Buaicphointí Airgeadais 2015
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015
Feidhmítear buiséad bliantúil na Roinne faoi dhá cheannteideal a leithdháileann Dáil Éireann dúinn:
Vóta 27 – Comhar Idirnáisiúnta:
Clúdaítear faoin gceannteideal seo an Cúnamh Forbartha Oifigiúil atá á bhainistiú ag an Roinn trí chlár Chúnamh Éireann. Áirítear leis deontais d'eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do chomhpháirtithe na sochaí sibhialta, ranníocaíochtaí le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhíonn ag plé le Cúnamh Forbartha, chomh maith leis na costais a bhaineann le Cúnamh Éireann a reáchtáil.
Vóta 28 – Gnóthaí Eachtracha agus Trádála:
Clúdaítear faoin gceannteideal seo gach caiteachas eile de chuid na Roinne, lena n-áirítear ranníocaíochtaí na hÉireann le hEagraíochtaí Idirnáisiúnta (na Náisiúin Aontaithe go háirithe), chomh maith le reáchtáil Sheirbhís na bPasanna, an Clár Tacaíochta Eisimirceach agus an obair a dhéanaimid chun tacú leis an tsíocháin agus an athmhuintearas ar oileán na hÉireann.
Léirítear inár mbuiséad bliantúil an tiomantas atá againn i leith freastal ar mhuintir na hÉireann, a gcuid luachanna agus an rath atá orthu a chur chun cinn thar lear, agus an cumas, an anailís agus an tionchar a sholáthar don Rialtas lena chinntiú go mbainfidh Éire an leas is mó as gach réimse rannpháirtíochta seachtraí dá cuid.
In 2015 chaitheamar €683.9 milliún ar fud na cúig réimse Cláir a aithníodh sa Ráiteas Straitéise dár gcuid i leith na tréimhse 2015-2017. Déantar anailís bhreise ar an gcaiteachas sin i dTábla 1.
- Achoimre ar Ioncam agus Caiteachas na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
- Clár A: Leasanna geilleagracha agus trádála na hÉireann a chur chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain
- Clár B: Seirbhísí consalachta, seirbhísí pasanna, agus seirbhísí d'Éireannaigh thar lear
- Clár C: Athmhuintearas agus comhar ar an oileán seo
- Clár D: Síocháin, slándáil agus cearta an duine ar fud an domhain
- Clár E: Obair i dtaobh laghdú na bochtaineachta agus an ocrais – Cúnamh Éireann
- Ioncam a Gineadh
Tábla 1: Achoimre ar Ioncam agus Caiteachas na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
2015 € Million | 2014 € Million | |
---|---|---|
Clár A: Leasanna geilleagracha agus trádála na hÉireann a chur chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain | 47.8M | 45.9M |
Clár B: Seirbhísí consalachta, seirbhísí pasanna, agus seirbhísí d'Éireannaigh thar lear | 71.3M | 69.7M |
Clár C: Athmhuintearas agus comhar ar an oileán seo | 22.4M | 22.1M |
Clár D:Síocháin, slándáil agus cearta an duine ar fud an domhain | 67.4M | 63.6M |
Clár E: Obair i dtaobh laghdú na bochtaineachta agus an ocrais – Cúnamh Éireann | 475.0M | 475.7M |
Caiteachas Comhlán Iomlán | 683.9M | 677.0M |
Ioncam a Gineadh | (53.0M) | (49.3M) |
Glanchaiteachas | 630.9M | 627.7M |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015
Clár A: Leasanna geilleagracha agus trádála na hÉireann a chur chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain
2015 € Million | 2014 € Million | |
---|---|---|
Riarachán – pá | 22.5M | 22.0M |
Riarachán – seachas pá | 21.2M | 20.1M |
Seirbhísí faisnéise | 0.3M | 0.3M |
Caidreamh cultúrtha le tíortha eile | 0.8M | 0.8M |
Cistí i dtaobh chur chun cinn na trádála | 0.3M | 0.3M |
Ranníocaíochtaí le hEagraíochtaí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta | 2.7M | 2.4M |
Caiteachas iomlán ar Chlár A | 47.8M | 45.9M |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015
Clár B: Seirbhísí consalachta, seirbhísí pasanna, agus seirbhísí d'Éireannaigh thar lear
2015 € Million | 2014 € Million | |
---|---|---|
Riarachán – pá | 31.2M | 30.4M |
Riarachán – seachas pá | 28.2M | 27.2M |
Tacaíocht do sheirbhísí i gcomhair eisimircigh Éireannacha | 11.9M | 12.1M |
Caiteachas Iomlán ar Chlár B | 71.9M | 69.7M |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015
Clár C: Athmhuintearas agus comhar ar an oileán seo
2015 € Million | 2014 € Million | |
---|---|---|
Riarachán – pá | 7.7M | 7.5M |
Riarachán – seachas pá | 6.7M | 6.5M |
Comhar Thuaidh/Theas agus comhar idir an Bhreatain agus Éire | 5.3M | 2.9M |
An Ciste Idirnáisiúnta d'Éirinn | 2.7M | 5.2M |
Caiteachas Iomlán ar Chlár C | 22.4M | 22.1M |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015
Clár D: Síocháin, slándáil agus cearta an duine ar fud an domhain
2015 € Million | 2014 € Million | |
---|---|---|
Riarachán – pá | 15.9M | 15.4M |
Riarachán – seachas pá | 12.3M | 11.9M |
Ranníocaíochtaí le heagraíochtaí idirnáisiúnta | 38.8M | 35.9M |
Gníomhaíochtaí de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach | 0.4M | 0.4M |
Caiteachas Iomlán ar Chlár D | 67.4M | 63.6M |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015
Clár E: Obair i dtaobh laghdú na bochtaineachta agus an ocrais – Cúnamh Éireann
2015 € Million | 2014 € Million | |
---|---|---|
Riarachán – pá | 14.6M | 13.7M |
Riarachán – seachas pá | 12.1M | 11.1M |
Íocaíocht leis na gciste deontas i dtaobh comhar déthaobhach agus comhar eile | 315.9M | 326.0M |
Cúnamh daonnúil éigeandála | 58.5M | 57.5M |
Íocaíochtaí le cistí idirnáisiúnta chun tairbhe tíortha i mbéal forbartha | 37.5M | 28.5M |
Ranníocaíochtaí leis na Náisiún Aontaithe agus le gníomhaireachtaí forbartha eile | 36.4M | 38.9M |
Caiteachas iomlán ar Chlár E | 475.0M | 475.7M |
Príomhphointí Airgeadais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 2015
Ioncam a Gineadh
Tagann formhór an ioncaim a ghin an Roinn as Pasanna Éireannacha a eisiúint.
2015 € Million | 2014 € Million | |
---|---|---|
Pasanna, víosaí agus seirbhísí consalachta eile | 47.3M | 44.0M |
Fáltais ó asbhaint íocaíochtaí pinsin ar luach saothair na seirbhíse poiblí | 3.7M | 3.8M |
Ilghnéitheach | 2.0M | 1.5M |
Caiteachas iomlán ar Chlár E | 53.0M | 49.3M |