Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Óman, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Óman

Má tá tú ag taisteal go hÓman, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chuig Óman

Chuir údaráis an Óman deireadh le srianta COVID-19 ar fad.

D'fhéadfadh go mbeadh rialacha ag d'aerlíne chomh maith leo siúd atá leagtha amach ag údaráis an Óman (e.g. a cheangal ort tástáil dhiúltach PCR a sholáthar roimh duit dul ar bord, masc a chaitheamh etc.).

D'fhéadfadh go n iarrfaí ar phaisinéirí atá ag taisteal go hÓman:

Cuir deimhniú vacsaínithe i láthair a thugann le fios go bhfuair siad 2 dháileog ar a laghad de vacsaín COVID19 ceadaithe ag Óman. Ní mór an dáileog dheireanach a ghlacadh ceithre lá dhéag (14) ar a laghad roimh an am teachta measta.

Cheadaigh Óman na vacsaíní seo a leanas lena n-úsáid ann agus le gabháil isteach i Sabhdánacht Óman: Oxford-AstraZeneca, AstraZeneca-Covshield, Pfizer-BioNTech, Moderna, Johnson & Johnson, Sinovac, Sinopharm, Sputnik V, Novovax, CanSinoBio, Covaxin agus Sputnik Lite.

Ba cheart monatóireacht a dhéanamh ar chomhairle sláinte agus taistil maidir le COVID-19 a d'eisigh ​na húdaráis áitiúla in Óman trí shuíomh gréasáin rialtais Óman: Galar Coróinvíris (COVID-19) - an Aireacht Sláinte (moh.gov.om).

Comhairle Taistil Ghinearálta

Bailíocht pas 

Ba chóir go mbeadh bailíocht 6 mhí ar a laghad ag do phas ar do dháta iontrála chuig Óman.

Ní aithníonn an tÓman dénáisiúnacht. Má tá náisiúntacht Éireannach agus náisiúntacht Ómanach agat agus má tá an méid sin ar eolas ag údaráis an Óman, d'fhéadfaidís do Phas Ómanach nó do Phas Éireannach a choigistiú.

Cuireann  An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte agus an Lárionad Eorpaigh um Chosc agus Rialú Galar faisnéis a bhaineann le sláinte ar fáil maidir leis an gcoróinvíreas.

Baol Píoráideachta

Mar gheall ar an mbaol leanúnach a bhaineann le píoráideacht, molaimid i gcoinne taisteal nach bhfuil  riachtanach ar luamh agus árthach fóillíochta ar an mórmhuir (níos mó ná 12 míle farraige ón gcósta) i Murascaill Áidin, An Mhuir Arabach agus sa chuid den Aigéan Indiach atá teoranta ag an domhanleithead agus an domhanfhad seo a leanas: 15°T sa Mhuir Rua, 23°T sa Mhuir Arabach, 78°O agus 15°D san Aigéan Indiach.

Cúnamh éigeandála

Go minic, bíonn an cúnamh is fearr in aice láimhe agus dá bhrí sin má tá fadhbanna agat, déan iarracht labhairt le daoine teagmhála áitiúla de do chuid, le hionadaí an chomhlachta taistil nó le lucht bainistíochta an óstáin.

Níl Ambasáid Éireannach in Óman, mar sin féin tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le hAmbasáid na hÉireann in Riyadh má tá cúnamh nó comhairle uait. Is féidir le saoránaigh Éireannacha a bhfuil fíor-chás éigeandála acu teachtaireacht a fhágáil lasmuigh d'uaireanta oifige. Bí cinnte go bhfágfaidh tú d'ainm, d'uimhir mhóibíleach, do shuíomh reatha agus nádúr na héigeandála. Tabharfaidh Oifigeach na hAmbasáide ar Dualgas glaoch ar ais ort.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Tá staid pholaitiúil Óman réasúnta seasmhach ach d’fhéadfadh corraíl shóisialta briseadh amach anois is arís. Coinnigh tú féin ar an eolas i gcónaí faoina bhfuil ag tarlú thart ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar mheáin áitiúla agus fan i dteagmháil le bainistíocht d’óstáin nó le do thionscnóir turas. Agus seachain léirsithe agus áiteanna poiblí ina gcruinníonn daoine, a d’fhéadfadh a bheith achrannach uaireanta.

Sceimhlitheoireacht

Bíonn formhór na gcuairteanna a thugtar ar Óman saor ó thrioblóid. Ba chóir duit a bheith ar an eolas go bhfuil baol ginearálta, áfach, ó ionsaithe sceimhlitheoireachta sa cheantar. D’fhéadfadh ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha a bheith ann, agus in aghaidh sainleasanna thíortha an Iarthair, mar a tharla i réigiúin eile.

Coiriúlacht

Bí airdeallach go háirithe in áiteanna poiblí. Seachain áiteanna ina mbíonn grúpaí móra cruinnithe agus gach léirsiú agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí chun tú féin a chosaint ó choiriúlacht: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú in Óman, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Riyadh má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint in Óman, ba chóir duit a bheith cúramach. Tiomáintear ar thaobh na láimhe deise agus tá caighdeáin mhaithe tiomána ann, de réir caighdeán réigiúnacha, ach tá faisean ag tiománaithe go leor siúil agus dranntiomáint a dhéanamh. Cuimhnigh go gcuirtear dlíthe tráchta Óman i bhfeidhm go dian. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá an leibhéal dleathach alcóil san fhuil in Óman gar de náid agus tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí. Tá íosmhéid de 48 huair sa phríosún d’aon choir tráchta ina bhfaightear toradh dearfach ar thástáil alcóil ó aon tiománaí
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Óman, a chuirtear i bhfeidhm go dian
  • Tá na luasteorainneacha postáilte go soiléir ar na príomhbhóithre
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Ná húsáid fón póca riamh agus tú ag tiomáint (d’fhéadfaí fíneáil ar an láthair a ghearradh ort)

Taisteal áitiúil

Tá bóithre maithe in Muscat agus idir Muscat agus bailte móra inmheánacha. Is féidir le tiomáint san oíche a bheith dainséarach, áfach, lasmuigh de Muscat, mar tá an baol ann go mbuailfidh tú camaill a théann ar strae amach ar an mbóthar. Ba chóir taisteal eisbhóthair a dhéanamh le dhá fheithicil ar a laghad feistithe go feiliúnach i gcásanna éigeandála. Má tá sé i gceist agat a leithéid de thaisteal a dhéanamh, ba chóir duit árachas dóthanach a thógáil amach chun na costais a bhainfeadh le feachtas mór tarrthála a sheasamh.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Tá feithiclí cuideachta agus feithiclí ar cíos go háirithe i mbaol ó robálacha i gceantar Thumrait, Marmul agus Nimr de Dheisceart Óman. Má fhaigheann tú carr ar cíos, ba chóir duit comhairle slándála a fháil ón gcuideachta fruilithe sula dtéann tú ag taisteal.

Sábháilteacht mhuirí

Tá limistéir go leor in Murascaill Áidin atá an-íogaireach. Cuireadh árthaí a chuaigh isteach sna limistéir seo faoi choinneáil agus déanadh cigireacht orthu, agus gabhadh roinnt daoine. Tá ardú ag teacht freisin ar líon na bhfoghlaithe mara san Aigéan Indiach agus i Murascaill Áidin, agus is baol suntasach iad. 

Moltar duit gach taisteal a sheachaint ach amháin taisteal riachtanach ar luaimh agus ar árthaí fóillíochta ar fharraigí arda (níos mó ná 12 muirmhíle ón chladach) in Murascaill Áidin, sa Mhuir Arabach agus i gcuid den Aigéan Indiach faoi cheangal an domhanleithid agus an domhanfhaid seo a leanas: 15°N ins an Mhuir Rua, 23° N ins an Mhuir Arabach, 78° E agus 15°S ins an Aigéan Indiach.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr Moslamach

Stát moslamach é Óman agus cloítear go géar, go poiblí, le gnásanna Ioslamacha. Ba chóir duit meas a léiriú do reiligiúin, dlíthe, gnásanna agus do thraidisiúin áitiúla. Gléas tú féin go coimeádach, bí airdeallach ar do ghníomhartha agus bí cúramach gan cultúir nó creidimh eile a mhaslú, go háirithe i rith mhí bheannaithe Ramadan nó féilte beannaithe eile, nó má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar cheantair reiligiúnacha.

I rith Ramadan, ní ceadaítear do Mhoslamaigh ithe, ól ná tobac a chaitheamh i rith uaireanta an lae. Níor chóir duit ithe, ól ná tobac a chaitheamh go poiblí i rith an ama seo ionas nach maslófar iad.  

Mná ag Taisteal

Bítear ag súil go ginearálta le modhúlacht iompair agus feistis ó mhná in áiteanna poiblí. Ná caith bríste gearr ná éadach atá fáiscthe ort, go háirithe in áiteanna síos an baile, mar d’fhéadfadh sé go dtarraingeodh tú aird ort féin nach mbeadh aon fháilte agat roimhe. Tuairiscíodh roinnt cásanna gnéaschiaptha.

Drugaí Neamhdhleathacha

Níl cead támhshuanaigh a iompórtáil ná a úsáid agus d’fhéadfadh sé dá mbéarfaí ort leo go gcuirfí sa phríosún tú. Tá pionóis ghéara do choireanna drugaí lena n-áirítear i roinnt cásanna, pionós an bháis. Caitear chomh dian céanna le drugaí ‘boga’ agus a caitear le drugaí ‘crua’. Léiríodh le gairid go bhféadfaí téarma príosúin d’íosmhéid 12 mí a ghearradh agus duine a dhíbirt as an tír ina dhiaidh sin, má bheirtear ar dhuine agus cannabas ina seilbh, fiú amháin má tá níos lú ná gram amháin i gceist.

Alcól

Is féidir le daoine nach Moslamaigh iad alcól a iompórtáil agus is uasmhéid de dhá lítear in aghaidh an teaghlaigh atá ceadaithe. Is féidir é a cheannach ag siopa atá saor ó dhleacht ag an aerfort ar theacht chun na tíre duit, ach laistigh d’Óman, ní féidir leat alcól a cheannach ach le ceadúnas pearsanta nó ag óstáin agus bialanna ceadúnaithe.

Táirgí coiscthe

Tá táirgí muiceola ar fáil ag ionaid cheadúnaithe speisialta bia.

Homaighnéasachas

Tá iompar homaighnéasach in aghaidh an dlí in Óman. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tuilte

Cé gur aeráid thirim atá in Óman go ginearálta, titeann báisteach throm freisin agus bíonn maidhm thuilte mar thoradh air sin. Gortaíodh agus maraíodh daoine de bharr maidhm thuilte den saghas seo. Seiceáil réamhaisnéis na haimsire go háitiúil agus lorg comhairle faoi choinníollacha taistil, go háirithe má tá tú ag cuimhneamh taisteal a dhéanamh agus tú imithe den bhóthar agus turasóireacht ghníomhaíochta.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Óman, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht de chuid Óman is gaire. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chuig Óman.

Embassy contact

Embassy Contact

If you are an Irish citizen and require emergency out of hours assistance you can contact the Duty Officer at +966 550 543 386.

If your call is not answered or you are unable to make a voice call please send a text message with your name, contact information for you and your sponsor and details of your emergency. The Duty Officer will respond to you as soon as possible.

Embassy of Ireland
Diplomatic Quarter
Riyadh
Saudi Arabia

Tel: +966 11 488 2300
Fax: + 966 11 488 0927

Sunday to Thursday 09:00-11:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Dr. Mohammed Hasan Darwish
Honorary Consul of Ireland
Oman Commercial Centre (O.K. Center)
8th Floor
Suite No. 807
Ruwi
Sultanate of Oman

Postal address:
Honorary Consul of Ireland
P.O. Box 424
PC 100
Muscat
Sultanate of Oman

Tel: + 968 2 470 1282
Fax: + 968 2 470 1278

Email: Email us