanamh gan gearán foirmiúil chuig na húdaráis. 

Tá sé thar a bheith tábhachtach cailleadh nó goideadh do phas nó aitheantas eile a thuairisciú (a chur faoi bhráid na n-údarás Meicsiceach agus na hAmbasáide Éireannaí), nó cártaí bainc chun tú féin a chosaint ar eagla go mbainfear mí-úsáid as na cáipéisí níos déanaí.  Chun seirbhísí éigeandála a fháil, cuir scairt ar 911.

Is í 911 an uimhir éigeandála i Meicsiceo. Is féidir an aip 911 CDMX (Cathair Mheicsiceo) nó an Aip “Guest Assist” do Quintana Roo) a íoslódáil.

Chun teagmháil a dhéanamh le Póilíní Turasóireachta de chuid Chathair Mheicsiceo is féidir scairt a chur orthu ag (0052) 55 5207 4155 nó Whatsapp a úsáid ag (0052) 55 4891 1166. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Póilíní Turasóireachta de chuid Cancún ag +52 998 8852277

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo nó an Chonsalacht Oinigh in Cancún má theastaíonn cabhair uait. 

Fuadach

Níor chóir beag a dhéanamh den bhaol fuadaigh, lena n-áirítear sna príomhchathracha.  De ghnáth is saoránaigh Mheicsiceo seachas turasóirí eachtracha a fhuadaítear, ach má dhéantar réamhchúram bunúsach, laghdófar an baol go dtapófar an deis díriú ortsa. Chun leasa do shábháilteacht féin agus tú ag taisteal i Meicsiceo:

  • Comhairle a fháil ó mhuintir na háite faoi fhanacht sábháilte
  • Lean an chomhairle thíos maidir le tacsaithe a úsáid
  • Bí aireach agus discréideach faoi do chúrsaí gnó nó airgeadais a phlé go hoscailte
  • Seachain taisteal san oíche, go háirithe taisteal idirchathrach
  • Seachain an taisteal aonair
  • Bíodh doirse uile na feithicle faoi ghlas agus tú ag tiomáint
  • Tóg bealaí éagsúla agus fág ag amanna éagsúla – seachain patrúin a d’fhéadfaí a rianú
  • Tabhair aird ar leith ar na meáin áitiúla do thuairiscí maidir le gníomhaíochtaí fuadaigh

Tharla roinnt eachtraí ‘mearfhuadaigh’ ina gcuirtear iallach ar dhaoine airgead a aistarraingt ó ATM sula scaoiltear saor iad. Má dhéantar ionsaí mar sin ortsa, ba chóir duit comhairle an ionsaitheora a dhéanamh.

Is baol eile é Fuadach Fíorúil ar cheart a bheith ar an eolas faoi, déanta ag ealaíontóirí sceamála. Ba cheart do chuairteoirí i Meicsiceo gan uimhreacha anaithnide nó príobháideacha a fhreagairt. Má dhéantar bagairt ort ar an nguthán, is é an moladh é an guthán a chur síos agus sábháilteacht do bhall teaghlaigh nó d’fhostaí a fhíordheimhniú.

Tiomáint

Bíonn éagsúlacht ar staid na mbóithre i Meicsiceo agus is féidir leo a bheith dona go leor in áiteanna áirithe. Is guaiseanna iad cuair dhainséaracha,  comharthaí agus suíomhanna tógála lagfhógartha, beostoc ar fánaíocht, feithiclí mallghluaiseachta nó tréigthe, agus constaic eile.

Tá stíleanna tiomána agus caighdeáin sábháilteachta ar bhóithre i Meicsiceo an-éagsúil ó chaighdeáin na hÉireann. Bí ullamh mar sin d’fheithiclí nach dtugann aird ar theorainneacha luais, nach léiríonn athrú lána agus nach stopann ag soilse dearga.

Má bheartaíonn tú tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána iomlán Éireannach  agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Ba chóir tiomáint ar bhóithre faoi sholas an lae amháin ar fud na tíre agus nuair is féidir bain úsáid as bóithre dola (cuota) in áit bóithre atá saor (libre)
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Mheicsiceo, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Tharla sé gur lonnaigh eagraíochtaí gáineála drugaí ‘seicphointí’ feithicle i stáit ar an teorainn ó thuaidh agus i stáit an Aigéin Chiúin, rud a chur le fuadach gluaisteán i gcathracha agus ar mhórbhealaí
  • Tá daoine a thógann gluaisteáin ar cíos nó ar iasacht i Meicsiceo freagrach as aon earraí mídhleathacha a aimsítear sna feithiclí sin, fiú mura raibh fhios acu iad a bheith ann.

Cúnamh éigeandála feithicle

I gcás go gcliseann ar fheithicil nó i gcás éigeandála cois bóthair, cuireann seirbhís phatróil ar mhórbhealaí a thairgíonn Aireacht Turasóireachta Meicsiceo (SECTUR) ar a dtugtar na hAingil Ghlasa (Angeles Verdes) cúnamh saor in aisce ar gach mórbhealach dola ó 8am go 8pm. Is í an uimhir éigeandála le cúnamh a lorg ó na hAingil Ghlasa ná 078.

Coisithe

Ba chóir do choisithe a bheith thar a bheith airdeallach i gcónaí mar go dtarlaíonn timpistí marfacha buille-is-teitheadh.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar láimh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí agus coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Is féidir nach mbeadh gluaisteáin ceadaithe dul isteach in áiteanna áirithe ar laethanta ar leith, bunaithe ar a n-uimhirphlátaí. Déan athsheiceáil ar aon srianta leis na húdaráis áitiúla, agus/nó le do chomhlacht fruilithe gluaisteán go díreach.

Tacsaithe agus Iompar Poiblí

Robáladh agus/nó ionsaíodh paisinéirí ag tiománaithe tacsaí gan cheadúnas, i gCathair Mheicsiceo go háirithe. Ná stop tacsaithe ar an tsráid. Cuir tacsaithe in áirithe trí Uber nó aipeanna síbe den chineál céanna le beartais shlándála chuí, óstáin nó scairt a chur ar chomhlacht tacsaithe creidiúnach, nó tacsaithe ag stadanna (sitios). Sna aerfoirt, bain úsáid as na seirbhísí tacsaithe réamhíoctha ceadaithe amháin; tá bothanna oifigiúla na gcomhlachtaí tacsaithe lonnaithe sa halla teachta ag críochfoirt aerfoirt. Moltar go láidir gan uisce, bia nó milseáin a ghlacadh ó thiománaithe tacsaithe i Meicsiceo.

Tá sé tábhachtach a bheith san airdeall go háirithe ar iompar poiblí. Nuair atáthar ag taisteal ar iompar poiblí idirstáit, taistealaítear ar bhusanna den chéad ghrád agus cinntítear go n-úsáidtear bóthair dhola ar an mbealach.

Mionghadaíocht

Tá peasghadaíocht coitianta go maith ar an Metro i gCathair Mheicsiceo. Seachain an taisteal i rith an bhuaicthrátha tráchta más féidir. Bí aireach i gcónaí ar thurais bus fhadtréimhseacha agus coinnigh súil ar bhagáiste láimhe. Tá sé inmholta úsáid a bhaint as seirbhísí bus den chéad ghrád agus taistil faoi sholas an lae. Tá leibhéil choiriúlachta ar bhusanna idirchathracha agus ar mhórbhealaí ard agus méadaíonn an baol tar éis thitim na hoíche.

Pasanna a cailleadh nó a goideadh

Má chailltear nó má ghoidtear do phas, beidh ort an Ambasáid i gCathair Mheicsiceo a chur ar an eolas chun pas nua a fháil. In ainneoin gur féidir leis an chuid is mó de chuairteoirí pas nua a iarraidh ach an córas ar líne a úsáid, d’fhéadfadh sé roinnt seachtainí a thógáil chun do phas nua a sheachadadh nó a bhailiú mar gheall ar chúinsí ama agus achair. Bí fíorchúramach le do phas agus cáipéisí pearsanta eile. Beidh sé i bhfad níos éasca pas nua a fháil más féidir leat cóip den cheann a cailleadh nó a goideadh a sholáthar, mar sin coimeád fótachóipeanna de do phas.

Camscéimeanna

Ba cheart duit a bheith ar d’fhaichill má thagann daoine i do threo agus cuireann siad iad féin chun tosaigh mar phóilíní agus déanann siad iarracht fíneáil a ghearradh ort nó tú a ghabháil gan chúis shoiléir. Rinneadh gadaíocht, sracaireacht nó ionsaí gnéasach ar chuairteoirí ag daoine a d’fhéadfadh a bheith ina bpóilíní nó a d’fhéadfadh gan a bheith. I gcás amhrais, iarr aitheantas ar an oifigeach agus más féidir breac síos a ainm, uimhir shuaitheantais, agus uimhir a chairr patróil. Má stadfar thú sna cúinsí sin, bain triail as fanacht in áit ghnóthach.

Is treocht é atá ag éirí níos coitianta i Meicsiceo an “Fuadach Fíorúil”. An rud atá i gceist ná go gcuireann na coirpigh glaoch, ag cur i gcéill gur gaol/cara/fostaí iad a rinneadh fuadach orthu agus ag míniú gur éiligh na fuadaitheoirí airgead fuascailte chun scaoileadh saor. Má tharlaíonn sé sin, cuir an guthán síos go láithreach agus deimhnigh sábháilteacht an duine lenar bhain sé.

An teorainn SAM-Meicsiceo a thrasnú

Moltar go láidir do scoláirí atá in SAM ar víosaí J1 gan na Stáit Aontaithe a fhágáil agus ag teacht isteach arís i rith an J1, mura bhfuil cúiseanna an-láidir lena dhéanamh. Bhí fadhbanna ar leith ag scoláirí ag dul trasna na teorann SAM-Meicsiceo, agus in amanna bhí díbirt agus deireadh a víosa J1 dá bharr. Beidh tionchar buan ar do chumas a bheith ag taisteal go SAM sa todhchaí. Caithfidh rannpháirtithe sa chlár J1 a chinntiú go gceadaíonn a n-urraitheoirí taisteal sealadach taobh amuigh de na Stáit Aontaithe i rith an chláir J1.

Má thaistealaíonn tú go Meicsiceo agus cailleann tú do phas anseo, d’fhéadfá tú a bheith i gcruachás – géaraíodh ar shrianta inimirce go mór agus ní bheidh cead agat dul isteach in SAM arís gan pas cuí atá inléite ag meaisíní. Níl aon Chonsalacht Éireannach i Tijuana agus is eitilt 3 uair chuig Cathair Mheicsiceo í. Ba cheart go mbeadh saoránaigh Éireannacha a thaistealaíonn taobh amuigh de SAM agus iad ag glacadh páirt sa chlár J1 a bheith ag súil go mbeadh na beartais inimirce chaighdeánacha ag baint leo agus iad ag dul isteach in SAM arís.

Bhí tuairiscí ann ar fhuadaigh, mugálacha, agus spíceáil dhí ag daoine a bhí ag dul thar an teorainn ón SAM go Meicsiceo – i gcathair Tijuana go háirithe. De réir cosúlachta tá an cineál coireachta sin ag méadú, agus ba cheart duit a bheith an-chúramach agus fanacht glan ar chúrsaí contúirteacha.  Bí ar an eolas go bhféadfadh sé a bheith níos deacra a bheith ar d’airdeall, smacht a bheith agat agus a bheith ar an eolas faoi do thimpeallacht tar éis alcóil agus drugaí.

Hairicíní

Bíonn séasúr an hairicín i Meicsiceo ó Mheitheamh go deireadh na Samhna agus féadfaidh sé cur isteach go mór ar chúrsaí iompair agus ar fhóntais.  Is féidir go mbeadh sciorrthaí talún, sleamhnaithe láibe agus tuillte ann. I gcás hairicin, déan monatóireacht ar thuairiscí sna meáin áitiúla agus déan mar a deir oifigigh éigeandála áitiúla libh. Ba chóir monatóireacht a dhéanamh freisin ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún agus seiceáil an Weather Channel nó an National Hurricane Centre iMiami.

Má théann tú go Meicsiceo i rith séasúir an hairicín ba chóir duit cóip mhionsonraithe de do phleananna taistil a fhágáil le ball teaghlaigh nó le cara. Ba chóir clárú freisin le hAmbasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo. I gcás hairicin atá ag druidim libh faigh amach cá bhfuil an scáthlán áitiúil. D’fhéadfadh go mbeadh moill ar eitiltí isteach agus amach as ceantair atá buailte, nó go gcuirfí ar fionraí iad agus d’fhéadfadh go líonfaí na heitiltí atá ar fáil go tapa. Mar sin déan teagmháil leis an aerlíne leis an eolas is déanaí ar eitiltí a fháil.

D’fhéadfadh an hairicín cur isteach freisin ar rochtain ar chalafoirt sa réigiún. I gceantair áirithe d’fhéadfadh nach mbeadh foscadh leordhóthanach ó hairicín tromchúiseach ar fáil do gach duine a roghnaíonn fanacht. Ba chóir duit tú féin a chur ar an eolas faoi phleananna easlonnaithe d’óstáin nó na loinge cúrsála. Bíodh na doiciméid taistil ar iompar agat i gcónaí (i.e. an pas, céannacht le grianghraf, etc) nó coinnigh slán iad in ionad sábháilte, uiscedhíonach. Ba chóir teagmháil a dhéanamh freisin le cairde agus le daoine den teaghlach in Éirinn le nuashonrú ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leat agus ar an áit ina bhfuil tú.

Creathanna talún

Is crios creathanna talún gníomhach é Meicsiceo agus tarlaíonn creathanna talún agus brúchtaí bolcánacha ansin. Tarlaíonn creatháin go rialta, sna stáit Oaxaca agus Guerrero go háirithe; is féidir na creatháin sin a aireachtáil i gcodanna eile den tír, Cathair Mheicsiceo san áireamh. Má tá tú ag taisteal go Meicsiceo nó tá tú i do chónaí ansin, bí cinnte go bhfuil tú ar eolas faoi céard a dhéanamh má tharlaíonn crith talún. Má tá tú ag taisteal go Meicsiceo, is féidir leat an aip 911 CDMX a íoslódáil. Tugann an aip rabhadh faoi chrith talún tuairim is 60 soicind roimh ré. Tabhair faoi deara nach féidir le haláraim creathanna talún a bhrath an t-am ar fad.

Bolcáin

Tá roinnt bolcán gníomhacha i Meicsiceo, lena n-áirítear bolcáin Popocatepetl agus Colima. Bí ar an eolas gur féidir le luaithreach bolcánach cur isteach go mór ar sheirbhísí taistil.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht íseal i Meicsiceo tá riosca domhanda ionsaithe sceimhlitheoireachta trí chéile ann i gcónaí a bhféadfaí a bheith dírithe ar spriocanna sibhialta, lena n-áirítear áiteanna a thaithíonn turasóirí agus easaoránaigh.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Ná bí bainteach ar bhealach ar bith le drugaí de chineál ar bith. Gearrtar píonós géar ar choireanna bainteach le drugaí. Gearrtar tréimhsí príosúin an-fhada ar chiontuithe – suas le 25 bliain – agus ní bhíonn toscaí go maith sa phríosún.

Déantáin chultúrtha

Féadtar tú a ghabháil má bhíonn déantáin seandálaíochta Mheicsiceacha i do sheilbh..

Gníomhaíochtaí polaitiúla

Cuireann Bunreacht Mheicsiceo cosc ar ghníomhaíochtaí polaitiúla ag eachtrannaigh, agus d’fhéadfadh go bhfágfadh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí mar léirsithe go ndéanfaí duine a ghabháil nó a chur thar tír amach.

Sláinte

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go dtí an tír seo.

Maláire agus fiabhras deinge

Tá maláire agus fiabhras deinge eindéimeach i gceantair thuaithe ísle de Mheicsiceo agus féadfaidh ráigeanna briseadh amach i rith na bliana. Má bheartaíonn tú cuairt a thabhairt ar na ceantair seo téigh i dteagmháil le do dhochtúir roimh thaisteal faoi chógas frithmhaláire oiriúnach agus ar theacht ann déan réamhchúraim leordhóthanacha in aghaidh ghreama ó chorrmhíolI Tugan ruaigtheach corrmhíl agus éadach a chlúdaíonn an oiread craicinn agus is féidir cosaint éigin.

Uisce

Moltar go láidir nach n-óltar ach uisce buidéalaithe (ní ón mbuacaire). Déantar leac oighre as uisce buacaire.  Is é is dóigh nach mbeadh bia agus deochanna neamhbhuidéalaithe a dhíolann díoltóirí sráide slán ach an oiread.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Déan teagmháil le do thoil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht Mheicsiceach is cóngaraí do riachtanais iontrála do Mheicsiceo.

Víosaí

Tá víosaí riachtanach do shaoránaigh Éireannacha ar mian leo páirt a ghlacah i ngníomhaíochtaí ar son cearta an duine i Meicsiceo. Fiú mura bhfuil fút ach dul i mbun gníomhaíochtaí deonacha ar son cearta an duine le linn saoire i Meicsiceo ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid Mheicsiceach is cóngaraí roimh imeacht duit le cinneadh cén cineál víosa a theastaíonn.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Taisteal le leanaí

De réir Acht Imirce Mheicsiceo a tháinig i bhfeidhm i mBealtaine 2011, ní mór do leanaí faoi bhun 18 bliain ‘duine de na tuismitheoirí nó na daoine a bhfuil freagracht tuismitheora nó caomhnóireachta acu ina leith a bheith in éineacht leo…’ agus iad ag dul isteach nó ag fágáil na tíre.

Níl aon riachtanas sonrach d’údarú ón tuismitheoir atá as láthair i gcás tuismitheoirí singile. Ach má tá tú ag taisteal, áfach, le leanbh nach é do leanbhsa é, nó a bhfuil an chosúlacht air nach é (eg má bhíonn sloinne difriúil acu) d’fhéadfadh go n-iarrfaí orth údarú a bhfuil nótaireacht déanta air, sínithe ag an tuismitheoir nach bhfuil ag taisteal leis an leanbh, nó leis an mbeirt tuismitheoirí sa chás nach bhfuil ceachtar acu ag taisteal leis an leanbh, a thaispeáint.

Mura féidir leat é seo a sholáthar ba chóir fianaise a chur ar fáil faoin gcaidreamh atá agat leis an leanbh agus/nó an chúis go bhfuil tú ag taisteal in éineacht leo (eg teastas breithe nó uchtála, teaistais cholscartha nó phósta, nó Ordú Freagrachta Tuismitheora). Íoslaghdóidh sé seo an baol go mbeadh fadhbanna ann ag dul isteach nó ag fágáil Meicsiceo.

Caithfidh leanaí faoin bhun 18 bliain d’aois atá ag taisteal leo féin nó a bhfuil aosach in éineacht leo nach é an tuismitheoir nó an caomhnóir dlíthiúil é, teacht i láthair an oifigigh imirce i Meicsiceo agus pas bailí agus údarú aige a bhfuil nótaireacht deanta air ón tuismitheoir (na tuismitheoirí) a cheadaíonn go ngabhfadh an leanbh isteach/amach as an tir. Ní mór go mbeadh Spáinnis curtha air seo.

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out of hours service for Irish citizens requiring emergency assistance on weekends and public holidays. If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +52 55 5520 5803. The emergency message system is checked regularly outside of office hours and a member of the Embassy staff will contact you as soon as possible.

When you leave a message, remember to state your name, the nature of the problem, where you are now, and the details of how the Duty Officer can contact you (e.g. leave your mobile phone number, or the phone number of the hotel/hostel where you are staying).

Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at +353 (0)1 408 2000.

Embassy of Ireland
Goldsmith 53
Piso 4
Polanco
Miguel Hidalgo,
Ciudad de México,
México.

Tel: +52 55 5520 5803
Fax: +52 55 5520 5892

Monday to Friday 09:30 to 13:30

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr Anthony Leeman
Honorary Consul of Ireland
Av. Coba 15
Mza.8
SM22
Cancún
77500 Quintana Roo
Mexico

Tel: Tel: +52 998 195 9063
Fax: +52 998 195 9063

Email: Email us