Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Vanuatú, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Vanuatú

Má tá tú le taisteal chun Vanuatú, tugtar leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit lenár gcomhairle agus nuashonruithe taistil.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Stádas Slándála

Gnáth-réamhchúraimí

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh Éireannacha chun dul isteach i Vanuatú.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal chuig Vanuatú. Ba cheart go mbeadh íosbhailíocht sé mhí ag pasanna Éireannacha tar éis an dáta imeachta atá beartaithe. Ní féidir paschártaí a úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le víosaí agus pasanna, féach ar an táb Eolas Breise.

Moltar do chuairteoirí chuig Vanuatú treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Is féidir le saoránaigh an Ambasáid a leanúint ar na meáin shóisialta (Twitter @IrelandinNZ agus Facebook @IrishEmbassyNewZealand) chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i Vanuatú trí scairt a chur ar 111.

I measc na n-uimhreacha éigeandála ar leith tá:

  • Na Póilíní: 22222 nó 111
  • An Bhriogáid Dóiteáin: 22333
  • Cúnamh Leighis: 22100 nó 112
  • Otharcharr Promedical 25566 nó 115

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ábhartha ‘Eolas Roimh Thaisteal..

I dtíortha nach bhfuil Ambasáid ag Éirinn iontu:

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach i Vanuatú, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le h​Ambasáid na hÉireann sa Nua-Shéalainn​, áfach, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Coireacht

Tá an ráta coiriúlachta i Vanuatú íseal ach tarlaíonn coiriúlacht. Méadaíonn na rioscaí tar éis thitim na hoíche, in áiteanna iargúlta agus má tá tú i d'aonar.

Molaimid duit réamhchúraimí bunúsacha a ghlacadh agus tú ag taisteal chuig Vanuatú:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil agus airgead á n-iompar agat ag aon am amháin - fág airgead tirim breise agus earraí luachmhara in áit shábháilte.
  • Tabhair aird ghéar ar shlándáil, cinntigh go bhfuil na doirse agus na fuinneoga go léir faoi ghlas san oíche agus fad is atá tú in áit eile, agus cinntigh go gcoinnítear earraí luachmhara in áit shábháilte shlán.
  • Ná hiompar do phas murach go bhfuil géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáint go poiblí agus ná bain úsáid as Uathmheaisíní Bainc sa dorchadas, go háirithe má bhíonn tú i d’aonar. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint agus tú i ndiaidh do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí pearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, agus déan socrú go mbaileofar agus go bhfágfar thú chomh gar agus is féidir do bhealach isteach d’óstáin nó d’árasáin

An Dúlra agus an Aeráid

Creathanna talún agus bolcáin

Tá Vanuatú suite i gcrios atá gníomhach go seismeach, rud a bhféadfadh creathanna talún agus gníomhaíocht bholcánach a bheith mar thoradh air, agus baol súnámaithe ag baint leis. Tá tuairiscí ar ghníomhaíocht bholcánach ar fud Vanuatú (agus aon rabhaidh reatha cioclóin nó súnámaí), ar fáil ó shuíomh gréasáin Roinn Meitéareolaíochta agus Geo-ghuaiseacha Vanuatú.  Is féidir le taistealaithe seiceáil freisin le ​hOifig Turasóireachta Vanuatú  nó le hOifig Chomhairle Cúige Tafea do Shliabh Yasur in Tanna.

Stoirmeacha trópaiceacha agus Cioclóin

Maireann séasúr na gcioclón ó Shamhain go hAibreán. Is féidir le stoirmeacha trópaiceacha agus cioclóin tarlú i míonna eile freisin. Is féidir leo cur isteach ar sheirbhísí riachtanacha, daoine a ghortú, damáiste a dhéanamh do réadmhaoin agus is féidir leo a bheith ina gcúis le bás daoine.

Leanann Vanuatú ag téarnamh ó thionchair Chioclóin Judy agus Kevin, a rinne damáiste forleathan. D'fhéadfadh go mbeadh cur isteach fós ar infreastruchtúr, ar sheirbhísí agus ar theileachumarsáid i roinnt áiteanna.

Tá ​córas foláirimh cioclóin dathchódaithe ag Oifig Náisiúnta Bainistíochta Tubaiste Vanuatúa chuimsíonn nósanna imeachta sábháilteachta le leanúint le linn cioclóin.

LADTAI+ Taisteal

Níl coir déanta as caidreamh comhghnéis, ach ní ghlactar leo go forleathan go sóisialta. Moltar umhlaíocht agus discréid sa mhéid a chaitheann tú agus i do chuid iompair le cinntiú nach gcuirfidh tú isteach ar íogaireachtaí áitiúla.

Taisteal ar bhóithre

Is féidir le taisteal bóthair i Vanuatú a bheith contúirteach. Is minic a bhíonn drochbhail ar bhóithre agus bíonn siad neamhshoilsithe.

Is minic a shiúlann coisithe ar bhóithre agus is deacair iad a fheiceáil san oíche.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Sláinte

Sláinte

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo. Molaimid duit árachas taistil cuimsitheach a ghlacadh roimh thaisteal duit.

Má theastaíonn cúnamh leighis éigeandála uait le linn do thurais, cuireann Promedical seirbhís otharchairr (íoctha) 24 uair an chloig ar fáil i bPort Vila agus in Luganville trí scairt a chur ar 115. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do chuideachta árachais má theastaíonn seirbhís otharchairr uait nó má atreoraítear thú chuig saoráid leighis le haghaidh cóireála.

Tá saoráidí leighis i Vanuatú bunúsach. Tá roinnt clinicí leighis i bPort Vila, a thairgeann cúram príomhúil. Éileoidh cásanna níos tromchúisí aslonnú chun na hAstráile nó go dtí an Nua-Shéalainn.

Eolas Breise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní mór do shealbhóirí an phas Éireannaigh na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh le go mbeidh siad in ann dul isteach i Vanuatú:

Pas a bheith acu atá bailí ar feadh sé (6) mhí ar a laghad tar éis an dáta imeachta atá beartaithe ó Vanuatú; Ní féidir paschártaí a úsáid.

Eiseofar Cead Cuairteora 30 lá do náisiúnaigh Éireannacha a chomhlíonann critéir iontrála nuair a shroichfidh siad Vanuatú.

Embassy contact

Embassy Contact

If you require emergency assistance from the Embassy, please contact us on +64 4 4712252. If you call outside normal working hours, you will be given instructions to call another number to speak to a Duty Officer.

You may also wish to call the Department of Foreign Affairs in Dublin directly at 00353-1-4082000.

Physical Address
Level 10, Technology One House
86 Victoria Street
Wellington 6011
New Zealand

Postal Address
Embassy of Ireland, Wellington
PO Box 11498
Manners Street
Wellington 6142
New Zealand

Tel: + 64 4 4712252

Contact us