Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Nárú, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Nárú

Má tá tú le taisteal chun Nárú, tugtar leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit lenár gcomhairle agus nuashonruithe taistil.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí agus Aeráidí Nádúrtha
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Stádas Slándála

Gnáth-réamhchúraimí

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ní mór do shaoránaigh de chuid na hÉireann víosa a fháil roimh dóibh dul chuig Nárú ná ní eisítear aon víosa ar theacht isteach sa tír duit.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal go Nárú. Ba cheart do phasanna Éireannacha a bheith bailí ar feadh íostréimhse 6 mhí. Ní féidir paschártaí a úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le víosaí agus pasanna, féach ar an táb Eolas Breise.

Moltar do chuairteoirí chuig Nárú treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus iad féin a choimeád ar an eolas maidir leis an méid a bhíonn ag tarlú trí mhonatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus ar na meáin shóisialta.

Féadann saoránaigh an Ambasáid a leanúint freisin ar na meáin shóisialta (Twitter @irlembaustralia agus Facebook @IrishEmbassyAustralia) chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Féadann cuairteoirí teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i Nárú trí ghlaoch a chur ar:

  • Na Póilíní: 110
  • Cúnamh leighis: 111
  • Comhraiceoirí dóiteáin: 112

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ábhartha ‘Eolas Roimh Thaisteal.

Ós rud é nach bhfuil aon Ambasáid ag Éirinn i Nárú, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Dá dtarlódh sé, áfach, go mbeadh cúnamh ag teastáil uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Canberra, an Astráil.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Coireacht

Tá an ráta coiriúlachta íseal ach d’fhéadfadh sé go dtarlódh mionchoireacht, amhail peasghadaíocht, ó am go chéile.

Bí san airdeall i dtaca le do shlándáil phearsanta, agus cinntigh go mbíonn do chuid earraí, lena n-áirítear do phas agus aon cháipéis thábhachtach, sábháilte i rith an ama.

Tá na háiseanna atá ann do thurasóirí teoranta, go díreach mar atá líon na n-eitiltí tráchtála chuig agus ó Nárú. Moltar do thaistealaithe an phleanáil chuí a dhéanamh roimh ré agus a gcuid taighde féin a dhéanamh roimh dóibh taisteal go Nárú chun laghdú ar aon riosca sábháilteachta.

Coireanna a thuairisciú

Má bhaineann coir duit agus tú i Nárú, déan an choir a thuairisciú do na póilíní áitiúla láithreach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Canberra má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Spóirt uisce

D’fhéadfadh sé nach mbeadh caighdeáin sábháilteachta na dtionscnóirí turas i Nárú ag teacht le caighdeáin na hÉireann, go háirithe i dtaca le spóirt eachtraíochta, lena n-áirítear an tumadóireacht. Seiceáil dintiúir an tionscnóra agus an trealamh sábháilteachta roimh ré agus cinntigh go gclúdaíonn do pholasaí árachais taistil na gníomhaíochtaí atá beartaithe.  D’fhéadfadh sé nach mbeadh na seirbhísí tarrthála i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.

Iompar poiblí

Ní hann d’aon tacsaí ná iompar poiblí. Is féidir feithicil a fháil ar cíos ó chíosghnólachtaí áitiúla.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú. 

Drugaí

Tá sé mídhleathach i Nárú drugaí a úsáid, drugaí a bheith i do sheilbh agus drugaí a gháinneáil agus d’fhéadfadh sé go mbainfeadh fíneáil throm nó tréimhse phríosúnachta le haon cheann de na coireanna seo. 

LADTA+

Is amhlaidh gur díchoiríodh na caidrimh chomhghnéis ach moltar, fós féin, a bheith cúramach discréideach i rith an ama.

Tubaistí agus Aeráidí Nádúrtha

Tubaistí agus Aeráidí Nádúrtha

Ritheann séasúr oifigiúil na gcioclón ó mhí na Samhna go deireadh mhí an Aibreáin. Bíonn an séasúr fliuch ann ó Shamhain go hAibreán, agus is féidir a bheith ag súil le gaotha láidre, le suaill mhór farraige agus le cioclóin thrópaiceacha.

Is féidir nuashonruithe aimsire a fháil ó Sheirbhís Meitéareolaíochta Fhidsí agus ó Ionad Faisnéise Adhaimsire na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta agus trí na nuachtáin áitiúla agus an raidió áitiúil a sheiceáil.

Eolas Breise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Víosa

Ní mór do shaoránaigh de chuid na hÉireann víosa a fháil roimh dóibh dul chuig Nárú ná ní eisítear aon víosa ar theacht isteach sa tír duit.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal go Nárú. Ba cheart do phasanna Éireannacha a bheith bailí ar feadh íostréimhse 6 mhí. Ní féidir paschártaí a úsáid.

Chun sonraí a fháil ar an gcaoi le hiarratas a dhéanamh, déan teagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht is giorra duit:​

Nauru High Commission

Ratu Sukuna House

Victoria Parade

PO Box 2420

Government Buildings

Suva, Poblacht Fhidsí

Teil: + 679 331 3566/331 2032

Facs: + 679 331 2032/331 8311

ríomhphost: naurulands@connect.com.fj

nó:

Nauru Consulate General

Level 3, 99 Creek Street

Brisbane

QLD 4000

Teil: +61 7 3220 3044

ríomhphost: nauru.consulate@brisbane.gov.nr

nó:

Director of Immigration

Customs and Immigration

Department of Justice

Government Building

Yaren District

Poblacht Nárú

Teil: + 674 444 3152 / 3162

Facs: + 674 444 3832A

Sláinte

Tá ráigeanna de thinnis mhuiscít-iompartha coitianta, agus titeann ráigeanna níos tromchúisí amach ó am go chéile. Roimh duit taisteal, faigh comhairle leighis cothrom le dáta ó do dhochtúir agus faigh amach an bhfuil aon vacsaíniú de dhíth ort roimh taisteal.

Bíonn ráigeanna de thíofóideach ann i Nárú ó thráth go chéile.

Is féidir go dtarchuirfí roinnt ionfhabhtuithe, amhail an confadh agus an fliú, idir daoine agus ainmhithe.

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +61 2 62140000 and follow the prompts.

If you call outside normal working hours at the weekend, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.

Embassy of Ireland
20 Arkana Street
Yarralumla
ACT 2600
Australia

Tel: +61 2 6214 0000

Monday to Friday 9:30am – 12:30pm and 2pm – 4pm

Contact us