Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Uganda, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

Uganda

If you’re travelling to Uganda, our travel advice and updates give you practical tips and useful information. 

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Uganda nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá. 

Comhairle uainne

Moltar duit an oiread agus is féidir a fhoghlaim faoi Uganda sula dtugann tú faoi d’aistear.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gurb í an chabhair is gaire duit is fearr. Dá réir sin, má bhíonn fadhbanna agat, féach le labhairt leis na daoine áitiúla sin a bhfuil tú i dteagmháil leo, ionadaí an tionscnóra turais nó bainistíocht an óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann in Kampala

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat. 

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn ag cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitiúil

Tá cúrsaí polaitíochta in Uganda sách íogair. Féadann cúrsaí dul in olcas go sciobtha agus féadann rudaí contúirteacha tarlú. Coinnigh tú féin ar an eolas i gcónaí faoina bhfuil ar siúl timpeall ort trí fhaireachán a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí choinneáil i dteagmháil le d’óstán nó le do thionscnóir turais.

Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí. Uaireanta féadfaidh siad a bheith achrannach. Fan amach ó láithreáin mhíleata – féadfaidh go mbeidh cosc ar ghrianghraif a ghlacadh d’ionaid mhíleata nó slándála agus d’fhoirgnimh phoiblí áirithe nó d’áiteanna taobh leo. 

Taisteal sna réigiúin

Féadann taisteal a bheith sách deacair agus contúirteach. Dá réir sin ná téigh lasmuigh de na príomhbhailte mura bhfuil tú lánmhuiníneach faoi do shábháilteacht. Moltar duit gan taisteal lasmuigh den bhaile mór sa dorchadas.

Moltar duit gan taisteal ar chor ar bith chuig Karamoja in oirthuaisceart Uganda. Féadann luíocháin bhóthair agus clonscairtí foréigneacha tarlú gan choinne sa réigiún. Eisceacht is ea Páirc Náisiúnta Ghleann Kidepo, ach moltar duit cuair a thabhairt uirthi d’aer seachas de bhóthar.

Má tá tú ag smaoineamh ar thaisteal chuig thuaisceart nó iarthar Uganda, comhairlítear duit taighde maith a dhéanamh faoin gcor slándála agus réamhchúram cuí a ghlacadh, go háirithe in aice leis na teorainneacha le Daon-Phoblacht an Chongó agus leis an tSúdáin Theas.

Seachain ceantar teorann Dhaon-Phoblacht an Chongó timpeall Loch Albert, mura mbeidh na socruithe ar fad déanta roimh ré le húdaráis Uganda agus Dhaon-Phoblacht an Chongó. Má bhíonn tú ag taisteal le hoibreoir falróide goraille, cinntigh nach ngabhann siad thar teorainn isteach in oirthear Dhaon-Phoblacht an Chongó.

Sula dtaistealaíonn tú chuig limistéar teorann Cheantair Kisoro agus Kanugu, téigh i dteagmháil le hÚdarás Fiadhúlra Uganda agus le do lóiste/le d’óstán leis an gcomhairle is déanaí a fháil.

Páirceanna Náisiúnta

Téigh i dteagmháil le Údarás Fiadhúlra Uganda chun an t-eolas is cothroime le dáta fáil sula dtugann tú faoi thaisteal chuig aon cheann de na Páirceanna Náisiúnta.

  • Is iondúil go dtéann pearsanra slándála i dteannta turasóirí le linn goraillí a chuardach i gcás Pháirc Náisiúnta Mgahinga agus Fhoraois Dhothreáite Bwindi
  • Faigh comhairle ó dhaoine áitiúla sula ndéanann tú aon taisteal chuig Ceantar Bundibugyo, agus Páirc Náisiúnta agus Comarclann Semiliki in iarthar Uganda.
  • Níor chóir tabhairt faoi thaisteal chuig cuid thuaisceartach Pháirc Náisiúnta Eas Murchison ach amháin i gcuideachta maoir géim armáilte ag a bhfuil trealamh cumarsáide atá ag feidhmiú

Fuadach

Tá saoránaigh eachtrannacha i mbaol fuadaigh agus dá réir sin ba chóir duit cúram ar leith a ghlacadh agus tú ag taisteal in Uganda:

  • Faigh comhairle ó dhaoine áitiúla a bhfuil tú i dteagmháil leo i dtaobh fanacht slán
  • Seachain taisteal san oíche, go háirithe i lár cathrach
  • Seachain taisteal i d’aonar
  • Déan deimhin de go bhfuil doirse uile an charr faoi ghlas agus tú ag tiomáint
  • Malartaigh do bhealaí taistil agus do thráthanna imeachta – seachain patrúin a d’fhéadfaí a rianú

Tabhair aird ar leith ar na meáin áitiúla le haghaidh tuairiscí faoi ghníomhaíochtaí fuadaigh

Coiriúlacht

Cé gur cathair sách sábháilte í Kampala, príomhchathair Uganda, moltar duit gnáth-réamhchúraimí a ghlacadh cibé uair a bhíonn tú in Uganda.

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar chaiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain siúl san oíche agus déan socrú go mbaileofar tú agus go bhfágfar ar ais tú chomh gar agus is féidir do dhoras d’óstáin nó d’árasáin  

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú in Uganda, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Agus féadfaidh tú dul i dteagmháil linn ag Ambasáid na hÉireann má bhíonn aon chabhair uait. 

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint in Uganda ba chóir duit a bheith an-chúramach.  Tá na caighdeáin sábháilteachta bóthair íseal, go háirithe lasmuigh de na cathracha agus na bailte móra. Tarlaíonn timpistí go minic agus is é is cúis leo go minic, drochthiomáint, feithiclí nach gcoinnítear caoi orthu, easpa síneacha tráchta, ainmhithe fánacha, coisithe agus drochshoilsiú. Cuimhnigh go dtiomáineann an trácht ar an taobh clé agus más coisí tú, bí cúramach agus bóithre á dtrasnú agat.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Uganda, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar láimh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Uisce

Ná ól agus ná úsáid aon uisce ach uisce beirthe nó uisce buidéil.

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus nósanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár gcomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula n-imíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú an áit amach.
  • Cuimhnigh go bhfuil feidhm ag na dlíthe áitiúla maidir leat, agus tusa atá freagrach as iad a leanúint
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó fiú in aghaidh an dlí.

Cultúr áitiúil

Tír an-chairdiúil is ea Uganda, ach go bhfuil sé coimeádach i gcúrsaí sóisialta. Ní mholtar go hiondúil rógheanúlacht a léiriú go poiblí

Breabaireacht agus éilliú

Tá feidhm ag dlíthe áirithe de chuid na hÉireann, amhail na dlíthe sin a bhaineann le breabaireacht a dhéanamh ar oifigigh phoiblí eachtrannacha, maidir le saoránaigh Éireannacha agus iad thar lear; má dhéanann tú na cionta sin agus tú thar lear féadfaidh go gciontófar tú in Éirinn.

Homaighnéasachas

Tá gníomhaíocht homaighnéasach mídhleathach agus is beag glacadh sóisialta atá leis an homaighnéasachas in Uganda.

Drugaí mídhleathacha

Gabhann dianphionóis le húsáid mhídhleathach drugaí (cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúin.

 

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Séasúr na báistí

Ó Mhárta go Bealtaine agus ó Dheireadh Fómhair go Samhain a bhíonn séasúir na báistí ann in Uganda go hiondúil, cé go bhfuil sé tarlaithe, ionann agus réigiúin eile ar domhan, go raibh tionchar ag athrú aeráide air sin. Ba chóir duit aire dhlúth a thabhairt do na tuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.

Tuilte

D’fhéadfadh tuilte agus sleamhnuithe láibe tarlú ar fud na tíre mar thoradh ar bháisteach throm. Má tá tú ag taisteal go dtí Uganda, coinnigh súil ar réamhaisnéisí aimsire áitiúla.

Bolcán

Tá Uganda lonnaithe i gcrios seismeach agus féadfaidh go dtarlóidh anachana  nádúrtha de bharr gníomhaíocht bholcánach réigiúnach. Tá Sliabh Elgon socair i láthair na huaire. Ba chóir duit aird chúramach a thabhairt ar gach aon fholáireamh a eisítear.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Faigheann cuairteoirí víosa saor in aisce (stampa ar an bpas) ag aerfort Entebbe nó ag pointí iontrála teorann. Is iondúil go mbíonn an víosa bailí go ceann míosa tar éis duit teacht isteach.  Ba chóir go mbeadh do phas bailí go ceann 12 mhí tar éis an dáta iontrála.

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Uganda, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht de chuid Uganda is gaire duit.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le haghaidh na tíre seo.

Fiabhras buí

Ní mór duit deimhniú vacsaínithe fiabhrais bhuí a sholáthar sa chás gur thaisteal tú ó thír a bhfuil fiabhras buí ann. Mura bhfuil deimhniú bailí agat, féadfar cead isteach a dhiúltú duit.

Ebola

Fógraíodh go hoifigiúil ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar an 16 Eanáir 2013 go bhfuil Kampala saor ó Ebola tar éis tréimhse iarfhaireachais 42 lá a chomhlíonadh tar éis ráig Ebola i Luweero i mí na Samhna 2012

Fiabhras Rith Fola Marburg

Ar an 21 Deireadh Fómhair 2012, dheimhnigh Aireacht Sláinte Uganda go raibh cásanna d’Fhiabhras Rith Fola Marburg in Uganda agus dhearbhaigh siad go raibh deireadh leis an ráig ar an 3 Eanáir 2013. Níor mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte aon srianta taistil ná trádála ar Uganda de bharr na ráigeanna sin.

Embassy contact

Embassy Contact

If there is an emergency, or if you need help and advice, you can contact the Embassy of Ireland Kampala on Tel: +256 417 713 000.

Please note that if you are an Irish citizen and require urgent assistance while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, +256 417 713 000, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox. This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
Post Office Box 7791
Plot 25, Yusuf Lule Road
Nakasero
Kampala
Uganda

Tel: +256 417 713 000
Fax: +256 414 344 353

Monday to Thursday 10:00-12:00 and 14:00-16:00; Friday 10:00-12:00

Contact us