Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do na hOileáin Fharó, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Oileáin Fharó

Má tá tú le taisteal chun na Oileáin Fharó, tugtar leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit lenár gcomhairle agus nuashonruithe taistil.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Stádas slándála

Gnáth-réamhchúraimí

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Níl Oileáin Fharó san AE ná ní páirtí i gComhaontú Schengen iad.

Tá sé riachtanach go mbeadh pas bailí ag Saoránaigh de chuid na hÉireann chun cead isteach in Oileáin Fharó a fháil. Molaimid go mbeadh do phas bailí go ceann íostréimhse de thrí mhí tar éis an dáta imeachta a bheadh beartaithe agat.

Is ceadmhach do shaoránaigh de chuid na hÉireann taisteal go hOileáin Fharó gan víosa.

Moltar do chuairteoirí chuig Oileáin Fharó treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus iad féin a choimeád ar an eolas maidir leis an méid a bhíonn ag tarlú trí mhonatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Tá eolas praiticiúil maidir le cuairt a thabhairt ar Oileáin Fharó ar fáil anseo: Tabhair Cuairt ar Oileáin Fharó.

Is féidir le saoránaigh Ambasáid na hÉireann sa Danmhairg a leanúint freisin ar na meáin shóisialta (Twitter @IrishEmbDenmark agus Facebook) chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is grúpa beag de 18 n-oileán iad Oileáin Fharó, nó na Scigirí, mar a thugtar orthu freisin, atá suite in Aigéan an Atlantaigh Thuaidh. Is féidir go dtiocfadh athrú tobann ar an aimsir, agus go n-éireodh dálaí tiomána, siúlóireachta agus seoltóireachta contúirteach i gcás ceo nó gaoth thobann.

Ba cheart do shaoránaigh a bheadh ag taisteal go hOileáin Fharó iad féin a chur ar an eolas i gcónaí mar gheall ar na rioscaí agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint i rith an ama.

I gcás éigeandála, féach na sonraí teagmhála do na húdaráis iomchuí:

  • Uimhir Éigeandála: 112
  • Póilíní: +298 351448
  • Cúnamh leighis: 1870
  • Éigeandáil fiaclóireachta: +298 314544
  • Eolas: 118

Ós rud é nach bhfuil aon Ambasáid ná Consalacht ag Éirinn ar Oileáin Fharó, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a chur ar fáil i gcás éigeandála. Dá dtarlódh sé, áfach, go mbeadh cás éigeandála ann, nó má bhíonn cabhair nó comhairle ag teastáil ó shaoránaigh, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh lenár nAmbasáid i gCóbanhávan ar +45 3547 3200 nó lenár nAonad um Chabhair Chonsalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353 1 408 2000.

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Faigh árachas taistil agus sláinte cuimsitheach a chlúdódh na gníomhaíochtaí ar fad a bheadh beartaithe agat, go háirithe gníomhaíochtaí eachtraíochta.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise chun na nuashonruithe taistil is déanaí a fháil.
  • Léigh ár dtreoir ábhartha ‘Eolas Roimh Thaisteal‘.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Tá cúrsaí polaitíochta seasmhach, agus, ar bhonn ginearálta, ní hann d’aon mhórbhuairt slándála agus tá ráta íseal coiriúlachta ann.

Moltar do chuairteoirí iad féin a choinneáil ar an eolas maidir lena mbíonn ag tarlú trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí fhanacht i dteagmháil lena n-óstán nó lena dtionscnóir turas.

Moltar do shaoránaigh de chuid na hÉireann tionscnóirí turas iontaofa a úsáid agus iad ag taisteal ar Oileáin Fharó. Ná húsáid tionscnóirí neamhcheadúnaithe nó chuirfeadh sé seo i mbaol mór thú dá rachadh aon rud ar strae. Tá na hacmhainní cuardaigh agus tarrthála teoranta agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí bille chuig cuairteoirí as aon tarrtháil ba ghá a dhéanamh.

Is féidir níos mó sonraí a fháil ar an taisteal sábháilte ar Oileáin Fharó anseo: Taisteal Sábháilte, Tabhair Cuairt ar Oileáin Fharó.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Cuimhnigh, baineann na dlíthe áitiúla le cuairteoirí agus moltar cloí leo.

Bí tuisceanach ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla, nó d’fhéadfadh sé go gceapfaí iompar áirithe a bheith míchuí, naimhdeach nó go fiú mídhleathach.

De ghnáth, tarlaíonn séasúr bliantúil na seilge míolta móra “Grindadráp” ar na hOileáin Fharó i míonna an tsamhraidh idir mí Meithimh agus mí Mheán Fómhair. Tá tarraingt mhór ag an imeacht seo ar agóideoirí agus beidh láithreacht sábháilteachta mhéadaithe ann le linn na tréimhse seo. D’fhéadfaí aon duine a d’fhéadfadh a bheith mar bhall de ghníomhartha contúirteacha a ghabhadh, lena n-áirítear don saol agus/nó do mhaoin.

Sláinte

Sláinte

Féadann cuairteoirí a éiríonn tinn agus iad ag taisteal ar Oileáin Fharó cóir leighis a fháil faoin chóras áitiúil sláinte. I gcás tinneas nó gortú tromchúiseach, áfach, d’fhéadfadh sé gur ghá cuairteoirí a aslonnú chun na Danmhairge nó na hÍoslainne lena gcóireáil.

Ba cheart do chuairteoirí a chinntiú go mbíonn soláthar dóthanach d’aon chógas a bheadh de dhíth orthu acu agus iad ag taisteal nó d’fhéadfadh sé nárbh fhéidir iad seo a cheannach go háitiúil. Bíodh a fhios ag cuairteoirí, mar gheall ar dhálaí aimsire athraitheacha, go bhféadfadh sé go gcuirfí eitiltí ar ceal ó am go chéile agus gur ghá fanacht ar Oileáin Fharó níos faide ná mar a bhí beartaithe.

Ós rud é nach baill den AE iad Oileáin Fharó, ní chlúdaíonn an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte an limistéar sin.

Eolas Breise

Eolas Breise

Árachas Taistil

Ní fhéadann an Roinn íoc as aisdúichiú éigeandála leighis, aisdúichiú coirp nó aon chostas a bhainfeadh le héigeandáil phearsanta agus tú thar lear. Moltar do shaoránaigh polasaí árachais taistil oiriúnach a cheannach, faoina gclúdófaí na costais seo, ar acht nár briseadh na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis.

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, féadann cuairteoirí cuid mhór airgid a shábháil dóibh féin má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé seo freisin go bhfaighidh siad an chóir leighis a theastaíonn nuair a bhíonn sí ag teastáil. Is féidir na mílte Euro de bhillí ospidéil a charnadh go furasta, agus d’fhéadfadh sé go gcosnófaí aslonnú leighis na mílte eile.

Ní hionann gach polasaí, agus d’fhéadfadh cúis a bheith ann go bhfuil an ceann is saoire ar an gceann is saoire. Moltar do shaoránaigh de chuid na hÉireann a chinntiú go gclúdaíonn a bpolasaí na gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe acu dá dturas. Molann Insurance Ireland polasaí a fhorálann íoschlúdach leighis de €1 mhilliún.

Costais éigeandála

Ba cheart go gcumhdódh do pholasaí:

  • Gach cúram leighis thar lear, lena n-áirítear aslonnú in aerárthach othar, nó gnáthaimh éigeandála eile, agus aon chostas eile a bhaineann le tréimhse fanachta níos faide nach raibh aon súil leis.
  • Do thuras ar fad, ó imeacht go dtí filleadh. Smaoinigh ar pholasaí ilbhliantúil turais má tá níos mó ná turas amháin á dhéanamh agat sa bhliain.   
  • Seirbhís agus cúnamh éigeandála 24-uair an chloig.
  • Cumhdach dliteanais phearsanta (i gcás go ndéanfar tú a agairt mar gheall ar ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin).
  • Sealúchais a cailleadh agus a goideadh.
  • Cealú agus ciorrú.
  • Aon ghníomhaíocht bhreise atá beartaithe agat atá eisiata ó pholasaithe caighdeánacha (m.sh. gníomhaíochtaí spóirt uisce ar nós scairdsciála nó spóirt ghuaisbheartaíochta eile).

Eisiaimh: Bíodh a fhios ag cuairteoirí nach gcumhdóidh formhór na bpolasaithe árachais teagmhais a bhaineann le deoch nó le drugaí.

Airgeadra

Is é krone na Danmhairge airgeadra Oileáin Fharó. Ní úsáidtear an t-airgead tirim chomh minic céanna agus a úsáidtear in Éirinn é, ach tá sé éasca Uathmheaisíní Bainc a aimsiú. Baintear úsáid as cártaí creidmheasa agus dochair go minic d’íocaíochtaí, cé gur féidir go dtabhódh cártaí eachtracha formhuirear. 

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, citizens can contact the main Embassy number, +45 35 47 32 00, and leave a message on the Duty Officer mailbox.

This mailbox is monitored regularly.

Embassy of Ireland
Østbanegade 21
2100 Copenhagen
Denmark

Tel: +45 3547 3200

Contact us