Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Please be advised that this page has moved and this content is no longer being updated. Up-to-date information is now available at Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/passports-and-visas.

Pasanna agus víosaí

Is féidir le doiciméid taistil am a thógáil le heagrú, mar sin fiosraigh cad go díreach a bheidh ag teastáil don turas agus tabhair dóthain ama le gach rud a fháil.

Roinnt Leideanna

  • Cinntigh go bhfuil do phas cothrom le dáta agus bailí i rith do thurais. Maidir le roinnt tíortha éilíonn siad go mbeadh do phas bailí le haghaidh roinnt míonna tar éis duit imeacht.
  • Coinnigh cóipeanna de do phas agus doiciméid taistil eile ar eagla go mbeidís caillte nó goidte. Moltar cóipeanna de phríomhdhoiciméid a chur ar ríomhphost chugat féin agus chuig do chairde, sa chaoi agus go mbeidh rochtain agat orthu ar aon ríomhaire.
  • Bíodh cóip de do phas, nó cárta pas, ort i gcás go n-iarrfaí aitheantas pearsanta ort.
  • Fiosraigh cibé an bhfuil nó nach bhfuil gá le víosa don turas ó Ambasáid nó Consalacht na tíre a bhfuil sé i gceist agat cuairt a thabhairt uirthi, nó déan ár gcomhairle taistil a bhaineann go sainiúil le gach tír a sheiceáil.

Pasanna

Is doiciméad tábhachtach é do phas agus ba chóir é a choinneáil sábháilte i gcónaí. Ná bíodh sé ort ach amháin má bhíonn gá leis.

  • Más gá duit aitheantas pearsanta a bheith ort, bíodh cóip de do phas, nó cárta pas, ort.
  • Coinnigh cóipeanna leictreonacha agus páipéir de do phas agus doiciméid thábhachtacha eile sábháilte.
  • Cinntigh go mbeidh duine éigin sa bhaile in ann doiciméid thábhachtacha a sheoladh chugat más gá. Smaoinigh ar chóipeanna de phríomhdhoiciméid a sheoladh chugat féin, sa chaoi agus go mbeidh rochtain agat orthu thar lear ar aon ríomhaire.

Beidh do ghníomhaire taistil, d’aerlíne, nó Ambasáid nó Consalacht na tíre a bhfuil rún agat cuairt a thabhairt uirthi in ann tú a chur ar an eolas ar aon riachtanas ar leith. Áireofar leo sin:

  • Pas a bheidh bailí níos faide ná do chuairt bheartaithe.
  • Do dhóthain leathanaigh bhána ar do phas.
  • Pas ar leith le haghaidh do pháiste.

An bhfuil pas nua ag teastáil?

 Déan iarratas inniu agus seirbhís phas ar líne in úsáid. Is é seo an bealach is tapúla agus is sábháilte le hiarratas ar do phas a dhéanamh.

Pasanna a d’imigh amú nó a goideadh

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é thar lear, is féidir linn cabhrú leat.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid nó Consalacht na hÉireann chun a fháil amach cad a theastaíonn chun iarratas ar phas a dhéanamh. Beidh siad in ann comhairle a chur ort faoi na roghanna a bhaineann leat.

Táimid in ann:

  • Cáipéis thaistil éigeandála a thabhairt duit, cáipéis a ligfidh duit dul abhaile.
  • Cabhrú leat iarratas a dhéanamh ar phas nua

Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. D’fhéadfadh do shuíomh agus do chúinsí teorainn a chur ar an méid cabhrach is féidir linn a thabhairt duit.

Beidh tuarascáil ó na póilíní ag teastáil uait más gá duit éileamh a dhéanamh ar d’árachas taistil. Ní chuirfimid doiciméad taistil nua ar fáil duit gan tuarascáil ó na póilíní.

Ceanglais iontrála

Víosaí

Teastaíonn ó roinnt tíortha go mbeadh víosa iontrála nó cead taistil agat sula mbíonn cead agat dul isteach sa tír. Fiosraigh i gcónaí cibé acu an bhfuil víosa ag teastáil nó nach bhfuil sula n-imíonn tú ar do thuras. D’fhéadfá víosa a fháil ag pointe iontrála den tír (an t-aerfort, teorainn talún, an calafort) ach i bhformhór na gcásanna, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig Ambasáid nó Consalacht na tíre a mbeidh tú ar cuairt uirthi roimh ré.

Cinntigh i gcónaí go mbeidh an víosa ceart agat don turas (i.e. turasóir, oibriú go deonach, staidéar, gnó etc.) agus ná téigh thar dáta do víosa riamh mar d’fhéadfadh tromphionóis a bheith i gceist. D’fhéadfadh pionóis a bheith i bhfeidhm agus go gcoinnítear tú má dhéantar gníomhaíochtaí lasmuigh de théarmaí do víosa (e.g. gníomhaíochtaí gnó ar víosa turasóra).

Teastais Vacsaínithe

Bíonn fianaise ag teastáil ag roinnt tíortha (i bhfoirm teastais) go bhfuil na vacsaínithe cuí faighte agat sula dtagann tú isteach. Seiceáil le do dhochtúir ar a laghad ocht seachtaine roimh duit taisteal chun seiceáil cé na vacsaínithe a bheidh ag teastáil.

Ceanglais iontrála féideartha eile

D’fhéadfadh roinnt tíortha srianta breise a ghearradh ar iontráil, amhail:

  • Cruthúnas go bhfuil rochtain agat ar chistí imleora chun do chuairt a chlúdach (más ag tabhairt cárta creidmheasa leat, cuirimid comhairle ort ráiteas a bheith leat chun an teorainn a chruthú)
  • Ticéad fillte nó ticéad den chéad turas eile
  • Cruthúnas lóistín atá curtha in áirithe le haghaidh oíche amháin ar a laghad

Doiciméid oifigiúla eile

Aitheantas

Teastaíonn ó roinnt tíortha go mbeadh aitheantas ort i gcónaí, lena n-áirítear cruthúnas ar do stádas inimirce sa tír. Seiceáil ár leathanaigh um chomhairle taistil nó fiosraigh le do ghníomhaire taistil nó Ambasáid nó Consalacht na tíre a mbeidh tú ar cuairt uirthi faoi na riachtanais seo.

Clárú

I roinnt tíortha, beidh gá clárú leis na húdaráis nuair a shroicheann tú an tír. Más in óstáin a bheidh tú, d’fhéadfadh an fhoireann é a dhéanamh duit (bíonn táille i gceist uaireanta). Más ag fanacht le cairde nó in iostas féinfhreastail atá tú, beidh gá tú féin a chlárú. Seiceáil ár leathanaigh um chomhairle taistil, faigh comhairle go háitiúil nó fiosraigh le do ghníomhaire taistil nó Ambasáid nó Consalacht na tíre a mbeidh tú ar cuairt uirthi faoi na riachtanais seo.

Ceadúnas tiomána

Ag brath ar an áit a mbeidh tú ag taisteal, beidh gá le ceadúnas tiomána Éireannach iomlán chun tiomáint nó chun carr a thógáil ar cíos. I roinnt tíortha, áfach, ní mór duit ceadúnas tiomána idirnáisiúnta a bheith i do sheilbh. Seiceáil ár leathanaigh um chomhairle taistil le haghaidh níos mó sonraí nó fiosraigh le hAmbasáid nó Consalacht na tíre a mbeidh tú ar cuairt uirthi. Is féidir leat foirm iarratais a íoslódáil le haghaidh ceadúnas tiomána idirnáisiúnta ó AA Ireland.