Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

Íospartach na Coireachta

D’fhéadfadh sé goilleadh go mór ort más íospartach na coireachta thú agus tú thar lear. Is féidir lenár bhfoireann consalachta cabhrú leat aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna praiticiúla a d’fhéadfadh a bheith os do chomhair.

Robáil, gadaíocht, caillteanas

Pas a cailleadh nó a goideadh

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit.

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Is féidir linn pas ionaid a thabhairt duit, rud a chuirfidh ar do chumas do thuras a chur i gcrích, nó:
  • Is féidir linn cáipéis thaistil éigeandála a thabhairt duit, cáipéis a ligfidh duit dul abhaile.

Déanfaimid ár ndícheall chun cabhrú leat chomh luath agus is féidir linn, ach seans go nglacfaidh sé seo go leor ama. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil duit.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire duit chun a fháil amach cad ba chóir duit a dhéanamh chun pas nua a fháil. Beidh siad in ann comhairle a thabhairt duit maidir leis na táillí a bhíonn i gceist.

Airgead nó cártaí bainc a cailleadh

Má ghoidtear nó chailltear do charta bainc, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an institiúid airgeadais ábhartha chun úsáid mhídhleathach a chosc.

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Is féidir linn tú a chur ar an eolas faoi conas a d’fhéadfá airgead a aistriú chugat ó Éirinn.
  • Is féidir linn cabhrú leat tuairisc a dhéanamh leis na póilíní áitiúla.

Molaimid duit caillteanas nó gadaíocht a thuairisciú chuig na póilíní áitiúla. Bheadh teastas póilíní a thugann eolas ar an méid a cailleadh ag teastáil de ghnáth sula mbeadh comhlacht árachais sásta éileamh árachais a íoc.

 

Timpiste nó ionsaí

Má tharlaíonn timpiste duit nó dhéantar ionsaí ort agus tú thar lear, déanaimid gach rud gur féidir linn chun cabhrú leat.

An méid gur féidir linn a dhéanamh

  • Is féidir linn liosta dochtúirí áitiúla a labhraíonn Béarla a chur ar fáil duit.
  • Is féidir linn cabhrú leat agus tú ag déileáil leis na póilíní.
  • Is féidir linn teagmháil a dhéanamh le do theaghlach agus do chairde chun socruithe a dhéanamh tusa a thabhairt abhaile.

An méid nach féidir linn a dhéanamh

  • Ní féidir linn comhairle dhlíthiúil nó leighis a chur ar fáil duit.
  • Ní féidir linn dlíodóirí nó dochtúirí a mholadh nó a íoc.
  • Ní féidir linn aistriúcháin nó ateangaireacht fhoirmiúil a chur ar fáil.
  • Ní féidir linn eitiltí a cheannach nó a chur in áirithe ar do shon.

Éigniú agus ionsaí gnéasach

Más rud é go ndéantar ionsaí gnéasach nó éigniú ort agus tú thar lear, beidh an Ambasáid nó Consalacht Éireannach in ann cabhrú leat. Ní dhéanaimid breithiúnas ar bith ortsa ná ar do chás agus tabharfaimid aghaidh ar do chás i ndiscréid, de réir mar is cuí.

Más rud é go ndéantar ionsaí ort, is féidir linn tacaíocht a thabhairt duit na seirbhísí riachtanacha a fháil. B’fhéidir gur chóir duit:

  • Dul go dtí an ospidéal díreach i ndiaidh an ionsaithe.
  • An t-ionsaí a thuairisciú leis na póilíní agus tuairisc a fháil uathu.

Ba chóir duit a bheith ar an eolas go bhféadfadh dearcaí cultúrtha agus sóisialta ó thaobh éignithe agus ionsaí gnéasach de a bheith difriúil i dtíortha éagsúla. Is féidir le hAmbasáid nó Consalacht na hÉireann áitiúil comhairle neamhchlaonta a chur ar fáil duit ón taobh seo.

An méid gur féidir linn a dhéanamh

  • Is féidir linn cabhrú lear dul i dteagmháil leis na póilíní áitiúla agus na húdaráis leighis agus sonraí teagmhála dlíodóirí áitiúla a labhraíonn Béarla a thabhairt duit.
  • Is féidir linn teagmháil a dhéanamh le do theaghlach agus cabhrú leat socruithe a dhéanamh chun dul abhaile, más mian leat.
  • Is féidir linn iarracht a dhéanamh tú a chur i dteagmháil le seirbhísí comhairleoireachta sa tír inar tharla an imeacht. Mura bhfuil sé sin indéanta, is féidir linn iarracht a dhéanamh seirbhís comhairleoireachta de chuid na hÉireann a chur ar fáil duit.

 An méid nach féidir linn a dhéanamh

  • Ní féidir linn eitiltí a cheannach nó a chur in áirithe.
  • Ní féidir linn íoc as dlíodóirí ná comhairle dhlí, agus ní féidir linn iad a mholadh go foirmiúil.
  • Ní féidir linn an choireacht a fhiosrú.
  • Ní féidir linn ionadaíocht a dhéanamh duit sa chúirt.

Coir a thuairisciú

Caithfidh tusa an cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcoireacht a thuairisciú nó cóir leighis a lorg, ach ba chóir go mbeifeá ar an eolas go bhfuil seans go cuirfidh aon mhoill isteach ar bhailiú fianaise, fianaise fhóiréinseach san áireamh.

Ní chaitear le héigniú ná ionsaí gnéasach i dtíortha eile díreach mar a chaitear leo in Éirinn, agus seans go mbeadh deacrachtaí agat maidir le gnásanna nó dlíthe áitiúla.

Is féidir lenár bhfoireann eolas cabhrach a thabhairt duit maidir leis seo, ach molaimid duit dul i dteagmháil le dlíodóir áitiúil chun do chuid leasa féin a chosaint más rud é go bhfuil tú ag smaoineamh faoi chás a thabhairt. Is féidir linn liosta dlíodóirí áitiúla a labhraíonn Béarla a chur ar fáil duit.

Ní dhéanfaidh ár bhfoireann breithiúnas ar bith ortsa ná ar do chás agus tabharfaimid aghaidh ar do chás i ndiscréid, de réir mar is cuí. Is féidir le hAmbasáid nó Consalacht na hÉireann áitiúil cabhrú leat.

Deacracht Airgeadais

Uaireanta, ritheann daoine as airgead agus iad ag taisteal nó bíonn deacrachtaí airgeadais acu tar éis dóibh blianta a chaitheamh ina gcónaí nó ag obair ar an gcoigríoch.

Airgead a aistriú

De ghnáth, is féidir leat socruithe a dhéanamh chun airgead a aistriú chugat ó ghaol nó chara in Éirinn trí gníomhaireachtaí tráchtála mór le rá. Is féidir linn comhairle a thabhairt duit maidir leis na seirbhísí atá ar fáil i do cheantar.

Mura bhfuil sé seo indéanta, is féidir le hoifigeach consalachta dár gcuid dul i dteagmháil le do theaghlach nó do chairde agus iarr orthu airgead a aistriú chugat tríd an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Gearraimid táille as an tseirbhís seo.

Agus tú ag fanacht le hairgead atá á aistriú ón mbaile, ní féidir linn airgead a thabhairt duit mar iasacht ná íoc as lóistín/costais eile.

Aisdúichiú

Uaireanta, is é an réiteach is fearr i gcomhair duine atá beo bocht nó i ndeacracht thar lear ná aisdúichiú (próiseas ina bhfilleann duine ar a thír dhúchais).

Cabhróidh ár n-oifigigh chonsalachta i gcásanna mar seo trí theagmháil a dhéanamh le do theaghlach nó do chairde in Éirinn agus iarraidh orthu airgead a aistriú chugat, nó ticéad taistil go hÉirinn a cheannach duit. Ní féidir linn eitlítí a cheannach ná iad a chur in áirithe ar do shon.

Cairt an Íospartaigh

Is féidir le Cairt an Íospartaigh cabhrú leat an tacaíocht atá uait a aimsiú nuair is íospartach na coireachta thú. Déanann an Chairt cur síos ar Chóras Dlí Choiriúil na hÉireann freisin, ionas go mbeidh cur amach ar an méid ar chóir a bheith ag súil leis.