Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Ruanda, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Ruanda

Má tá tú ag taisteal go Ruanda, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil dhíreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Ruanda nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoiRuandasula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin ma bhíonn fadhbanna agat labhair le muintir na háite, le d’ionadaí tionscnóra turas nó le bainistíocht d’óstáin. 

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid de chuid na hÉireann iRuanda, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i Kampala inUganda.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú dul i dteagmháil le Ambasáidí nó le Consalachtaí de thíortha eile AE, chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Ceantair Teorann

Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann a bheith cúramach agus iad ag taisteal gar do theorainn Ruanda -DRC de bharr go bhfuil baol troda ann. Ba chóir duit a bheith ar an airdeall mar gur féidir le hionraí, piléir nó lámhach airtléire dul isteach go taobh Ruanda den teorainn. Is iomaí pointe nach bhfuil an teorainn marcáilte. Bí cúramach gan dul thar an teorainn i ngan fhios. Bíonn na trasnuithe teorann idir Ruanda agus PDC ag Gisenyi/Goma agus Cyangugu/Bukavu ar oscailt idir 6am agus 6pm faoi láthair. Is féidir go ndúnfaí an dá theorainn ar ghearrfhógra agus ní cóir duit brath orthu mar phointí imeachta as PDC.

Bí cúramach ag taisteal gar don teorainn leis an mBurúin mar gheall ar éagobhsaíocht agus an baol ó ropaireacht.

Parc National des Volcans

Tá sé sábháilte i gcónaí cuairt a thabhairt ar ghoraillí nó dreapadh ar bholcáin i bParc National des Volcans fad agus a bhaineann tú le turas eagraithe.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht iRuandaíseal, tá baol domhanda ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha i gcónaí ann a bhféadfadh a bheith dírithe ar spriocanna sibhialtacha, lena n-áirítear áiteanna a mheallann turasóirí agus easaoránaigh.

Ionsaithe gránáide

Tugtar rabhadh duit gur féidir le hionsaithe gránáide tarlú iRuanda. Tharla roinnt ionsaithe ó 2011, in Kigali den chuid is mó áit ar bhásaigh daoine in ionsaithe i Márta agus Iúil 2013.

Coiriúlacht

Cé go bhfuil leibhéil choiriúlachta íseal go maith iRuandatá méadú tagtha ar pheasghadaíocht. Déan réamhchúraim chiallmhara i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir. 
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Ruanda, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Kampala in Uganda má bhíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint iRuanda, ba chóir duit a bheith cúramach. Seachain an taisteal ar bhóthar tar éis thitim na hoíche mar nach bhfuil soilse ar bhóithre agus go bhfuil caighdeáin tiomána go dona. Tá an bonneagar bóthair óKigaligo dtí na mórbhailte go léir go maith ar an iomlán ach is féidir le bóithre a bheith cúng agus casta. Más mian leat tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus cinntigh go bhfuil árachas leordhóthanach agus iomchuí agat
  • Tabhair ar aird  go dtiomáintear ar thaobh na láimhe deise
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchtaRuanda, teorainneacha luais mar shampla
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus do mhálaí as radharc le gadaíocht faille a chosc
  • Bí cúramacha i rith na báistí bliantúla amach san earrach agus sa bhfómhar. D’fhéadfadh nach féidir ach le feithiclí ceathair-rotha dul thar bhóithre. D’fhéadfadh go mbeadh sciorrthaí talún nó tuilte ar chuid de na mórbhóithre.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Iompar poiblí

Moltar duit go láidir gan tacsaithe roinnte a thógáil nó tacsaithe rothair ghluaiste de bharr ráta ard timpistí.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Grianghrafadóireacht

Tá cosc ar ghrianghraif a thógáil d’fhoirgnimh phoiblí. 

Málaí plaisteacha

Tá cosc ar mhálaí plaisteacha i Ruanda agus is féidir go dtógfaí uait iad ar theacht ann.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Séasúir na báistí

I rith an dá shéasúr báistí (Feabhra go Bealtaine agus Meán Fómhair go Nollaig), bíonn dianstoirmeacha toirní iRuanda. Tá sciorrthaí talún agus tuilte coitianta freisin i rith na séasúr seo. Má tá tú ag taisteal go Ruanda nó i do chónaí ann, déan monatóireacht ar réamhaisnéisí áitiúla aimsire agus lean treoracha na n-údarás áitiúla i gcónaí maidir le slándáil agus aslonnú.

Crith talún

Tharla na creathanna talún is deireanaí a taifeadadh i Bukavu (in oirthear PDC) agus i  Cyangugu in iardheisceart Ruanda i 2008. Maraíodh roinnt daoine i ngach ceann acu. Má tá tú ag taisteal go Ruanda, faigh eolas ó mhuintir na háite nó ó d’óstán faoi cad ba chóir duit a dhéanamh má tharlaíonn crith talún.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh Éireannacha le dul isteach i Ruanda. Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Ruanda, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le Ambasáid Ruanda i Londain.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.  

Teastais don fhiabhras buí

Is féidir go lorgófar do theastas vacsaínithe don fhiabhras buí agus tú ag seiceáil isteach do d’eitilt goRuandaagus/nó ar shroicheadh Aerfort Idirnáisiúnta Kigali duit.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal goRuandaagus ba chóir duit fótachóip de do phas a bheith ar iompar agat i gcónaí i rith do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal duit féachaint cad iad na vacsaínithe a theastaíonn doRuanda.

Embassy contact

Embassy Contact

The best help is often close at hand so if you have problems, try talking to your local contacts, tour operator representative or hotel management. If there is an emergency, or if you need help and advice, you can contact the Embassy of Ireland Kampala on Tel: +256 417 713 000.

Please note that if you are an Irish citizen and require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, +256 417 713 000, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
Post Office Box 7791
Plot 25, Yusuf Lule Road
Nakasero
Kampala
Uganda

Tel: +256 417 713 000
Fax: + 256 414 344 353

Monday to Thursday 10:00-12:00 and 14:00-16:00

Contact us