Níl ambasáid againn sa tír seo. Coimeádtar caidreamh taidhleoireachta leis an tír seo trí Bhuan-Mhisean na hÉireann chuig na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac. Má tá eolas faoi phasanna uait, áfach, nó má theastaíonn cúnamh consalachta uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath.
- Déan teagmháil le hOifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath chun eolas a fháil faoin tslí le pas de chuid na hÉireann a fháil.
- Má tá deacrachtaí agat sa tír seo agus má theastaíonn Cúnamh Consalachta uait, glaoigh ar an Aonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath ag +353 (0) 1 408 2000. Féadfaidh tú ríomhphost a sheoladh chuig an Aonad freisin tríd an mhír “cúnamh Taistil agus Consalachta” a roghnú ón roghchlár anuas den fhoirm Déan Teagmháil Linn.