Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Seachain thú féin ar an bhFána – Comhairle Taistil faoi Spóirt Gheimhridh

Winter Travel Advice

Má tá sé i gceist agat dul ar thuras sciála nó clársciála i mbliana, déan cinnte de go mbeidh tú slán sábháilte, seachain nach ngortófaí thú agus bíodh spraoi agus scléip agat trí chloí leis na leideanna seo a leanas uainn:

  1. Déan cinnte de go bhfuil árachas taistil cuimsitheach agat a chlúdaíonn na gníomhaíochtaí is mian leat a dhéanamh agus, más ag taisteal san Eoraip atá tú, ní mór an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a bheith agat agus é a bheith bailí.

 

  1. Bíodh a fhios agat cén uair le stopadh agus bí ar an eolas gur mó a rachaidh deochanna meisciúla i bhfeidhm ort agus tú in airde, rud is féidir leis tionchar a bheith aige ar do chomhordú agus ar an achar ama a thógfadh sé ort freagairt don rud atá ag tarlú duit.

 

  1. Smaoinigh ar chlogad a chaitheamh. Cé gur do rogha phearsanta féin é sin, éilítear ina lán polasaithe árachais nach mór duit ceann a chaitheamh ar na fánaí beag beann ar na ceanglais dlí sa cheantar.

 

  1. Is láidre i bhfad an ghrian agus tú in áit chrochta agus mar sin moltar uachtar gréine atá sách láidir a chaitheamh agus a chinntiú go bhfuil cosaint 100% ar UV ag do chuid spéaclaí cosanta nó spéaclaí gréine.

 

  1. D'fhéadfadh aicmiú éagsúil a bheith i bhfeidhm maidir leis na fánaí sciála i mbailte sciála agus tíortha éagsúla lena léiriú cén dúshlán a bhaineann leo, agus mar sin is maith an plean é a sheiceáil cén t-aicmiú a úsáidtear i do bhaile sciála ionas go mbeidh a fhios agat cé na fánaí is fearr a oireann do do leibhéal cumais féin.

 

  1. Má fheiceann tú timpiste, téigh i dteagmháil leis na seirbhísí tarrthála áitiúla ar an bpointe agus coinnigh an limistéar slán trí phéire scíonna a leagan trasna ar a chéile os comhair an té atá gortaithe, nó clár sneachta.

 

  1. Roimh dhul amach ar na fánaí duit, seiceáil na dálaí aimsire trí mhonatóireacht a dhéanamh ar thuairiscí áitiúla, ar réamhaisnéis na haimsire agus ar an mbaol go dtarlódh maidhm shléibhe. Ba cheart go mbeadh fáil ar an eolas sin ag stáisiúin na n-ardaitheoirí i do bhaile sciála.