Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Ciribeas, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Ciribeas

Má tá tú le taisteal chun an Ciribeas, tugtar leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit lenár gcomhairle agus nuashonruithe taistil.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Stádas Slándála

Gnáth-réamhchúraimí

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann chun dul isteach i gCiribeas ar feadh tréimhse suas go 30 lá. Is féidir é seo a shíneadh ar feadh tréimhsí breise de mhíonna (le huasmhéid de 3 mhí), trí iarratas a dhéanamh ar an Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Inimirce in Bairiki. 

Teastaíonn pas bailí chun taisteal chuig Ciribeas. Ní féidir paschártaí a úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le víosaí agus pasanna, féach ar an táb Eolas Breise.

Moltar do chuairteoirí chuig Ciribeas treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Is féidir le saoránaigh an Ambasáid a leanúint ar na meáin shóisialta (Twitter @IrelandinNZ agus Facebook @IrishEmbassyNewZealand) chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i gCiribeas trí scairt a chur ar 199

I measc na n-uimhreacha éigeandála ar leith tá:

  • Póilíní: 192
  • An Bhriogáid Dóiteáin: 193
  • Cúnamh Leighis: 194 agus 995
  • Ospidéal: 555 / 556 (Onaoraki)

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Faigh árachas cuimsitheach leighis agus taistil a chlúdaíonn do ghníomhaíochtaí pleanáilte go léir, agus ina gcuimsítear soláthar le haghaidh aslonnú leighis san aer.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ábhartha ‘Eolas Roimh Thaisteal.‘.

I dtíortha nach bhfuil Ambasáid ag Éirinn iontu:

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach i gCiribeas, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le h​Ambasáid na hÉireann sa Nua-Shéalainn​, áfach, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Mionchoireacht

Tá an choiriúlacht i gCiribeas íseal ach is féidir le mionchoireacht tarlú.

Molaimid duit réamhchúraimí bunúsacha a ghlacadh agus tú ag taisteal chuig Ciribeas :

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat ag aon am amháin - fág airgead tirim breise agus earraí luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná hiompar do phas murach go bhfuil géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáint go poiblí agus ná bain úsáid as Uathmheaisíní Bainc sa dorchadas, go háirithe má bhíonn tú i d’aonar. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint agus tú i ndiaidh do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí pearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, agus déan socrú go mbaileofar agus go bhfágfar thú chomh gar agus is féidir do bhealach isteach d’óstáin nó d’árasáin

Taisteal ar Bhóithre

D'fhéadfadh Cead Tiomána Idirnáisiúnta a bheith ag teastáil le haghaidh carr a thabhairt amach ar cíos.​​ Ba cheart d'áitritheoirí ceadúnas tiomána Chiribeas a fháil.

Is féidir le taisteal bóthair i gCiribeas a bheith contúirteach. Is minic a bhíonn drochbhail ar bhóithre agus bíonn siad neamhshoilsithe.

Taisteal idir-oileáin

Tá roinnt srianta ar thaisteal idir-oileáin ar fad, go háirithe ar oileáin saor ó COVID-19 ina bhfuil an infhaighteacht d'ionaid choraintín ina toisc.

Aerfoirt

Tá dhá aerfort idirnáisiúnta i gCiribeas Bonriki International Airport atá suite ag Bonriki ar Tarawa Theas de Ghrúpa Oileáin Gilberts; agus Cassidy International Airport atá suite ag Cassidy ar Oileán Chiribeas de Ghrúpa Oileáin na Líne.​

Teileafón agus Idirlíon

Is é 686 an cód tíre do Chiribeas. Tá seirbhís idirlín ar fáil i gCiribeas, den chuid is mó ar Tarawa agus Oileán Chiribeas. Ar na hoileáin sheachtracha, tá rochtain ar an idirlíon teoranta. Ar Chiribeas agus roinnt oileán seachtrach, tá an líonra 2G agus 4G ag feidhmiú.

Snámh

Ná bí ag snámh sa mhurlach i ndeisceart Tarawa mar tá sé an-truaillithe.

Bí an-chúramach agus tú ag snámh san fharraige thart ar Chiribeas, mar go bhfuil sruthanna cuilitheála an-láidir feadh limistéir chósta agus sceireacha.

Ba cheart do chuairteoirí trealamh sábháilteachta a chaitheamh i gcónaí le linn turais bhádóireachta. Is féidir le cócha tarlú ar gearrfhógra.

Aimsir

Bíonn an séasúr fliuch ann ó Shamhain go hAibreán, ar féidir le gaotha láidre agus suaill mhór farraige tarlú lena linn. Toisc go bhfuil Ciribeas gar don mheánchiorcal, ní bhíonn cioclóin thrópaiceacha ann de ghnáth.

Ba cheart duit monatóireacht a dhéanamh ar nuashonruithe aimsire réigiúnacha agus idirnáisiúnta ón Eagraíocht Mheitéareolaíochta Dhomhanda agus ó Sheirbhís Meitéareolaíochta Fhidsí, agus nuachtáin áitiúla.

Bíonn sealanna tréimhsiúla de thriomaigh ann i gCiribeas. Is féidir leo seo a bheith dian, agus d'fhéadfaí srianta uisce a chur i bhfeidhm.

Taistealaithe a dteastaíonn Cúnamh Inrochtaineachta uathu

Ní thugtar sainordú d'inrochtaineacht foirgneamh, ná do chumarsáidí ná d'fhaisnéis do dhaoine faoi mhíchumas. Níl aon socruithe speisialta ann do dhaoine faoi mhíchumas.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlí agus Coireacht

Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Taistealaithe LADTAI+  

Déanann dlí Chiribeas cion de chaidreamh comhghnéis. Má chiontaítear thú, d’fhéadfaí príosúnacht a ghearradh ort, bíodh is gur annamh a fhorfheidhmítear an dlí.

Airgeadra

Is é dollar na hAstráile an t-airgeadra a úsáidtear i gCiribeas. Is féidir airgeadraí móra a mhalartú ag an mBanc ANZ, agus roinnt óstán agus siopaí. Is é banc ANZ an t-aon bhanc tráchtála i gCiribeas. Bí réidh le hairgead tirim a íoc le haghaidh billí óstáin agus gach seirbhís eile, mar nach bhfuil seirbhísí cárta creidmheasa ar fáil ach amháin sa phríomhchathair, Tarawa Theas (ach amháin sa chás go bhfuil Ríomhaistriú Airgid ag an Díolphointe agus UMB ar fáil).

Ginearálta

Cuireann dlíthe áitiúla cosc ar lomnochtacht agus cultacha snámha a nochtann go leor de cholainn.​ Feidhmíonn Ciribeas córas coraintín dian ar allmhairiú táirgí bia, plandaí agus ainmhithe (lena n-áirítear éisc). D'fhéadfadh roinnt lámhcheirdeanna áitiúla (lena n-áirítear táirgí tuí agus sliogáin) a bheith faoi réir rialacháin dhiana allmhairithe na hAstráile nó na Nua-Shéalainne. Ba chóir duit teastas fíteashláintíochta a fháil i gCiribeas, ach d’fhéadfaí seilbh a ghabháil ar mhíreanna mar sin féin.

Tá sé inmholta an chomhairle ‘Golden Rules for your stay’ a léamh ar shuíomh gréasáin Kiribati Travel​.

Teanga

Is í I-Kiribati an phríomhtheanga – mar sin féin, tá an Béarla á mhúineadh thar na blianta fada agus tuigtear go forleathan é.

Sláinte

Sláinte

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo. Molaimid duit árachas taistil cuimsitheach a ghlacadh roimh thaisteal duit le soláthar le haghaidh aslonnú leighis.

Tá saoráidí leighis san ospidéal ginearálta in Tarawa measartha. In áiteanna eile, is iondúil go mbíonn cleachtóirí altranais ag obair i gclinicí. De ghnáth, ní bhíonn cógaisíocht ná oideas dochtúra ar fáil. Ba cheart duit aon chógais a theastaíonn uait le haghaidh riochtaí leighis atá agat cheana a thabhairt leat. I gcás fadhbanna níos tromchúisí nó níos casta, d'fhéadfadh go mbeadh gá le haslonnú leighis.

Ba cheart duit gach uisce óil a fhiuchadh nó uisce i mbuidéil a ól agus tú i gCiribeas.  Ná hith sliogéisc áitiúla ná iasc murlaigh in Tarawa.

Tarlaíonn fiabhras deinge i gCiribeas. Moltar do thaistealaithe éarthach feithidí a úsáid, éadaí cosanta a chaitheamh, agus fanacht i lóistíní ina bhfuil scáileáin mhuiscíte ar fhuinneoga agus doirse.

Bhí tuairiscí ann gur bhain madraí seachráin greim as cuairteoirí. Bí airdeallach, go háirithe agus tú ar an trá. Má théann madra gar duit, ná rith. Is féidir leat eagla a chur ar mhadraí má shíneann tú anuas amhail is go bhfuil tú chun rud éigin a phiocadh suas ón talamh. Má bhaintear greim asat, lorg cóir leighis láithreach.

Eolas Breise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní mór do shealbhóirí an phas Éireannaigh na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh le go mbeidh siad in ann dul isteach i gCiribeas:

  1. Ticéad ar aghaidh (nó ticéad fillte) a bheith acu chuig tír a bhfuil víosa nó cead bailí agat dul isteach inti, nó cistí leordhóthanacha lena cheannach;
  2. Pas a bheith acu atá bailí ar feadh sé mhí ar a laghad tar éis an dáta imeachta atá beartaithe ó Chiribeas; Ní féidir paschártaí a úsáid.;
  3. Cistí leordhóthanacha a bheith acu le bheith beo orthu;

Má tá tú ag taisteal le hobair i gCiribeas, ba cheart duit víosa a fháil roimh ré trí shocrú a dhéanamh le d'fhostóir. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na hAireachta Gnóthaí Eachtracha agus Inimirce ​chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi víosaí.​

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +64 4 4712252. If you call outside normal working hours, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.

You may also wish to call the Department of Foreign Affairs in Dublin directly at 00353-1-4082000.

Physical Address
Level 10, Technology One House
86 Victoria Street
Wellington 6011
New Zealand

Postal Address
Embassy of Ireland, Wellington
PO Box 11498
Manners Street
Wellington 6142
New Zealand

Tel: + 64 4 4712252

Contact us