Baile | Réamhrá | Muintir na hÉireann | Ár gCuid Luachanna | Ár Rathúnas | Ár nIonad san Eoraip | Ár dTionchar | Fíricí agus Figiúirí | Cuir Aithne ar an bhFoireann
I measc na gcuspóirí ardleibhéil de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála inár Ráiteas Straitéise 2015-2017, tá neartú a dhéanamh ar ár dtionchar agus ar an gcumas atá againn ár spriocanna a chomhlíonadh agus tá sé sin ina chuid dár ráiteas misin foriomlán inár gcáil mar Roinn Rialtais.
D'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, déanaimid dian-iarracht an méid seo a leanas a dhéanamh:
– Seirbhís aontaithe a sholáthar don Rialtas agus do na saoránaigh, a oireann d'athruithe agus dúshláin sa tír seo agus ar domhan.
– Feidhmiú mar Roinn oscailte, chuntasach a chomhlíonann an dea-chleachtas sa rialachas trí bhaill foirne ghairmiúla chumasacha i dtimpeallacht dhearfach oibre.
Tugtar samplaí sna scéalta thíos den obair a rinneamar chun an sprioc sin a bhaint amach in 2015.