Ballraíocht na hÉireann sa Chomhairle um Chearta an Duine (2013-2015)
In 2015 cuireadh i gcrích an chéad téarma a chaith Éire ina ball den Chomhairle um Chearta an Duine, an comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe a bhfuil sé de chúram air neartú a dhéanamh ar chur chun cinn agus cosaint chearta an duine ar fud na cruinne agus dul i ngleic le sáruithe ar chearta an duine.
Bhain Éire leas as an téarma a chaitheamar ar an gComhairle chun dlús a chur faoin rannpháirtíocht a bhí againn le saincheisteanna lena n-áirítear saoirse reiligiúin nó creidimh, cosantóirí chearta an duine, pionós an bháis, comhionannas inscne agus cearta na ndaoine LADTI. Lena chois sin, bhíomar páirteach i ndíospóireachtaí ar ábhar imní i dtaobh chearta an duine ar fud an domhain, lena n-áirítear na críocha Palaistíneacha faoi fhorghabháil, an tSiria, an Éimin, an Libia, Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, Maenmar, an Bhurúin, an tSúdáin agus an tSúdáin Theas. Inár gcáil mar bhall den Chomhairle, thugamar freagra freisin ar na himpleachtaí i leith chearta an duine a tháinig chun cinn de bharr dúshláin nua i ndáil leis an athrú aeráide, cúrsaí gnó agus cearta an duine, antoisceachas foréigneach agus saoirse ar an idirlíon, agus d'fhéachamar le hionracas agus neamhspleáchas Oifig na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine a chosaint.
Chuir ár gcuid taidhleoirí sa Ghinéiv dlús faoin mbaint atá againn leis an Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann, faoina gcuirtear i gcrích athbhreithniú piaraí i leith staideanna chearta an duine i ngach ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe. Ghlac Éire páirt sna hathbhreithnithe ar chearta an duine in 119 tír agus rinne sí 240 moladh, ar glacadh le beagnach 70% díobh. Dhíríomar go háirithe ar chearta ban agus leanaí le linn ár gcuid idirghabhálacha.
Bhí ról ceannasach ag Éirinn maidir le dréachtú agus caibidliú a dhéanamh ar rúin de chuid na Comhairle um Chearta an Duine lenar leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le saoirse cainte agus saoirse comhlachais, agus inar éilíodh ar Stáit spásanna sábháilte a chruthú agus a chothabháil do ghníomhaíochtaí na ngrúpaí sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht ar an bpobal.
Thairis sin, bhíomar i mbun na hoibre dréachtaithe agus caibidlíochta ar rúin de chuid na Comhairle a bhí dírithe ar an bhfáth ar cheart do Stáit cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a ghlacadh i leith cheist na básmhaireachta leanaí agus an tinnis i measc leanaí, agus conas ba chóir dóibh tabhairt faoin méid sin.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Éirinn agus ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, cliceáil anseo: https://www.dfa.ie/ie/ar-rol-ar-mbeartais/tosaiochtai-idirnaisiunta/cearta-an-duine/eire-agus-an-chomhairle-um-chearta-an-duine/