Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Singeapór, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Singeapór

Má tá tú ag taisteal go Singeapór, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Shingeapór nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Shingeapór sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháíl a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i Singeapór.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Léirsithe

Ba chóir duit tionóil sráide agus léirsithe poiblí a sheachaint; tá dlíthe diana i Singeapór maidir leis líon na ndaoine a fhéadfaidh léirsiú in áit ar leith ag am faoi leith.

Coiriúlacht

Is cathair sách sábháilte é Singeapór, ach ba chóir duit réamhchúram bunúsach a dhéanamh mar sin féin agus bí ar an eolas go bhféadfadh lucht goidte málaí a bheith ann.

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Singeapór, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann má tá cabhair uait.

Tiomáint

Tá rialacha an bhóthair i Singeapór cosúil le cinn na hÉireann tríd is tríd. Bítear ag tiomáint ar thaobh na láimhe clé, agus tá na bóithre nua-aimseartha agus á gcothabháil go maith.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Shingeapór, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Ná bíodh aon bhaint agat le drugaí d’aon chineál: féadfar téarma príosúin a ghearradh as fiú méideanna beaga d'aon druga a bheith i seilbh duine agus tá pionós an bháis i Singeapór as gáinneáil ar dhrugaí.

Céannacht phearsanta

Bíodh ábhár céannachta pearsanta ar iompar agat i gcónaí – d’fhéadfaí iarraidh ort é a thaispeáint le linn do chuairte, mar shampla, na póilíní. Moltar duit fótachóipeanna de na leathanaigh ábhartha i do phas agus do chárta isteach a bheith ar iompar agat agus na cáipéisí bunaidh a choimeád in áit shábháilte.

Cionta coiriúla

Féadfar fíneáil, téarma príosúin nó pionós corpartha a ghearradh as an gcion ‘anfhorlann modhúlachta’ (ainteagmháil). Seachain aon ghníomh a d’fhéadfaí a thógáil mar ainteagmháil agus bí cúramach in aon chás a d’fhéadfadh a bheith ina chamscéim lena mbaineann éilimh bhréige maidir le hainteagmháil.

Is féidir le coireanna cine, lena n-áirítear mí-úsáid ó bhéal agus mí-úsáid chorpartha a bheith faoi réir ag phionóis ghéara.

Cúltúr áitiúil

Tá caighdeáin iompair i Singeapór coimeádach tríd is tríd agus ba chóir duit léiriú geana go poiblí a sheachaint.

Homaighnéasachas

Tá gníomhaíocht homaighnéasach idir fir neamhdhleathach agus d’fhéadfadh gabháil agus téarma príosúin leanúint as. Níl aon dlíthe sonracha i Singeapór in aghaidh gníomhartha homaighnéasacha idir mná, ach ba chóir duit a bheith ar an eolas maidir le dlíthe agus íogaire áitiúla.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tubaistí nádúrtha

Cé go bhfuil Singeapór i réigiún ina dtarlaíonn creathanna talún, súnámaithe, tíofúin, tuilte, agus drochaimsir, ní raibh tionchar díreach ag tubaistí nádúrtha ar an áit le blianta beaga anuas.

 

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Shingeapór, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid Shingeapór.

Pas

Caithfidh do phas a bheith bailí ar feadh sé mhí ar a laghad má tá tú ag taisteal go Singeapór. 

Sláinte

Tá seirbhísí sláinte den chéadscoth i Singeapór. Ba chóir duit, áfach, seiceáil le do dhochtúir go bhfuil aon vacsaínithe a theastaíonn uait agat sula n-imíonn tú. Ba chóir duit árachas liachta cuimsitheach a bheith agat sula n-imíonn tú go Singeapór, mar go bhféadfaidh cóireáil agus cógas a bheith an-chostasach.

Fiabhras Deinge

Tá fiabhras deinge coitianta i Singeapór. Tuairiscítear 4,000 go 5,000 cás gach uile bhliain. Ba chóir duit réamhchúram dóthanach a dhéanamh in aghaidh muiscítí.

Truailliú aeir

Bíonn leibhéil arda truaillithe aeir (‘ceobhrán’) i Singeapór uaireanta, a thagann ó dhóiteáin a bhíonn a réiteach talún san Indinéis. Molaimid do gach cuairteoir agus do cónaitheoir as Éirinn monatóireacht a dhéanamh ar nuashonraí agus ar chomhairle ó Ghníomhaireacht Chomhshaoil Náisiúnta Shingeapór (NEA)

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +65 6238 7616. If you call outside normal working hours with an emergency involving an Irish citizen, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.

You may also wish to call the Department of Foreign Affairs in Dublin directly at +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Ireland House
541 Orchard Road
#08-00 Liat Towers
Singapore 238881

Tel: +65 6238 7616
Fax: +65 6238 7615

Monday to Friday 09:30-13:00 and 13:30-16:30

Contact us