Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Srí Lanca, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Srí Lanca

Má tá tú ag taisteal go Srí Lanca, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Srí Lanca nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Má chónaíonn tú i Srí Lanca, ba chóir duit clárú le Consalacht na hÉireann in Colombo.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Srí Lanca sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i Srí Lanca, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má bhíonn cabhair agus comhairle uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Consalacht na hÉireann in Colombo nó le hAmbasáid na hÉireann in Deilí Nua, san India.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil  a dhéanamh le Ambasáidí nó Consalachtaí de thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tháinig deireadh leis an gcoimhlint idir rialtas Shrí Lanca agus na LTTE (‘Tamil Tigers’) sa bhliain 2009 agus tá an chríoch ar fad i Srí Lanca anois faoi smacht an rialtais. Tá foréigean spreagtha ag polaitíocht, fuadach agus coiriúlacht, áfach, fós ina saincheisteanna i Srí Lanca, go háirithe sa tuaisceart agus san oirthear.

Tá cumhachtaí fadréimseacha lánroghnacha ag na fórsaí slándála agus cuirtear daoine, go háirithe d’eitneachas Tamil, faoi choinneáil. Ba chóir duit céannacht fhoirmiúil le grianghraf, ar nós cóip de do phas, a bheith ar iompar agat i gcónaí. Má chuirtear faoi choinneáil tú, iarr ar na húdaráis teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Deilí Nua.

Tá borradh mór faoin náisiúnachas i Srí Lanca ó tháinig deireadh leis an gcoimhlint mhíleata. Tá ardú tagtha ar reitric Frith-Thíortha an Iarthair, lena n-áirítear pearsana sinsearacha rialtais.

Má chónaíonn tú i Srí Lanca nó má tá tú ar cuairt sa tír, bí airdeallach i gcónaí. Coinnigh súil ghéar ar eachtraí áitiúla, déan monatóireacht ar na meáin áitiúla, bí airdeallach ar do thimpeallacht agus seachain cruinnithe polaitiúla nó léirsithe. Cloí i gcónaí le treoracha slándála agus le treoracha ón rialtas.

Taisteal réigiúnach

Ní theastaíonn ó náisiúnaigh coigríche, ach amháin ó chriúnna coigríche na meán, cead a fháil a thuilleadh ó Roinn Cosanta Shrí Lanca sula dtéann siad ag taisteal i limistéir Jaffna, Kilinochchi, Mannar, Mullaittivu agus Vavuniya sa tuaisceart. 

Tá láithreacht  láidir mhíleata i gcónaí, áfach, i dtuaisceart agus in oirthuaisceart Shrí Lanca. Tá saoirse ghluaiseachta ann, ach má tá tú ag taisteal ó thuaidh, d’fhéadfá i gcónaí a theacht trasna ar shrianta rochtana timpeall ar ionaid mhíleata agus áiteanna a bhfuil oibriúcháin dímhianadóireachta ag leanúint ar aghaidh. Is féidir leat eolas cothrom le dáta a fháil maidir le  rochtain ar bhaile nó ar cheantar áirithe ó Oifigeach Idirchaidrimh Míleata Shrí Lanca (teileafón: +94 11 2430 860).

Mianaigh talún

Is féidir le ordanáis agus mianaigh neamhphléasctha a bheith ina gcontúirt i dtuaisceart agus in oirthuaisceart Shrí Lanca, mar sin géill d’orduithe ó na fórsaí slándála agus comharthaí foláirimh faoi dhainséar ó mhianaigh talún. Ná himigh de na príomhbhóithre, go háirithe in áiteanna faoin tuath, agus seiceáil le muintir na háite nó le d’ionadaí tionscnóra turas i gcónaí sula dtéann tú chuig réigiúin atá buailte.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol ard ó sceimhlitheoireacht i Srí Lanca. Cé go bhfuarthas bua míleata ar an LTTE sa bhliain 2009, ní féidir ionsaithe a chur as an áireamh agus d’fhéadfaidís a bheith neamh-idirdhealaitheach.

Coiriúlacht

Cé go mbíonn formhór na gcuairteanna a thugtar ar Srí Lanca saor ó thrioblóid, coinnigh súil amach do mhionghadaíocht ar nós peasghadaíocht, go speisialta in áiteanna atá plódaithe le daoine. Cé nach dtarlaíonn sé ró-mhinic, tuairiscíodh coireanna foréigneacha ar eachtrannaigh, mar sin ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Calaois chártaí creidmheasa

Tuairiscíodh calaois chártaí creidmheasa i Srí Lanca, mar sin tabhair aire de do chártaí creidmheasa agus ATM. Bain úsáid as airgead tirim nuair is féidir agus ná húsáid ach innill ATM atá ceangailte le bainc nó le hóstáin mhóra. Ná himíodh do chárta creidmheasa as amharc do shúl nuair a úsáideann tú é.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Srí Lanca, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Consalacht na hÉireann in Colombo nó ag Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua san India má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i Srí Lanca, ba chóir duit a bheith cúramach. Is iomaí timpiste bóthair a tharlaíonn de bharr droch-chaighdeán tiomána agus droch-chothabháil ar na bóithre. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Ní leor ceadúnas de chuid na hÉireann ná ceadúnas idirnáisiúnta iontu féin – beidh ort do cheadúnas idirnáisiúnta tiomána agus ceadúnas atá aitheanta i Srí Lanca a thabhairt leat chun tiomáint i Srí Lanca. Is féidir leat ceadúnas aitheanta a fháil san AA in Colombo.  Bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Shrí Lanca, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Níl sé daor carr a fhruiliú in áiteanna turasóireachta. Ach má tá feithicil á fruiliú agat, áfach, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Iompar poiblí

Is modhanna iompair sách dainséarach iad busanna agus traenacha i Srí Lanca. Ba chóir duit cuimhneamh tacsaí a thógáil ina n-áit, mar go bhfuil siad saor in áiteanna turasóireachta.

Sábháilteacht uisce

Tá sruthanna láidre, sruthanna abhann dainséaracha agus tonnta móra ar go leor tránna agus ceantair cois cósta i Srí Lanca. Iarr comhairle áitiúil i gcónaí sula dtéann tú isteach san uisce agus bí airdeallach faoi na dainséir.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Aitheantas pearsanta

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba choir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar dhrugaí neamhdhleathacha a bheith i do sheilbh, iad a thrádáil agus ar mhangaireacht drugaí, lena n-áirítear pionós an bháis. 

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas in aghaidh an dlí i Srí Lanca. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Éadach

Bíodh meas agat ar íogaireachtaí agus ar noirm áitiúla feistis. Ní cheadaítear bolg le gréine a dhéanamh nocht ná gan barréadach, agus ba chóir duit feisteas measartha a chaitheamh nuair a thugann tú cuairt ar theampaill agus ar scrínte beannaithe.

Grianghrafadóireacht

Ní cheadaítear grianghraif a ghlacadh gar d’fhoirgnimh rialtais ná d’ionaid mhíleata. Ba chóir duit meas a léiriú nuair a thugann tú cuairt ar theampaill nó ar scrínte beannaithe. Sa bhliain 2012 gearradh sé mhí príosúin agus obair chrua in éineacht leis, curtha ar fionraí ar feadh cúig bhliana ar thriúr náisiúnach coigríche, agus cuireadh fíneáil orthu freisin as mothúcháin reiligiúnacha Búdaithe a ghortú trí ghrianghraif a ghlacadh a measadh a bhí maslach. Níor chóir duit grianghraf a ghlacadh duit féin in aice le dealbh den Búda.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Báisteach agus tuilte

Tarlaíonn tuilte intíre agus sciorrthaí talún go minic i rith séasúir na báistí. Tabhair ar aird go bhfuil dhá shéasúr báistí éagsúla ann i Srí Lanca. Is iad sin Bealtaine go Lúnasa san Iardheisceart agus Samhain go Feabhra san Oirthuaisceart.

Le linn shéasúr na báistí (Bealtaine go Lúnasa san Iardheisceart, Samhain go Feabhra san Oirthuaisceart) ba chóir duit labhairt le do thionscnóir turas nó le bainistíocht d’óstáin sula dtéann tú ag taisteal agus déan monatóireacht ar na meáin áitiúla d’fhógraí aimsire.

Súnámaí

I Nollaig na bliana 2004 mharaigh súnámaí os cionn 30,000 duine agus déanadh damáiste forleathan ar chósta thiar-theas, theas agus thoir Shrí Lanca. Bí airdeallach ar fholáireamh  súnámaí arna eisiúint ag na húdaráis. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi céard is ceart a dhéanamh i gcás súnámaí trí féachaint ar shuíomh gréasáin an Ionaid Idirnáisiúnta Eolais Súnámaí.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Caithfidh gach turasóir a théann ar cuairt chuig Srí Lanca Údarás Leictreonach Taistil (ETA) a bheith acu sular féidir leo dul go Srí Lanca. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi ETAanna anseo.

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Shrí Lanca, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid Shrí Lanca in Londain. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat nuair a théann tú ar cuairt go Srí Lanca agus ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil leis an té an chuireann cúram sláinte ar fáil duit má tá aon vacsaíniú nó aon chóireáil choisctheach eile ag teastáil uait roimh thaisteal chuig Srí Lanca.

Maláire agus Fiabhras Deinge

Tá baol maláire agus Fiabhras Deinge ann i Srí Lanca. Seachain greamanna muiscítí trí tú féin a chlúdach agus éarthaigh muiscítí a úsáid.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Sri Lanka; please contact Embassy of Ireland India.

Embassy of Ireland
C17 Malcha Marg
Chanakyapuri
New Delhi 110 021
India

Tel: +91 11 4940 3200
Fax: +91 11 4059 1898

Monday to Friday 09:00-13:30 and 14:30-17:00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Manik Pereira
Honorary Consul of Ireland
Pership House (ONE)
No. 72C Bauddhaloka Mawatha
Colombo 04
Sri Lanka

Assistant: Ms. Nilima Ranaweerasinghe,
PA to Co-Chairperson (Pership)
Ireland Consulate – Colombo

Tel: +94 11 4523900 / +94 11 2587895
Tel: +94 773 936126
Fax: +94 112 598705

Email: Email us