Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Tonga, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Tonga

Má tá tú le taisteal chun Tonga, tugtar leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit lenár gcomhairle agus nuashonruithe taistil.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Stádas Slándála

Gnáth-réamhchúraimí

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh Éireannacha chun dul isteach i dTonga.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal go Tonga. Ba cheart go mbeadh íosbhailíocht sé mhí ag pasanna Éireannacha tar éis an dáta imeachta atá beartaithe. Ní féidir paschártaí a úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le víosaí agus pasanna, féach ar an táb Eolas Breise.

Moltar do chuairteoirí chuig Tonga treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Is féidir le saoránaigh an Ambasáid a leanúint ar na meáin shóisialta (Twitter @IrelandinNZ agus Facebook @IrishEmbassyNewZealand) chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i dTonga trí scairt a chur ar 911.

I measc na n-uimhreacha éigeandála ar leith tá:

  • Na Póilíní:  922
  • An Bhriogáid Dóiteáin: 999
  • Cúnamh Leighis: 933

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ábhartha ‘Eolas Roimh Thaisteal.‘.

I dtíortha nach bhfuil Ambasáid ag Éirinn iontu:

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach i dTonga, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le h​Ambasáid na hÉireann sa Nua-Shéalainn​, áfach, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Coireacht

Tá leibhéil choireachta i dTonga sách íseal áfach tá mionchoireacht coitianta agus tarlaíonn eachtraí robálacha, ionsaithe foréigneacha agus ionsaithe gnéasacha. Méadaíonn rioscaí slándála tar éis thitim na hoíche, seachain taisteal leat féin san oíche nó taisteal chuig áiteanna iargúlta.​

Molaimid duit réamhchúraimí bunúsacha a ghlacadh agus tú ag taisteal chuig Tonga:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat ag aon am amháin - fág airgead tirim breise agus earraí luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná hiompar do phas murach go bhfuil géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáint go poiblí agus ná bain úsáid as Uathmheaisíní Bainc sa dorchadas, go háirithe má bhíonn tú i d’aonar. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint agus tú i ndiaidh do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí pearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, agus déan socrú go mbaileofar agus go bhfágfar thú chomh gar agus is féidir do bhealach isteach d’óstáin nó d’árasáin

An Dúlra agus an Aeráid

Creathanna talún agus bolcáin

Tá Tonga suite i gcrios atá gníomhach go seismeach, rud a bhféadfadh creathanna talún agus gníomhaíocht bholcánach a bheith mar thoradh air. Chuaigh brúchtadh bolcánach agus súnámaí Hunga Tonga-Hunga Ha'apai i bhfeidhm go mór ar chodanna de Tongatapu agus ar oileáin eile in aice láimhe i mí Eanáir 2022 agus tá siad ag téarnamh fós. Coimeád súil ar na meáin le haghaidh na bhforbairtí is déanaí agus lean treoracha na n-údarás áitiúil. 

Stoirmeacha trópaiceacha agus Cioclóin

I dTonga, táthar ag súil le gaotha láidre ó thús mhí na Samhna go dtí deireadh mhí Aibreáin, agus is féidir le cuid acu éirí ina gcioclóin. I rith an ama seo, ceaptar go mbeidh dianbháisteach agus tuilte ann agus sciorrthaí talún ina dhiaidh sin. Mar sin féin, is féidir le stoirmeacha trópaiceacha agus cioclóin tarlú i rith na bliana.

Moltar duit monatóireacht a dhéanamh ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta ón Eagraíocht Dhomhanda Mheitéareolaíochta (EDM), nó Sheirbhísí Meitéareolaíochta Tonga – Aireacht MEIDECC  ​, nó ó shuíomh gréasáin Sheirbhís Meitéareolaíochta Fhidsí​.​

Snámh

Glac le comhairle áitiúil sula dtéann tú ag snámh. Is féidir le sruthanna cuilitheála láidre tarlú nuair a bhíonn briseadh ann sa sceir. Tharla timpistí marfacha. Tá smionagar sa ghaineamh agus san uisce mar thoradh ar bhrúchtadh bolcánach Hunga Tonga-Hunga Ha'apai agus súnámaí a tharla dá bharr. Tabhair aire bhreise agus tú ag snámh.

LADTAI+ Taisteal

Tá coir déanta as gníomhaíocht chomhghnéis idir fir, bíodh is gur annamh a chuirtear an dlí i bhfeidhm.

Taisteal ar bhóithre

Is féidir le tiomáint i dTonga a bheith contúirteach, go háirithe san oíche mar gheall ar dhroch-shoilsiú sráide agus bóithre nach gcoinnítear caoi orthu.​ Coimhéad coisithe agus ainmhithe ar na bóithre.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Cuireann reachtanna Sabóideacha srian docht ar ghníomhaíochtaí Dé Domhnaigh.

Sláinte

Sláinte

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo. Molaimid duit árachas taistil cuimsitheach a ghlacadh roimh thaisteal duit.

Tá baol ann ó ghalair muiscít-iompartha, lena n-áirítear fiabhras deinge. Ba cheart duit bearta cosanta a ghlacadh le greamanna muiscíte a sheachaint.

Tá áiseanna sláinte i dTonga bunúsach. D’fhéadfaí go mbeadh gá le haslonnú leighis ó Tonga le haghaidh fadhbanna leighis neamhghnácha.

Uisce

Moltar go láidir uisce a fhiuchadh agus gan ach uisce i mbuidéil a ól.

Eolas Breise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní mór do shealbhóirí an phas Éireannaigh na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh le go mbeidh siad in ann dul isteach i dTonga:

  1. Ticéad ar aghaidh (nó ticéad fillte) a bheith acu chuig tír a bhfuil víosa nó cead bailí agat dul isteach inti;
  2. Pas a bheith acu atá bailí ar feadh sé (6) mhí ar a laghad tar éis an dáta imeachta atá beartaithe ó Thonga; Ní féidir paschártaí a úsáid;
  3. Cistí leordhóthanacha a bheith acu le bheith beo orthu;

Eiseofar Cead Cuairteora 30 lá do náisiúnaigh Éireannacha a chomhlíonann critéir iontrála nuair a shroichfidh siad Tonga.

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +64 4 4712252. If you call outside normal working hours, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.

You may also wish to call the Department of Foreign Affairs in Dublin directly at 00353-1-4082000.

Physical Address
Level 10, Technology One House
86 Victoria Street
Wellington 6011
New Zealand

Postal Address
Embassy of Ireland, Wellington
PO Box 11498
Manners Street
Wellington 6142
New Zealand

Tel: + 64 4 4712252

Contact us