Beidh Foirm Dhearbhúcháin A ag teastáil más Saoránach de chuid an AE/LEE/na hEilvéise é nó í an tuismitheoir
Má tá tuismitheoir ag do leanbh a rugadh san AE, sa LEE nó san Eilvéis, beidh Foirm Dhearbhúcháin A ag teastáil. Cuimsítear san fhoirm sin ráiteas faoi mhionn ón tuismitheoir, ag tabhairt sonraí ar a thréimhse nó a tréimhse chónaithe in Éirinn. Ní mór é a fhianú go cuí.