Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Ráiteas Straitéise 2015 – 2017

Tá ár Ráiteas Straitéis faoi threoir ag na ráitis lárnacha faoi bheartas eachtrach An tOileán Domhanda: Beartas Eachtrach na hÉireann maidir le Domhan atá ag Athrú agus Beartas na hÉireann um Fhorbairt Idirnáisiúnta agus chuathas i gcomhairle ar fud an Rialtais go léir agus le foireann na Roinne agus an ráiteas sin á ullmhú.

Tá Straitéis na Roinne bunaithe ar chúig sprioc ardleibhéil lena gclúdaítear na téamaí seo a leanas:

  • Muintir na hÉireann
  • Ár gCuid Luachanna
  • Ár Rathúnas
  • Ár nIonad san Eoraip
  • Ár dTionchar

Muintir na hÉireann: Freastal ar mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear agus an t-athmhuintearas agus an comhar a chur chun cinn

Gné lárnach dár gcuid oibre go fóill is ea an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chothú ar an oileán seo agus comhdhlúthú a dhéanamh ar éachtaí Chomhaontú Aoine an Chéasta agus comhaontuithe a rinneadh ina dhiaidh sin, lena n-áirítear Comhaontú Theach Stormont agus an Comhaontú um Thús Nua a rinneadh le déanaí. Leanfaimid ar aghaidh ag cothú an athmhuintearais agus ag forbairt deiseanna le haghaidh comhoibriú Thuaidh-Theas ar mhaithe leis an dá chuid den oileán seo.

Cuid thábhachtach d’obair na Roinne is ea seirbhísí pasanna agus seirbhísí consalachta a sholáthar go héifeachtach dár saoránaigh sa bhaile agus thar lear. Leanfaimid ag aghaidh ag soláthar seirbhís pasanna atá nua-aimseartha agus slán. Bímid meáite i gcónaí ar fheabhas a chur ar ár bhfreagairt do ghéarchéimeanna agus ar an tslí ina bhfreastalaímid ar riachtanais na saoránach aonair agus iad ag taisteal thar lear.

Cuirtear chun cinn ár gcultúr, ár n-ealaíona agus ár dtionscail chruthaitheacha trí líonra na nAmbasáidí, agus téann an Roinn i gcomhairle le pobail Éireannacha thar lear chun tacú leo agus chun an ceangal eatarthu féin agus Éire a chothú. Leagtar amach rannpháirtíocht threisithe na hÉireann le lucht a diaspóra sa cháipéis a foilsíodh le déanaí Éireannaigh an Domhain: Beartas na hÉireann maidir leis an Diaspóra.

Ár gCuid Luachanna: A bheith ag obair ar mhaithe le domhan níos cothroime, níos córa, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe

Tá sé ina chuspóir ag an Roinn luachanna na hÉireann a chur chun cinn i ngach réimse dá cuid oibre. Trínár gcuid oibre sa chomhar um fhorbairt agus tríd an bpáirt a ghlacaimid i bhfóraim iltaobhacha, tá sé ina chuspóir againn dul chun cinn breise a dhéanamh chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an ocras, borradh a chur faoin bhforás geilleagrach do chách, agus cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Cuirfimid chun cinn timpeallacht idirnáisiúnta atá cobhsaí, slán agus bunaithe ar rialacha trí na Náisiúin Aontaithe agus an Aontas Eorpach, agus trínár gcomhpháirtithe iltaobhacha agus déthaobhacha eile mar aon le heagraíochtaí neamhrialtasacha. Cuirfimid le creat nua atá faoi stiúir na Náisiún Aontaithe le haghaidh forbairt inbhuanaithe a théann i ngleic leis an athrú aeráide, le slándáil an tsoláthair bhia agus le deacrachtaí a bhaineann leo sin.

Ár Rathúnas: Cur le rathúnas na hÉireann trínár leasanna geilleagracha a chur chun cinn thar lear

Ag teacht le díriú tréan Chlár an Rialtais agus an Ráitis faoi Thosaíochtaí an Rialtais ar bhorradh geilleagrach a chur chun cinn, tá príomhról ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i dtaobh an ghné idirnáisiúnta de bhorradh geilleagrach na hÉireann a chothú, i ndlúthchomhar leis na Gníomhaireachtaí Stáit, le gnólachtaí Éireannacha agus le Líonra Éireannaigh an Domhain.

Tá Éire á cur chun cinn ag ár líonra misean taidhleoireachta mar thír atá oscailte le haghaidh gnó agus mar cheann scríbe don infheistíocht isteach. Cothaímid dlúthchaidreamh déthaobhach d'fhonn ár leasanna geilleagracha thar lear a chur chun cinn, rud a chabhraíonn linn cúnamh a thabhairt i dtaobh poist a chruthú, deiseanna a shainaithint le haghaidh onnmhairí, agus an turasóireacht agus an t-oideachas in Éirinn a chur chun cinn. Cinntíonn ár misin freisin go gcuirtear eolas cruinn in iúl don phríomhlucht cinnteoireachta agus do lucht tionchair thar lear faoi na sochair a bhaineann le bheith i mbun gnó in Éirinn.

Ár nIonad san Eoraip: Luachanna agus leasanna na hÉireann san Eoraip a chosaint agus a chur chun cinn

Tá ár n-idirchaidreamh leis an Aontas Eorpach fós ina ghné lárnach i mbeartas eachtrach na hÉireann. Tá sé ina chuspóir ag an Roinn tionchar na hÉireann a uasmhéadú chun dul i bhfeidhm ar thorthaí an Aontais Eorpaigh trí dhlúthchaidreamh a chothú le hinstitiúidí an Aontais agus le Ballstáit eile. Oibreoimid lena chinntiú go gcuirfidh Éire go mór le hidirchaidreamh domhanda an Aontais Eorpaigh agus le cur chun cinn na síochána agus na slándála san Eoraip.

Ár dTionchar: Neartú a dhéanamh ar ár dtionchar agus ar ár n-acmhainn chun na spriocanna atá againn a bhaint amach

Cloíonn an Roinn leis an éiteas is airde i leith seirbhís phoiblí. Tá sé ina chuspóir againn a bheith inár Roinn oscailte, fhreagrach, ag a bhfuil lucht saothair gairmiúil cumasach i dtimpeallacht dhearfach oibre, a chomhlíonann an dea-chleachtas sa rialachas, atá sofhreagrach d'athruithe agus do dhúshláin sa tír seo agus ar domhan, agus a sholáthraíonn seirbhís aontaithe don Rialtas agus do Shaoránaigh na hÉireann.

In ionad féachaint ar ár spriocanna ardleibhéil astu féin, aithnímid – mar a luaitear go soiléir in An tOileán Domhanda – go bhfuil siad fite fuaite lena chéile agus go dtacaíonn siad lena chéile. Tá obair gach uile dhuine sa Roinn seo dírithe ar na spriocanna sin a bhaint amach.

Tuilleadh eolais

Léigh ár Ráiteas Straitéise 2015-2017‌.