Baile | Réamhrá | Muintir na hÉireann | Ár gCuid Luachanna | Ár Rathúnas | Ár nIonad san Eoraip | Ár dTionchar | Fíricí agus Figiúirí | Cuir Aithne ar an bhFoireann
I measc na gcuspóirí ardleibhéil de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála inár Ráiteas Straitéise 2015-2017, tá domhan níos cothroime, níos córa, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a bhaint amach, agus tá sé sin ina chuid dár ráiteas misin foriomlán inár gcáil mar Roinn Rialtais.
Is éard atá i gceist leis sin:
- Dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh dhíothú na bochtaineachta agus an ocrais agus forás geilleagrach do chách a chur chun cinn;
- Cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain;
- Tacú le timpeallacht idirnáisiúnta atá cobhsaí, slán agus bunaithe ar rialacha; agus
- A bheith ag obair chun creat nua a bhunú don fhorbairt inbhuanaithe ina rachfar i ngleic leis an athrú aeráide, slándáil an tsoláthair bhia agus saincheisteanna gaolmhara.
Tugtar samplaí sna scéalta thíos den obair a rinneamar chun an sprioc sin a bhaint amach in 2015.