Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Panama, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Panama

Má tá tú ag taisteal go Panama, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun Panama

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun Panama. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná foirm dearbhúcháin sláinte a chomhlánú.

Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha i bPanama monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí ar bhonn rialta agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint. 

D’fhéadfaí tuilleadh eolais ar cheanglais iontrála a sheiceáil ar shuíomh gréasáin an údaráis turasóireachta Phanama; agus moltar do gach paisinéir teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid Phanamach áitiúil chun comhairle cothrom le dáta a fháil roimh thaisteal dóibh.

Tá beolíne do thurasóirí á reáchtáil ag Údarás Turasóireachta Phanama.  Is féidir leat scairt a chur ar 178 ó aon ghuthán chun eolas ginearálta maidir le hóstáin chomh maith le turasóireacht, víosa, póilíní, agus nósanna imeachta i bPanama, chun coireacht a thuairisciú agus chun cabhair a fháil ón údarás Panamach.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach i bPanama, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid Éireannach sa Cholóim, áfach, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Slándáil teorann:

Is réigiún contúirteach ar leith é teorainn Phanama-an Cholóim (Bearna Darien). Tá tuarascálacha maidir le coir foréigneach, fuadach agus dúnmharú sa réigiún seo.

Is fadhb í an choir sa Mhurascaill Mhuiscítí, áit ar féidir eagraíochtaí coireachta, amhail grúpaí easaontais agus gáinneálaithe drugaí, a bheith ann.

Tá na réigiúin seo an-chontúirteach de bharr a n-iargúltachta.

Coir:

Is fadhb í coireacht sráide i limistéir amhail Cathair Phanama, Colon agus cúige Chiriqui. D’fhéadfaí go n-áireofar scaoileadh gunnaí, ionradh baile, robálacha armtha, peasghadaíocht, mugálacha, agus gadaíocht sna coireanna sin.  Tá leibhéal coire níos airde i réigiúin ar nós San Miguelito, El Chorillo agus Juan Diaz mar gheall go dtarlaíonn mórchuid na coire sin idir dronga drugaí atá in iomaíocht le chéile.

D’fhéadfadh ionsaithe pearsanta, lena n-áirítear ionsú gnéis, tarlú i gceantair scríbe turasóireachta ar fud Panama.

Déan réamhchúraimí i gcónaí chun tú féin agus do ghiuirléidí a chosaint in aghaidh riosca na coire. Nuair is féidir, socraigh an bealach a mbeidh tú ag taisteal chun do cheann scríbe agus uaidh. Ba cheart a bheith cúramach agus tú ag baint úsáid as an gcóras iompair phoiblí.

Mionchoireacht:

Is rud coitianta é an mhionchoireacht i bPanama, amhail peasghadaíocht agus sciobadh málaí, go háirithe i limistéir ghnóthacha, ar bhusanna agus ag busárais. Tabhair aire do do ghiuirléidí pearsanta agus seachain léirithe saibhris follasacha. Seachain do ghuthán póca a úsáid ar an tsráid.

Ná bain úsáid as Uathmheaisíní Bainc ach amháin i mbainc nó in ionaid siopadóireachta.  Ná bíodh suimeanna móra airgid nó earraí luachmhara ort go poiblí.

Pasanna a cailleadh nó a goideadh:

Bí fíorchúramach le do phas agus cáipéisí pearsanta eile. Má chailltear nó má ghoidtear do phas, d’fhéadfadh go dtógfadh sé ar a laghad trí seachtaine pas nua a fháil, de bharr tosca ama agus achair. Beidh sé i bhfad níos éasca pas nua a fháil más féidir leat cóip den cheann a cailleadh nó a goideadh a sholáthar, mar sin coimeád fótachóipeanna nó scanadh de do phas.

Coir a thuairisciú:

Más íospartach coireachta thú agus tú i bPanama, tuairiscigh do na póilíní áitiúla é láithreach, nó cuir scairt ar 911 ó aon ghuthán. Ní chúiteoidh cuid mhaith comhlachtaí árachais do chaillteanas ó ghadaíocht ach amháin más féidir leat tuarascáil a chur ar fáil do na póilíní. 

Téigh i dteagmháil linn ag an Ambasáid nó ag Consalacht Oinigh má theastaíonn cúnamh uait.

Cúrsaí Polaitiúla:

D’fhéadfadh léirsithe polaitiúla a tharlú ar gearrfhógra, rud ar féidir bóthair faoi bhac agus, uaireanta, rudaí foréigneacha a tharlú mar thoradh orthu. Ba cheart duit agóidí agus léirsithe a sheachaint, monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus comhairle na n‑údarás áitiúil a leanúint.

Tiomáint: Bí cúramach más mian leat tiomáint i bPanama. Is féidir do cheadúnas tiomána Éireannach a úsáid ar feadh tréimhse suas le 90 lá.  Más mian leat tiomáint:

  • Cinntigh go bhfuil do cheadúnas bailí lena úsáid i bPanama agus cinntigh go bhfuil árachas sásúil agus oiriúnach agat
  • Bíodh doirse d’fheithicle faoi ghlas agat agus do mhálaí as radharc chun sciobadh málaí gan choinne a chosc agus tú stoptha sa trácht.

Tacsaithe:

Nuair is féidir, socraigh an bealach a mbeidh tú ag taisteal chun do cheann scríbe agus uaidh agus ná bain úsáid ach as tacsaithe atá curtha in áirithe roimh ré. Moltar go láidir in aghaidh tacsaithe ón tsráid a stopadh. Ní bhaineann tacsaithe úsáid as méadair i bPanama, de ghnáth, agus mar sin moltar táille a shocrú sula dtéitear isteach sa tacsaí.

Feithicil a fháil ar cíos

Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt mar ní slándála. Má cheadaítear do phas a fhótachóipeáil, coinnigh i do radharc é an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas leordhóthanach agat agus léigh an cló beag ar chonradh na feithicle ar cíos (go háirithe aon tarscaoileadh a thiocfaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Snámh sábháilte

Bí cúramach agus tú ag snámh nó agus páirt á glacadh agat i spóirt uisce ar thránna an Aigéin Chiúin agus Mhuir Chairib mar go mbíonn sruthanna agus cúlsruthanna ann. D’fhéadfaí nach mbeadh gardaí tarrthála ar dualgas ag tránna Panamacha.

Ní moltar snámh i mBá Phanama mar go gceaptar go bhfuil sé truaillithe le camras neamhchóireáilte agus dramhaíl thionsclaíoch..

Más mian leat dul ag snámh, seiceáil an chomharthaíocht i gcónaí sula dtéann tú san uisce. Seachain snámh in uisce nuair nach mbíonn snámhóirí eile ann.

Natural Disasters and Climate

D’fhéadfadh creathanna talún tarlú ó am go ham i bPanama. D’fhéadfadh súnámaithe tarlú chomh maith. Bí cinnte go bhfuil tú ar an eolas faoin rud gur chóir a dhéanamh i gcás creatha talún nó súnámaí.

Tá Panama tugtha don bháisteach throm. Bíonn séasúr na báistí ann ó mhí Aibreáin go mí na Nollag, ach bíonn an bháisteach is troime ann i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna go hiondúil. Tarlaíonn tuile agus sciorrthaí talún anois agus arís i limistéir thuaithe. D’fhéadfadh nárbh fhéidir dul tríd roinnt sráideanna cathracha agus bóithre tuaithe de bharr tuile.

I bPanama, tarlaíonn séasúr na hairicíní ó mhí Meithimh go mí na Samhna, ach d’fhéadfadh stoirmeacha tarlú ó cheann ceann na bliana. D’fhéadfadh tuile agus sciorrthaí talún tarlú dá bharr, go háirithe i limistéir thuaithe.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Drugaí mídhleathacha:

Is coir an-dáiríre é gáinneáil ar dhrugaí i bPanama agus tá pionóis chrua roimh smuglálaithe drugaí, gearrtar téarmaí fada i bpríosún de ghnáth.

Is foras gabhála é a bheith i gcuideachta duine atá ag baint úsáid as drugaí.

Pacáil do bhagáiste féin agus coimeád leat é i gcónaí. Ná tóg aon rud leat d’aon duine eile agus tú ag dul tríd an gcustam.

Taistealaithe LADTA:

Is rud dleathach é an homaighnéasacht ach d’fhéadfaí nach nglacfaí leis i gcodanna áirithe na tíre, go háirithe i limistéir thuaithe.

Grianghraif a ghlacadh:

Is rud mídhleathach é grianghraif a ghlacadh d’fhoirgnimh oifigiúla. Iarr cead sula nglacfar grianghraf d’aon duine.

Sláinte

Sláinte

Ba cheart duit a chinntiú go bhfuil árachas sláinte taistil leordhóthanach agat roimh thaisteal duit chomh maith le hairgead inrochtana chun costas d’aon chóir leighis thar lear nó d’aon aisdúichiú a chumhdach.

Vacsaíní

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealóidh tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh Panama. Faigh níos mó eolais faoi vacsaíní ar shuíomh gréasáin FSS.

Saoráidí leighis

Tá caighdeán maith saoráidí cúraim sláinte ann i gCathair Phanama de ghnáth, ach tá teorainn leis an méid saoráidí leighis lasmuigh den chathair. Má theastaíonn cúnamh leighis éigeandála uait cuir scairt ar 911.

Maláire

Is rud measartha coitianta é Maláire i gcodanna de Phanama, lena n-áirítear limistéir imeallacha áirithe Chathair Phanama. Moltar duit comhairle leighis a fháil ar chógas frithmhaláireach roimh thaisteal duit. Tar éis teacht isteach duit, déan réamhchúraimí chun greim a sheachaint ó mhuiscítí trí úsáid a bhaint as líonta leaba agus éarthaigh; agus trí bhróga dúnta, muinchillí fada agus brístí a chaitheamh.

Fiabhras Deinge

Tá fiabhras Deinge eindéimeach do Mheiriceá Laidineach agus don Mhuir Chairib agus d’fhéadfadh sé tarlú ó thús deireadh na bliana. Déan réamhchúraimí in aghaidh greim a fháil ó mhuiscítí a bhfuil fiabhras Deinge acu, muiscítí a bhíonn gníomhach ó thús deireadh an lae.

Chikungunya

Tuairiscíodh cásanna den víreas chikungunya i bPanama. Ba cheart gach réamhchúram a dhéanamh chun greamanna a sheachaint, cosúil le víris a eascraíonn ó mhuiscítí.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Víosa/Pas

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh Éireannacha chun cuairt a thabhairt ar Phanama ar feadh tréimhsí suas le 90 lá. D’fhéadfaí go gcaithfeá fianaise a chur ar fáil, ar theacht isteach duit chun na tíre, de thicéad fillte nó den chéad turas eile.

Ba cheart go mbeadh do phas bailí ar feadh íostréimhse sé mhí ón dáta a thagann tú i dtír i bPanama agus ba cheart go mbeadh ar a laghad leathanach amháin aige nár úsáideadh. Athraíonn ceanglais iontrála ó am go ham, agus mar sin seiceáil na ceanglais sin roimh fhágáil duit leis an Ambasáid nó Consalacht Phanama is cóngaraí duit.

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat. Ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta, chomh maith le leathanach an phas ina bhfuil do víosa Panamach (más infheidhme), agus leathanach an phas ina bhfuil do stampa iontrála.

Teacht isteach ar muir

Moltar dóibh siúd atá ag teacht isteach chun Panama ar bhád príobháideach teagmháil a dhéanamh le Servicio Nacional de Migración Phanama chun eolas a fháil ar cheadúnais iontrála chomh maith leis na táillí agus coinníollacha a bhaineann leo.

 

Embassy contact

Embassy Contact

The Embassy operates an out of hours service for Irish citizens requiring emergency assistance on weekends and public holidays. If you are in need of emergency assistance during these times, you should leave a message on the emergency message system by calling +57 1 657 6060. The emergency message system is checked regularly outside of office hours and a member of the Embassy staff will contact you as soon as possible.

When you leave a message, remember to state your name, the nature of the problem, where you are now, and the details of how the Duty Officer can contact you (e.g. leave your mobile phone number, or the phone number of the hotel/hostel where you are staying).

Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at +353 (0)1 408 2000.

Embassy of Ireland in Colombia
Edificio Tierra Firme
Ak 9 #115-30
Bogotá DC

Tel: +57 1 657 6060

Monday to Friday 09:30-13:30

Contact us

Honorary Consulate Contact

Dr. Juan Carlos Rosas
Honorary Consul of Ireland
Via Espana 122
Torre Delta, 14th Floor
P.O. Box 0834-01774
Panama
Republic of Panama

Tel: +507 264 6633
Fax: +507 264 0269

Email: Email us