Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Téaváin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Téaváin

Má tá tú le taisteal chun an Téaváin, tugtar leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit lenár gcomhairle agus nuashonruithe taistil.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Eolas Breise
  • Department Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Stádas Slándála

Gnáth-réamhchúraimí

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh Éireannacha chun dul isteach sa Téaváin mura maireann an tréimhse a fhanfaidh siad níos faide ná 90 lá.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal go dtí an Téaváin. Ba cheart do phasanna Éireannacha a bheith bailí ar feadh íostréimhse 6 mhí. Ní féidir paschártaí a úsáid. Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun na Téaváine agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

De réir Bheartas 'One China' de chuid an Rialtais, níl caidreamh taidhleoireachta ag Éirinn leis an Téaváin.

Moltar do chuairteoirí chuig an Téaváin treoir na n-údarás áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Téaváin trí scairt a chur ar:

  • Na Póilíní: 110
  • Otharcharr agus an Bhriogáid Dóiteáin: 119

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ábhartha Eolas Roimh Thaisteal.‘.

Ós rud é nach bhfuil láithreacht ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha sa Téaváin, tá muid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Mar sin féin, má tá cás éigeandála ann, nó má tá cabhair agus comhairle de dhíth ort, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nAonad um Chabhair Chonsalachta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353 1 408 2000 nó seol ríomhphost chuig: Cabhair chonsalachta.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Coireacht

Tá leibhéil choireachta sa Téaváin íseal go ginearálta agus is é an riosca is mó do chuairteoirí gearrthéarmacha ná mionchoireacht amhail peasghadaíocht.

Déan réamhchúraim chiallmhara i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat lena cheile - fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte.
  • Seachain earraí luachmhara nó suimeanna móra airgid a iompar ort go poiblí.
  • Tabhair aire ar leith nuair a bhíonn tú i sluaite móra nó nuair a bhíonn tú amuigh san oíche, go háirithe i gceantar na trá, nó ag beáir nó clubanna oíche
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, agus déan socrú go mbaileofar agus go bhfágfar thú chomh gar agus is féidir de bhealach isteach d’óstáin nó d’árasáin.
  • Coinnigh súil ghéar ar d’earraí pearsanta agus bíodh greim agat orthu in áiteanna poiblí amhail caiféanna idirlín, agus stáisiúin traenach agus bus.
  • Bí cinnte go bhfuil do chóiríocht agus d'fheithicil sábháilte, le doirse agus fuinneoga faoi ghlas i gcónaí.

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú sa Téaváin, déan an choir a thuairisciú do na póilíní áitiúla láithreach.

Eolas Breise

Eolas Breise

Tubaistí Nádúrtha agus Aeráid

Tá aeráid fhothrópaiceach sa Téaváin agus bíonn séasúir ar leith aici. Tosaíonn séasúr na dtíofún i mí na Bealtaine agus tagann deireadh leis i mí na Samhna.

Tá an Téaváin suite i gcrios atá gníomhach go seismeach. Tá baol creathanna talún agus súnámaithe ann.

Ba cheart duit an-aird a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta chomh maith le comhairle a leanúint ó na húdaráis áitiúla. Seiceáil Lár-Bhiúró Aimsire na Téaváine maidir le comharthaí agus rabhaidh aimsire éagsúla le do thoil.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir tamall fada sula dtaistealaíonn tú chun féachaint cad iad na vacsaínithe a theastaíonn uait don Téaváin.

Árachas Taistil

Ní féidir leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha íoc as aisdúichiú éigeandála leighis, aisdúichiú coirp nó costais a bhaineann le héigeandáil phearsanta agus tú thar lear. D’fhéadfadh sé go mbeadh na costais seo clúdaithe má cheannaíonn tú árachas cuí taistil, ach ní féidir linn idirghabháil a dhéanamh i gcás aon easaontas le comhlachtaí árachais a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

Trí árachas taistil cuimsitheach a cheannach, is féidir go leor airgid a shábháil duit féin agus do theaghlach má théann rud éigin amú. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh tú an aire leighis a theastaíonn uait, nuair a theastaíonn uait é. Is féidir le billí ospidéil a bheith ina mílte euro tar éis carntha, agus d’fhéadfadh costas na mílte euro a bheith ar aslonnú leighis ar ais go hÉirinn.

Bí cinnte gur shábháil tú an t-eolas teagmhála do do sholáthraí árachais sula n-imeoidh tú, lena n-áirítear aon sonraí cúnaimh éigeandála, agus bíodh an t-eolas seo ar láimh agat má theastaíonn sé uait agus tú thar lear. 

Seirbhís Mhíleata       

Forálann dlí na Téaváine go bhfuil seirbhís mhíleata éigeantach. Má rugadh sa Téaváin thú nó má bhí pas na Téaváine riamh agat ba cheart duit na rialacha maidir le seirbhís mhíleata sa Téaváin a sheiceáil sula dtéann tú ag taisteal.

Department Contact

Department Contact

Please contact our Consular Assistance Unit if you need guidance on the nearest assistance and we will help you as best we can.


Our number is: +353 1408 2000.

Department of Foreign Affairs
Iveagh House
80 St Stephen’s Green
Dublin 2
D02 VY53

Tel: + 353 (0) 1 408 2000

24 hours a day, 7 days a week

Contact us