Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Sead, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Sead

Má tá tú ag taisteal go Sead, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanfaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Seachain Taisteal Neamhriachtanach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an tír seo nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Níl Ambasáid ná Consalacht ag Éire sa tír agus mar sin ní féidir linn comhairle taistil mhionsonraithe a fhíorú lena chinntiú go bhfuil sí cruinn, cuí agus cothrom le dáta.

Is féidir leat do chuid taighde féin a dhéanamh, áfach; tá naisc chuig tuilleadh comhairle taistil ó aireachtaí eachtracha eile le fáil sa rannán Eolas Breise.

Molaimid freisin go léifeá an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa tír, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála.

Áitiúil

Is minic gur fearr a mbíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin. 

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má tharlaíonn éigeandáil nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le hAmbasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

D’ainneoin na cobhsaíochta a bhí ann le gairid, agus cé nach eol gur bagraíodh ar shaoránaigh Éireannacha, d’fhéadfadh go ngabhfadh timpeallacht slándála Shead, atá luaineach ó thaobh na staire, chun donais gan choinne, go háirithe sa tuaisceart, san oirthear agus i gceantair cois teorann. Tá baol ann freisin go bhféadfadh go mbrúfadh ceannairc Boko Haram thar teorainn na Nigéire amach.

Moltar gan aon taisteal neamhriachtanach a dhéanamh go Sead, ach amháin chuig an bpríomhchathair, N’Djamena. Moltar go láidir duit gan taisteal go dtí na réigiúin seo a leanas:

  • Aon cheantar ar theorainn Loch Sead nó laistigh de 30km de na teorainneacha le Camarún, leis an Nigéir, leis an Nígir, leis an Libia agus le Poblacht na hAfraice Láir (tá teorainn Shead-CAR dúnta ó 12 Bealtaine 2014);
  • Réigiúin Sila, Wadi Fira, Ennedi agus Tibesti;
  • Réigiún Ouaddaï (ach amháin baile Abéché);
  • Réigiún Borkou (ach amháin taisteal laistigh de 30km de bhaile Faya Largeau).

I gcás N’Djamena, moltar duit gan taisteal mórthimpeall na cathrach ach faoi sholas an lae agus gan siúl ar an tsráid. Tuairiscíodh teagmhais robála, fuadach armtha gluaisteáin agus dúnmharú ar fud na tíre, N’Djamena san áireamh. Cé nach raibh aon tuairiscí faoi fhuadach ar mhaithe le hairgead fuascailte le deireanaí, d’fhéadfadh sé tarlú i gcónaí. Seiceáil le do thoil leis an aerlíne roimh eitiltí a chur in áirithe chuig N’Djamena toisc go bhfuil eitiltí as roinnt tíortha san Afraic Thiar curtha ar fionraí ó bhris an víreas Ebola amach.

Má chreideann tú go bhfuil gnó riachtanach agat i gceantar seachas N’Djamena nó sna ceantair “gan taisteal” atá liostaithe thuas, moltar go láidir duit dul i gcomhairle le do theagmhálaithe i Sead roimh thaisteal duit agus plean slándála mionsonraithe a bheith agat roimh an turas. Níl ambasáid chónaitheach ag Éirinn i Sead agus ní bheidh ach cumas an-teoranta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála cuidiú leat dá dtarlódh go mbeifeá i gcruachás.

Moltar duit dul i muinín na comhairle taistil do Shead ag an British Foreign and Commonwealth Office a bhfuil mapa an-úsáideach ann a aibhsíonn ceantair ina moltar do shaoránaigh na Breataine gan taisteal iontu. Tá an mapa ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.uk/foreign-travel-advice/chad

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Is tír Mhoslamach go príomha í Sead. Bí feasach ar a ndéanann tú agus ar an gcaoi a ngléasann tú lena chinntiú nach maslaíonn siad creidiúintí reiligiúnacha agus nósanna cultúrtha. Cé nach bhfuil dlíthe ar leith ann a dhíríonn ar dhaoine LGBTI, ní ghlactar go forleathan leis an homaighnéasacht i sochaithe na hAfraice Láir. Is fearr b’fhéidir aon léiriú poiblí geana a sheachaint, cuma cén gnéaschlaonadh atá agat.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tá aeráid te, trópaiceach ag Sead agus séasúr báistí ann ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair, go háirithe sa deisceart. Féach “Eolas Breise”, le do thoil, le comhairle a fháil faoi vacsaínithe.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Tá víosa iontrála éigeantach agus déanfar aon taistealaí gan víosa iontrála a choinneáil chun é a dhíbirt. Ní mór do phas a bheith bailí ar feadh 6 mhí ar a laghad ón dáta a théann tú isteach i Sead agus ba chóir dhá leathanach atá folamh go hiomlán a bheith ann. Tá sé éigeantach clárú leis an Aireacht Slándála Poiblí agus Inimirce taobh istigh de 72 uair an chloig tar éis an tír a shroicheadh. D’fhéadfadh go mbeadh cead riachtanach chun taisteal lasmuigh de N’Djamena agus ní mholtar é seo (féach an tab “Sábháilteacht agus Slándáil” ar chlé).

Is riachtanas réamhiontrala é teastas vacsaínithe don Fhiabhras Buí. Téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh maidir le vacsaínithe eile agus leis an maláire. Tá árachas cuimsitheach leighis agus taistil riachtanach, lena n-áirítear soláthar d’aisdúichiú leighis éigeandála. Tá seirbhísí sláinte teoranta agus ní ann do sheirbhísí éigeandála. Ba chóir cógais ar oideas a thabhairt leat. Seachain an snámh nó lapadaíl in uisce úr de bharr baol Bilharzia (Schistosomiasis). Úsáid uisce buidéalaithe don ól agus le d’fhiacla a scuabadh agus seachain oighear mura mbíonn tú cinnte gur as uisce buidéalaithe a rinneadh é.

Tá cosc ar ghrianghraf d’aerfoirt, d’fhoirgnimh rialtais agus de shuíomhanna míleata a ghlacadh agus teastaíonn cead le haghaidh gach cineál grianghrafadóireachta eile. Bí cinnte go mbíonn cáipéis aitheantais á iompar agat i gcónaí mar má theipeann ort fianaise aitheantais a chur ar fáil d’fhéadfadh go gcuirfeadh na póilíní faoi choinneáil tú. Tá dianphionóis i bhfeidhm i Sead maidir le sealbhú, úsáid nó gáinneáil drugaí mídhleathacha, agus féadfaidh coinne a bheith ag ciontóirí ciontaithe le tréimhsí fada i bpríosún agus fíneálacha troma. Tá fóin satailíte mídhleathach i Sead.

Embassy contact

Embassy Contact

Irish citizens who require urgent assistance while the Embassy is closed can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs and Trade on +353 1 408 2000.

The Duty Officer will refer the matter to the Embassy.

Embassy of Ireland
11 Negro Crescent
Maitama
Abuja
Nigeria

Tel: +234 9 462 1080

Monday to Thursday 09:00-16:00; Friday 09:00-12:00

Contact us