Micheál Ó Máirtín TD
Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta
Is é Micheál Ó Máirtín an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta. Ceapadh chuig na róil sin é an 17 Nollaig 2022.
Bhí sé ina Thaoiseach ó 27 Meitheamh 2020 go 17 Nollaig 2022.
Roimhe seo, bhí sé ina Ard-Mhéara ar Chorcaigh i 1992-93, agus ar bhinse tosaigh Fhianna Fáil agus i gceithre phost comh-aireachta:
- Aire Gnóthaí Eachtracha (2008-2011)
- Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (2004-2008)
- Aire Sláinte (2000-04)
- Aire Oideachais (1997-2000)
Rugadh Micheál Ó Máirtín i gCrois an Tornóra, Corcaigh. Tá céim Bhaitsiléara sna hEalaíona aige agus céim Mháistreachta i Stair Pholaitiúil ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.