LADTA+
Ní bhíonn deacrachtaí ag an gcuid is mó de thaistealaithe LADTA+ agus iad ag tabhairt cuairt ar thíortha eile. É sin ráite, molaimid duit roinnt taighde a dhéanamh ar do cheann scríbe toisc go mbeidh dlíthe agus próisis dhlíthiúla inmheánacha i bhfeidhm sa tír agus tú ann. Athríonn dearcaí i leith féiniúlacht inscne agus gnéaschlaonta ó thír go tír, ó thaobh dlí de agus ó thaobh cúrsaí sóisialta de, agus ní mór duit tú féin a chur ar an eolas roimh ré. Déan seiceáil ar ár gcomhairle de réir tíre: dfa.ie/taisteal/comhairle-taistil-de-reir-tire/ chun tuilleadh eolais a fháil sula dtaistealaíonn tú.
Bí chomh cúramach agus a bheadh sa bhaile más rud é go bhfuil sé ar intinn agat teacht le chéile le daoine LADTA+ eile thar lear ar aipeanna geandála nó ar fhóraim eile. Más rud é go bhfuil tú i dtír ina bhfuil dearcaí naimhdeacha i leith an phobail LADTA+ go mór chun cinn, ní mór duit a bheith ar d’fhaichill toisc go bhféadfadh na póilíní nó grúpaí eagraithe dul i mbun feachtas sáinnithe i gceantair a bhfuil an-tóir orthu i measc an phobail LADTA+.
Tá homaighnéasacht agus caidrimh homaighnéasacha mí-dhleachtach i roinnt tíortha agus is minic a bhíonn tromphionóis ag gabháil leis sin. I dtíortha mar sin, moltar a bheith an-chúramach. Féach ar ár leathanaigh comhairle de réir tíre chun tuilleadh eolais a fháil.
Ní ghlactar le pósadh comhghnéis ach i roinnt tíortha agus cé go nglacann tíortha ar leith le caidrimh chomhghnéis, ní ghlactar leo i ngach tír. Is fiú smaoineamh air seo mar d’fhéadfadh impleachtaí a bheith i gceist dá n-éireofá/do chéile tinn mar ní aithneofar thú mar neasghaol i roinnt tíortha. Má tharlaíonn sé seo, molfaimid duit cead scríofa a fháil duitse agus do do chéile, cead a ligeann dóibh teacht ar d’fhaisnéis linn má éiríonn tú tinn nó más gá duit seal a chaitheamh san ospidéal.
Ba chóir do dhaoine trasinscneacha cáipéisíocht taistil agus teastas pearsanta a athbhreithniú chun a chinntiú go bhfuil d’inscne i gceart.
Is féidir le heagraíochtaí, amhail Cumann Idirnáisiúnta na Leispiach, na nDaoine Aeracha, na nDéghnéasach, na dTrasghnéasach agus na nIdirghnéasach, eolas úsáideach a chur ar fáil duit freisin http://ilga.org/ (*Tabhair faoi deara nach ionann seo agus tacaíocht oifigiúil don eagraíocht a luaitear. Ní baint ag an Roinn le heolas atá ar fáil ar shuíomhanna gréasáin de chuid grúpaí agus eagraíochtaí príobháideacha a dhearbhú nó eolas a dearbhaíodh san am atá caite a uasdátú.)