Ceisteanna maidir le páistí
Fuadach Leanaí
Is eispéireas uafásach é fuadach linbh do thuismitheoir ar bith. Tá tuilleadh eolais maidir le ceart cúitimh ar fáil anseo.
Páistí a bhfuil dénáisiúntacht acu
Más rud é go bhfuil dénáisiúntacht ag do pháiste, agus go bhfuil fadhbanna maidir le cúram na dtuismitheoirí i gceist, is tábhachtach comhairle a fháil sula tugann tú cead pas nua a bheith curtha amach dó nó cead dó taisteal chuig tír eile (fiú má tá tú ag taisteal leis).
Bí fíorchúramach maidir ceann scríbe an pháiste más rud é:
- Nach gcloíonn an tír sin le Coinbhinsiún na Háige maidir le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí.
- Go bhfuil córas dlíthiúil i bhfeidhm sa tír a bhfuil cáil bainte amach aige as fabhar a thabhairt d’inscne nó creideamh ar leith ó thaobh cúrsaí teaghlaigh de.
Máthairionadaíocht
Athraíonn dlíthe maidir le máthairionadaíocht agus caighdeáin cúram sláinte ó thír go tír. Bí cinnte go ndéanann tú seiceáil lenár leathanaigh um chomhairle taistil a bhaineann go sainiúil le gach tír ar leith chun tuilleadh eolais a fháil, agus téigh i gcomhairle leis na daoine gairmiúla ábhartha sula dtéann tú i mbun chomhaontú máthairionadaíochta.