Daoine a rugadh thar lear
Más lasmuigh d'Éirinn a rugadh thú, b'fhéidir go bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach
Ar rugadh tú lasmuigh d’Éirinn?
Is saoránach Éireannach thú sa ghnáthchúrsa más saoránach Éireannach a bhí i nduine de do thuismitheoirí agus más in Éirinn a rugadh é nó í. Ní gá duit iarratas a dhéanamh chun bheith i do shaoránach Éireannach sa chás sin.
Is féidir stádas saoránaigh Éireannaigh a thabhairt duit más rud é:
- 1. Gur rugadh duine de do sheantuismitheoirí in Éirinn, nó;
- 2. Go raibh duine de do thuismitheoirí ina shaoránach nó ina saoránach Éireannach nuair a rugadh thú, cé nárbh in Éirinn a rugadh é nó í.
Sna cásanna sin, is féidir leat stádas saoránaigh Éireannaigh a bhaint amach trí Chlárú Breithe Coigríche.
Do bhreith a chlárú
Chun do bhreith a chlárú ar Chlár na mBreitheanna Coigríche, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Lean an Treoir uainn maidir le Conas Breith Choigríche a Chlárú
- Comhlánaigh d'fhoirm iarratais ar líne
- Priontáil an fhoirm iarratais sin agus déan íocaíocht ar líne
- Seol chugainn an fhoirm, na cáipéisí tacaíochta, na grianghraif agus an seicliosta.
D'iarratas a chur ar an bpost
Seol d'iarratas chuig an seoladh atá clóite ar chúinne thaobh na láimhe deise den fhoirm iarratais. Ceann acu seo a leanas a bheidh i gceist:
- An Ambasáid nó an Chonsalacht Éireannach is gaire duit
- Ár n-oifig i gCorcaigh (má tá cónaí ort i gCúige Mumhan) Teileafón: 021 494 4763 (Luan go hAoine, 10am – 1pm)
- Ár n-oifig i mBaile Átha Cliath (má tá cónaí ort in áiteanna eile in Éirinn, san Astráil, i gCeanada nó i Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Teileafón: 01 408 2555. Uaireanta oscailte:
Dé Luain |
10am – 1pm |
Dé Máirt |
10am – 1pm |
Dé Céadaoin |
2pm – 5pm |
Déardaoin |
10am – 1pm |
Dé hAoine |
10am – 1pm |