Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Niue, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Niue

Má tá tú le taisteal chun Niue, tugtar leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit lenár gcomhairle agus nuashonruithe taistil.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Stádas Slándála

Gnáth-réamhchúraimí

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh Éireannacha chun dul isteach in Niue le haghaidh cuairteanna a mhaireann níos lú ná 31 lá. Má tá tú ag fanacht ar feadh tréimhse níos faide ná 31 lá d'fhéadfadh víosa a bheith ag teastáil uait.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal chuig Niue. Ba cheart go mbeadh íosbhailíocht sé mhí ag pasanna Éireannacha tar éis an dáta teachta atá beartaithe. Is gnách go ndiúltaítear cead isteach má tá pas agat a bhfuil damáiste déanta dó nó má tá leathanaigh in easnamh ann. Ní féidir paschártaí a úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le dul isteach in Niue, féach an táb Eolas Breise.

Moltar do chuairteoirí chuig Niue treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Is féidir le saoránaigh an Ambasáid a leanúint ar na meáin shóisialta (Twitter @IrelandinNZ agus Facebook @IrishEmbassyNewZealand) chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i Niue trí scairt a chur ar 999. Is é an líne teileafóin 24/7 d'Ospidéal Niue Foou ná +4100.

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ábhartha ‘Eolas Roimh Thaisteal.‘.

I dtíortha nach bhfuil Ambasáid ag Éirinn iontu:

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach in Niue, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le h​Ambasáid na hÉireann sa Nua-Shéalainn​, áfach, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Mionchoireacht

Tá an choiriúlacht i Niue íseal ach is féidir le mionchoireacht tarlú.

Molaimid duit réamhchúraimí bunúsacha a ghlacadh agus tú ag taisteal chuig Niue:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat ag aon am amháin - fág airgead tirim breise agus earraí luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná hiompar do phas murach go bhfuil géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Déan iarracht gan suimeanna móra airgid a nochtadh go poiblí. Níl aon UMBanna in Niue ach ofrálann roinnt gnólachtaí aisairgead. Úsáidtear dollar na Nua-Shéalainne.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí pearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, agus déan socrú go mbaileofar agus go bhfágfar thú chomh gar agus is féidir do bhealach isteach d’óstáin nó d’árasáin

Léirsithe

D’fhéadfaí go dtarlódh cruinnithe poiblí agus léirsithe ó am go ham.

Molaimid go bhfanann tú amach ó léirsithe agus go leanann tú comhairle na n‑údarás áitiúil.

An Dúlra agus an Aeráid

Gníomhaíocht sheismeach

​Tá Niue suite i gcrios atá gníomhach go seismeach, rud a bhféadfadh súnámaithe a bheith mar thoradh air, go fiú má tharla crith talún achar suntasach ar shiúl.​ Ba cheart duit cloí le haon treoracha a eisíonn na húdaráis áitiúla maidir le bagairtí súnámaí.​

Stoirmeacha trópaiceacha agus Cioclóin

In Niue, táthar ag súil le gaotha láidre ó thús mhí na Samhna go dtí deireadh mhí Aibreáin, agus is féidir le cuid acu éirí ina gcioclóin. I rith an ama seo, ceaptar go mbeidh dianbháisteach agus tuilte ann agus sciorrthaí talún ina dhiaidh sin.

Tá an aeráid trópaiceach. Maireann séasúr na báistí ó Shamhain go hAibreán agus tarlaíonn na séasúir thirime the ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair

Moltar duit monatóireacht a dhéanamh ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta ón Eagraíocht Dhomhanda Mheitéareolaíochta (EDM), nó ó shuíomh gréasáin Sheirbhís Mheitéareolaíochta Fhidsí​.​

Snámh

Is gníomhaíochtaí coitianta iad an snámh, snorcláil agus tumadóireacht. Glac le comhairle áitiúil sula dtéann tú ag snámh toisc gur féidir le timpistí marfacha tarlú ag tránna a bhfuil tóir orthu.

Ag amanna áirithe den bhliain, bíonn roinnt tránna in Niue dúnta le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta traidisiúnta.

LADTAI+ Taisteal

Déanann dlí Niue cóir as caidreamh homaighnéasach fireann. Má chiontaítear thú, d’fhéadfaí príosúnacht a ghearradh ort, bíodh is gur annamh a fhorfheidhmítear an dlí.

Taisteal ar bhóithre

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána áitiúil ó Roinn Póilíneachta Niue.

Bíonn an tiomáint ar thaobh na láimhe clé. Ba cheart duit tiomáint san oíche laistigh de limistéir fhoirgnithe a sheachaint. Ní dhéantar rialacháin sábháilteachta feithiclí a fhorfheidhmiú go seasta. Coimhéad coisithe agus ainmhithe ar na bóithre.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Sláinte

Sláinte

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo. Molaimid duit árachas taistil cuimsitheach a ghlacadh roimh thaisteal duit.

Tá saoráidí leighis in Niue teoranta. I gcás éigeandála leighis, is dócha gurb é aslonnú go dtí an Nua-Shéalainn an t-aon rogha le haghaidh cóireála. Bí cinnte go gcuimsíonn do pholasaí árachais soláthar d'aslonnú leighis agus go gclúdaíonn sé thú do gach cás.

Rioscaí sláinte

Tá baol ann ó ghalair muiscít-iompartha, lena n-áirítear fiabhras deinge. Ba cheart duit bearta cosanta a ghlacadh le greamanna muiscíte a sheachaint.

Is tinneas é ciguatera a tharlaíonn nuair a itear iasc ina bhfuil tocsainí áirithe. Is féidir leis a bheith ina chúis le masmas, urlacan, agus griofadach ag teacht i méara nó ladhracha agus tinneas tromchúiseach uaireanta. Níl aon bhealach ann chun a fháil amach an bhfuil iasc truaillithe, ach is gnách go ndlúthaíonn éisc sceireacha na tocsainí níos mó ná éisc eile. Is roghanna níos fearr iad éisc dhomhainmhara cosúil le tuinnín, mahi mahi nó wahoo.

Uisce

Moltar go láidir uisce a fhiuchadh agus gan ach uisce i mbuidéil a ól.

Eolas Breise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Níl eitiltí go Niue ar fáil ach tríd an Nua-Shéalainn, dá bhrí sin beidh ort na riachtanais iontrála don Nua-Shéalainn​a chomhlíonadh.​​

Ní mór do thaistealaithe a thugann cuairt ar Niue ó lasmuigh den Nua-Shéalainn (mar shampla, trí luamh) na riachtanais iontrála teorann don Nua-Shéalainn agus do Niue a chomhlíonadh.

Ní theastaíonn víosa ó thurasóirí le haghaidh cuairteanna suas le 31 lá.

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +64 4 4712252. If you call outside normal working hours, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.

You may also wish to call the Department of Foreign Affairs in Dublin directly at 00353-1-4082000.

Physical Address
Level 10, Technology One House
86 Victoria Street
Wellington 6011
New Zealand

Postal Address
Embassy of Ireland, Wellington
PO Box 11498
Manners Street
Wellington 6142
New Zealand

Tel: + 64 4 4712252

Contact us