Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Nua-Ghuine Phapua, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Nua-Ghuine Phapua

Má tá tú ag taisteal go Nua-Ghuine Phapua, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Nua-Ghuine Phapua nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Nua-Ghuine Phapua sula dtéann tú ann.  Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht na hÉireann i Nua-Ghuine Phapua, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má bhíonn cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Camberra, san Astráil.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le Ambasáidí nó Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Léirsithe

Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí móra i Port Moresby agus i mbailte móra eile toisc go bhfuil siad in ann éirí foréigneach. Bí ar an eolas i gcónaí faoin méid atá ag tarlú thart ort trí súil a choinneáil ar na meáin áitiúla maidir le heolas faoi chaismirtí a d’fhéadfadh tarlú nó maidir le slándáil nó staid pholaitiúil na réigiún ar leith agus trí fanacht i teagmháil le d’óstán nó le d’eagraí turas. 

Cúigí Ardchríche

Is féidir le suaitheadh idir treibheanna tarlú gan rabhadh sna cúigí ardchríche, go háirithe i gcúigí Ardchríocha an Deiscirt agus Enga. Bí thar a bheith cúramach, toisc go bhfuil forfheidhmiú an dlí lag sna ceantair sin.

Cúige Bougainville

Ní sé i bhfad ó tháinig deireadh le tréimhse scarúnaíoch i gCúige Bougainville (lena n-áirítear Oileán Bougainville). Ní mór duit fógra a thabhairt do Rialtas Chúige Bougainville (Teil: +675 973 9798) má tá sé beartaithe agat cuairt a thabhairt ar an oileán, agus ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an Rialtas in athuair nuair a thagann tú. Ná téigh isteach sa limistéar sléibhtiúil i lár Bougainville thart ar mhianach Panguna mar tá ‘Cosc ar Iontráil’. Cheistigh na húdaráis eachtrannaigh a chuaigh isteach sa Chrios gan údarú ó Rialtas Nua-Ghuine Phapua agus coigistíodh a bpasanna ar imeacht as an gCrios dóibh.

Mianaigh talún

Tá ordanáis neamhphléascaithe i Nua-Ghuine Phapua go fóill, go háirithe feadh Rian Kokoda agus ag Cuan Milne agus Rabual. Seiceáil le do theagmhálaí áitiúil nó do thionscnóir turas sula dtéann tú ag taisteal chuig na réigiúin lean mbaineann agus ná himigh ó na príomhbhealaí. 

Coiriúlacht

Tá coiriúlacht coitianta i Nua-Ghuine Phapua, go háirithe coiriúlacht phearsanta. Tarlaíonn sí nuair a bhíonn deis ann, de ghnáth, agus féadfaidh sí tarlú ag am ar bith agus in áit ar bith. Bíonn sí níos coitianta in áiteanna mar Lae, Mt Hagen agus i gcodanna eile de na cúigí Ardchríche agus tá contúirt mhór ann sa phríomhchathair, Port Moresby. Moltar duit a bheith thar a bheith cúramach agus réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:  

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Ná téigh ag siúl i d’aonair san oíche i Port Moresby ná i réigiúin uirbeacha eile. Má bhíonn ort taisteal san oíche, úsáid carr.

Coiriúlacht fhoréigneach

Baintear úsáid as foréigean agus sceana maiseite agus gunnaí le linn ionsaithe agus robálacha. Tarlaíonn eachtraí goidte carranna, ionsaithe, eachtraí goidte málaí agus robálacha eile go coitianta, lena n-áitítear siopaí agus bialanna.

VEID agus SEIF

Tá méadú ag teacht ar líon na gcásanna VEID agus SEIF i Nua-Ghuine Phapua. Moltar go láidir d’íospartaigh foréigin, go háirithe íospartaigh ionsaithe gnéis, cúnamh liachta a fháil láithreach.

Pasanna caillte nó goidte

Coinnigh do cháipéisí taistil in áit slán i gcónaí. Má chailltear nó má ghoidtear do phas tógfaidh sé roinnt ama ceann nua a fháil mar gheall ar an achar mór idir Nua-Ghuine Phapua agus an Ambasáid is gaire i Canberra. Beidh sé níos éasca pas nua a fháil má bhíonn tú in ann cóip den ceann a cailleadh nó a goideadh a sholáthar. Mar sin coinnigh cóip de do phas. Beidh teastas breithe ag teastáil i leith gach iarratas a dhéantar ar phas nua. Mar sin moltar duit cóip de do theastas breithe arna dheimhniú ag Garda a thabhairt leat chomh maith.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Nua-Ghuine Phapua, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i gCanberra, san Astráil má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat dul ag tiomáint i Nua-Ghuine Phapua, ní mór duit a bheith an-chúramach. Tá drochbhail ar na bóithre, go háirithe lasmuigh de na bailte agus na cathracha agus bíonn an caighdeán tiomána earráideach. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána nÉireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Nua-Ghuine Phapua, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Bí an-chúramach, go háirithe má bhíonn tú ag taisteal san oíche

Goid carranna

Tarlaíonn eachtraí goidte carranna nuair a bhíonn daoine ag taisteal i Nua-Ghuine Phapua. Coinnigh doirse do charr faoi ghlas i gcónaí agus coinnigh na fuinneoga dúnta, go háirithe má bhíonn tú ag taisteal san oíche nó trí cheantair uirbeacha.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Busanna poiblí (PMVanna)

Moltar duit gan busanna poiblí ar a dtugtar PMVanna go háitiúil a úsáid. Tarlaíonn eachtraí robála armtha ar na PMVanna agus déantar ionsaithe ar phaisinéirí agus goidtear a nithe pearsanta. Meastar nach bhfuil go leor de na PMVanna sách sábháilte le bheith ar na bóithre.

Tacsaithe

Bíonn tacsaithe ar fáil i roinnt príomhchathracha, ach seans go bhfuil cothabháil mhaith déanta orthu, agus ní mór duit a n-iontaofacht a sheiceáil le d’óstán nó do theach lóistín. Má bhaineann tú úsáid as tacsaí, déan cinnte go gcomhaontaíonn tú táille sula suíonn tú isteach san fheithicil, fiú má tá méadar ann.

Rian Kokoda

Má tá sé i gceist agat rian a shiúl i Nua-Ghuine Phapua, go háirithe Rian Kokoda, moltar go láidir duit taisteal le treoraithe ó chuideachta turas chreidiúnach agus na táillí ábhartha a íoc sula dtosaíonn tú amach. Is féidir leat mionsonraí a fháil ó Údarás chur chun cinn Turasóireachta Nua-Ghuine Phapua nó ó Údarás Rian Kokoda. Cé go ngeallann ceannairí an phobail do thurasóirí go bhfuil siad sábháilte agus iad ag siúl ar Rian Kokoda, tharla roinnt ionsaithe agus robálacha tromchúiseacha ar an dá thaobh den Rian agus ní mó do dhaoine a bheith cúramach.

Eitilt

Baineann leibhéal méadaithe riosca le heitilt i Nua-Ghuine Phapua mar gheall ar an drochbhail atá ar aerpháirceanna, áiteanna iargúlta, tír-raon achrannach, drochaimsir agus droch-chothabháil aerárthaí.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Saoránacht

Ní aithníonn rialtos Nua-Ghuine Phapua déshaoránacht náisiúnta nuair atá duine os cionn 18 bliain d’aois. Má tá tú ag taisteal ann mar shaoránach de chuid Nua-Ghuine Phapua, ní aithneofar do shaoránacht Éireannach. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh sé go mbeadh bac orainn cúnamh consalach a thabhairt duit dá dteastódh sé uait.

Gnásanna áitiúla

Tá caighdeáin ghléasta agus iompair sách coimeádach i Nua-Ghuine Phapua agus cé go mbíonn an aimsir te, ní mór duit éadaí coimeádacha a chaitheamh i measc an phobail.

Iompar gnéasach

Tá gníomhaíochtaí homaighnéasacha neamhdhleathach agus d’fhéadfaí príosún a ghearradh ar dhuine a chiontaítear. Is cion é adhaltranas chomh maith agus d’fhéadfadh dliteanas a bheith orthu siúd a chiontaítear íocaíochtaí cúitimh a dhéanamh. D’fhéadfadh taispeántais phoiblí ceana a bheith maslach agus moltar duit a bheith discréideach agus cúramach i gcónaí.

Táirgí faoi chosc

Is cion coiriúil é ábhar pornagrafach a dhíol agus a bheith i do sheilbh agat i Nua-Ghuine Phapua.  

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúnachta fada. 

Grianghrafadóireacht

Faigh cead i gcónaí sula dtógann tú grianghraif de dhaoine nó d’áiteanna cultúrtha nó spioradálta tábhachtacha.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Crith talún

Tá Nua-Ghuine Phapua suite ar chrios seismeach gníomhach agus tarlaíonn brúchtanna bolcánacha agus creathanna go minic go háirithe thart ar Rabaul, Bougainville, West New Britain agus ar oileáin Manam. Má tharlaíonn tubaiste nádúrtha, lean comhairle na n-údarás áitiúil.

Súnámaí

Ag brath ar dhéine na gníomhaíochta seismí sa réigiún, d’fhéadfadh baol súnámaithe a bheith ann. Má tá tú ag taisteal chuig ceantair chósta, bí ar an airdeall maidir le rabhaidh súnámaí a bhféadfadh na húdaráis a eisiúint.

Séasúr fliuch

I rith an tséasúir fhliuch i Nua-Ghuine Phapua (Samhain go dtí Bealtaine) tá an aimsir in ann damáiste a dhéanamh d’infreastruchtúr (bóithre, aerstráicí), as a leanann tuilte agus sciorrthaí talún agus cur le scaipeadh galar tógálach. Bí cúramach má tá tú ag taisteal i rith an ama sin; labhair le do threoraithe turas nó lean na meáin áitiúla le feiceáil an mbeidh tionchar ag an aimsir ar do chuid taistil.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Nua-Ghuine Phapua, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le Ambasáid nó Consalacht Nua-Ghuine Phapua is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Nua-Ghuine Phapua.  Bí ar an airdeall má tá córas imdhíonachta lag agat d’fhéadfadh baol níos mó a bheith ann go n-éireofá tinn nó go bhfaighfeá galar agus tú ag taisteal sa tír.

Calar

Tá calar eindéimeach i Nua-Ghuine Phapua agus ní mór duit réamhchúraimí a dhéanamh; ná ól ach uisce ‘sábháilte’ atá clóirínithe nó fiuchta agus seachain ciúbanna oighir agus bia nach bhfuil cócaráilte. Bain úsáid as dea-chleachtais sláinteachais phearsanta ar nós do lámha a níocháin go minic.

Galair muiscíte-iompartha

Tá galair muiscíte-iompartha i láthair i Nua-Ghuine Phapua agus ba chóir duit comhairle liachta cothrom le dáta a fháil maidir le imdhíontaí agus próifiolacsas sula dtéann tú ag taisteal. Nuair a thagann tú, seachain greamanna ó mhuiscítí trí eangacha leapa agus éarthach a úsáid, agus trí bróga dúnta, muinchillí fada agus brístí a chaitheamh.

Galair eile

Tá galair tógálacha uisce-iompartha agus bia-iompartha coitianta, mar aon le heitinn.  D’fhéadfá tú féin a nochtadh do pharaisítí uisce-iompartha má théann tú ag snámh i Nua-Ghuine Phapua, go háirithe má bhíonn tú ag snámh in aibhneacha. D’fhéadfá gathanna a fháil ó ainmhithe muirí chomh maith agus is féidir leo sin a bheith marfach.

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +61 2 62140000
If you call outside normal working hours, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.

You may also wish to contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000

Embassy of Ireland
20 Arkana Street
Yarralumla
ACT 2600
Australia

Tel: +61 2 6214 0000
Fax: +61 2 6273 3741

Contact us