Ceistneoir ar líne
Le hiarratas a dhéanamh ar Theastas Saoirse chun Pósta caithfidh tú ceistneoir ar líne a chomhlánú fút féin agus faoi do phósadh nó páirtnéireacht shibhialta atá ag teacht aníos.
Dearbhú Reachtúil
Bunaithe ar an gceistneoir seo cuirfear Dearbhú Reachtúil amháin nó níos mó i do láthair le comhlánú agus seicliosta den doiciméadúchán tacaíochta a mbeidh ort cur isteach le d’iarratas.
Beidh ort:
- Priontáil agus sínigh do cheistneoir
- Cóip de gach Dearbhú Reachtúil a phriontáil
- Do sheicliosta a phriontáil
- Na Dearbhuithe a chomhlánú agus a fháil fianaithe.
- Cuir sa phost chugainn iad le do dhoiciméadúchán tacaíochta, ceistneoir sínithe agus an táille.
Cuimhnigh …
Priontáil agus sábháil gach foirm díreach tar éis do cheistneoir a chomhlánú ar líne mar nach mbeidh tá ábalta iad a aisghabháil níos deireanaí.
Cén uair ar chóir an t-iarratas a dhéanamh
Cuir isteach d’iarratas ceithre mhí ar a laghad roimh dháta do phósta nó do pháirtnéireachta sibhialta.
Ní féidir dáta níos faide siar ná sé mhí roimh an dáta do phósta ar do dhearbhú (dhearbhuithe) reachtúla fianaithe.
Cuimnigh …
Ní bheidh d’iarratas déanta go hiomlán go dtí go bhfaighimid cruachóipeanna de do cheistneoir, dearbhú reachtúil/dearbhaithe reachtúla agus an doiciméadúchán tacaíochta go léir.
Inseoidh do sheicliosta duit go díreach cén doiciméadúchán tacaíochta atá uait do d’iarratas, eadhon:
- An bunleagan fada de do theastas breithe
- Ordú cúirte má tá tú faoi bhun 17 bliana
- Teastas báis do chéile roimhe seo, más baintreach tú
- Achainí ar cholscaradh agus foraithne chríochnaitheach colscartha, má tá tú colscartha
- Fótachóip de do phas Éireannacha reatha
- Do bhunteastas eadóirseachta, má tá tú eadóirsithe
Do dhoiciméid a aistriú
Beidh ort aistriúcháin deimhnithe ar aon cheann de na doiciméid seo a chur isteach má tá na bunchóipeanna i dteanga ar bith seachas Béarla nó Gaeilge.
Doiciméid athsholáthair a fháil
Teastaíonn doiciméid bhunaidh uainn (seachas an fótachóip de do phas) chun d’iarratas a phróiseáil.
Do dhoiciméid a fháil ar ais
Cuirfear do dhoiciméid bhunaidh go léir ar ais chugat tar éis iad a iniúchadh.
Cuimhnigh …
Mura bhfuil na doiciméid riachtanacha go léir curtha isteach agat seolfar d’iarratas ar ais chugat.
Ní mór do dhearbhú reachtúil a bheith fianaithe i do thír ghnáthcónaí sular féidir leat é a chur isteach.
Cé hiad na daoine ar féidir leo bheith ina bhfinnéithe?
Ní mór do d’fhinné:
- Aithne phearsanta a bheith aige ort
- Aithne a bheith aige go pearsanta ar thríú páirtí ar féidir tú a shainaithint
- Bheith ábalta do chéannacht a fhíorú le do dhoiciméid oifigiúla (e.g. pas)
Iarratas a dhéanamh in Éirinn
Féadfaidh d’fhinné bheith ina:
- Nótaire poiblí
- Coimisinéir Mionnaí
- Aturnae
Iarratas a dhéanamh thar lear
Féadfaidh d’fhinné a bheith ina:
- Oifigeach taidhleoireachta nó consalachta de chuid na hÉireann
- Nótaire poiblí
- Coimisinéir Mionnaí nó duine údaraithe le mionnaí nó dearbhuithe a riaradh
Caithfidh d’fhinné:
- Bheith mar fhinné agus tú ag comhlánú agus ag síniú do Dhearbhú Reachtúil/do Dhearbhuithe Reachtúla
- An chuid ábhartha de do Dhearbhú Reachtúil (Dhearbhuithe) Reachtúla a chomhlánú agus a shíniú.
Cuimhnigh...
Tá sé in aghaidh an dlí Dearbhú Reachtúil a dhéanamh ar eol duit é a bheith bréagach nó míthreorach ar bhealach ar bith.
Iarratas á dhéanamh in Éirinn
Teastas um Saoirse Chun Pósta (Certificate de Cotume/Nulla Osta)
€60: de réir an iarratasóra Éireannaigh
Táille dheireanach
Má chuireann tú isteach d’iarratas 28 lá nó níos lú roimh dháta do phósta nó do pháirtnéireachta sibhialta beartaithe beidh ort táille breise €60 a íoc de réir an iarratasóra Éireannaigh.
Modhanna íocaíochta
- Airgead tirim
- Dréacht bainc
- Ordú poist Éireannach
- Cárta creidmheasa/dochair
Ba chóir go mbeadh dréachtanna bainc iníoctha leis an Ard-Rúnaí, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Iarratas a dhéanamh agus tú thar lear
Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin na hAmbasáide de chuid na hÉireann is gaire duit le mionsonraí a fháil ar tháillí agus leis na modhanna íoctha a nglactar leo.
D’iarratas a sheoladh
Seol d’iarratas chuig an seoladh atá clóite ar do cheistneoir. Beidh ceachtar díobh seo i gceist:
- An Ambasáid nó Consalacht de chuid na hÉireann is gaire duit (má tá cónaí ort thar lear)
- An oifig i gCorcaigh (má tá cónaí ort i gCúige Mumhan) Teil: 021 494 4763 (10am – 1pm)
- An oifig i mBaile Átha Cliath (má tá cónaí ort in aon áit eile in Éirinn) Teil: 01 408 2682/ 01 408 2568 (10am – 12pm)