Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Please be advised that this page has moved and this content is no longer being updated. Up-to-date information is now available at Ireland.ie/dfa/overseas-travel/know-before-you-go/mental-health.

Meabhairshláinte agus Taisteal

Cé gur féidir le taisteal thar lear a bheith fíor-thaitneamhach, d’fhéadfadh taisteal brú a chur ar do mheabhairshláinte. Is féidir leis a bheith níos deacra fós más rud é go bhfuil tú fada ó do theaghlach agus do chairde, i measc cultúir atá difriúil, nó i réigiúin ina labhraítear teanga nach labhraíonn tú, go háirithe má tharlaíonn imeachtaí nach raibh tú ag súil leo (m.sh. caillteanas fostaíochta, a bheith i d’íospartach coireachta, bás duine atá gar duit agus tú i bhfad ón mbaile, srl.).

[Nóta: Mura bhfuil tú ag taisteal/i do chónaí thar lear, ach tá aithne agat ar dhaoine atá, b'fhéidir go mbeadh fonn ort iadsan a chur ar an eolas maidir leis an leathanach seo, má tá imní ort maidir lena meabhairshláinte go háirithe.]

Tú féin a chosaint sula n-imíonn tú

  • Cinntigh go bhfuil árachas taistil cuimsitheach agat lena gcumhdaítear aon chóir leighis a bhaineann le meabhairghalar agus tú thar lear, lena n-áirítear leigheas éigeandála, árachas slánaíochta pearsanta, seal a chaitheamh san ospidéal (seal fada san áireamh) agus aisdúichiú. Léigh ár gcomhairle maidir le taisteal agus árachas sláinte anseo.
  • Faigh/ Athnuaigh do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) - tuilleadh eolais anseo.
  • Más rud é go raibh fadhbanna meabhairshláinte agat cheana, nó faoi láthair, b’fhéidir go mbeadh fonn ort dul i dteagmháil le do sholáthraí cúram sláinte sula n-imíonn tú chun an méid gur féidir leat a dhéanamh chun tú féin a cosaint a phlé, chomh maith le conas aghaidh a thabhairt ar na siomptóim a d’fhéadfadh teacht ort.
  • Más rud é go mbíonn fadhb mheabhairshláinte agat, ba chóir duit taighde a dhéanamh ar an réigiúin ina mbeidh tú ag taisteal roimh ré chun eolas a fháil faoin na seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait. Más rud é go bhfuil aon chógas á thógáil agat, is tábhachtach go gcinntíonn tú go mbeidh soláthairtí dóthanacha ar fáil duit le linn an turais. Cuimhnigh go bhfuil seirbhísí meabhairshláinte in easnamh i mórán tíortha, ar an drochuair, agus d’fhéadfadh nach mbeadh tuiscint mhaith ar mheabhairghalar go forleathan. D’fhéadfadh go mbeadh fadhbanna ag baint le bac teanga freisin.
  • Bí aireach go bhfuil seans go gcoinneofar thú gan cead uait mar thoradh ar mheabhairghalar i mórán tíortha (lena n-áirítear i dtíortha ina bhfuil ardseirbhísí mheabhairshláinte ar fáil). I gcásanna mar seo, seans go mbeadh teorainn ar ár gcumas tacaíocht a thabhairt duit.
  • Más rud é go bhfuil sé ar intinn agat cógas a thógáil agus tú ag taisteal thar lear, seiceáil roimh ré le hAmbasáid nó Consalacht na tíre a bhfuil tú ag tabhairt cuairt uirthi an mbeidh cead agat an cógas a thabhairt isteach chuig an tír leat, agus más rud é go mbeadh cruthúnas oidis de dhíth. Fiú má tá cead agat cógas ar leith a thabhairt isteach leat, seiceáil an bhfuil aon srianta maidir leis an méid atá ceadaithe. I dtíortha ar leith, d’fhéadfaí go mbreathnaítear ar sheilbh a bheith agat ar chineál cógas ar leith (nó níos mó ná méid áirithe) mar shmugláil drugaí, fiú má rinne dochtúir amach oideas don chógas i gceist. D’fhéadfadh impleachtaí dlíthiúla fíor-dáiríre a bheith mar thoradh air seo.
  • Is cabhrach litir dhochtúra a thabhairt leat (sa teanga chuí), rud a leagann amach an diagnóis agus na cógais atá ag teastáil, chomh maith le cóip de d’oideas, i gcás teagmhála le seirbhísí leighis/ síciatracha le linn taistil. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach más rud é go bhfuil tú i dteagmháil le húdaráis (m.sh. póilíní) le linn an turais nó má cheistítear thú maidir léis an gcúis go bhfuil an cógas á iompar agat (féach thuas).

Más rud é go bhfuil cógas ríthábhacht á thabhairt leat (tar éis duit a chinntiú go mbeidh tú in ann é a thabhairt isteach chuig an tír leat agus na réamhchúraim a luaitear thuas a úsáid), cuir isteach i do bhagáiste láimhe é de réir mar is féidir - seans go mbeadh bagáiste eile mall nó d’fhéadfadh sé dul ar strae. Ba chóir duit seiceáil leis an aerlíne roimh ré go mbeidh cead agat cógas a thabhairt ar an eitleán.

Tú féin a chosaint agus tú thar lear

Tá fo-alt ar shuíomh gréasáin an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Chúnamh Liachta i gcomhair Taistealaithe a bhaineann le “Taisteal agus Meabhairshláinte”, rud a chuireann comhairle chabhrach agus moltaí ar fáil do thaistealaithe a bhféadfadh fadhbanna mheabhairshláinte a bheith acu agus iad thar lear. Tá roinnt alt a chuireann comhairle agus eolas maidir le taisteal agus meabhairshláinte ar fáil ar an suíomh gréasáin freisin. Tá na hailt seo ar fáil anseo.

Tá comhairle úsáideach ar fáil ag an FSS maidir le fadhbanna meabhairshláinte agus conas aire a thabhairt do do mheabhairshláinte. Cé nach mbaineann na treoracha seo go sainiúil le daoine atá ag taisteal nó a chónaíonn thar lear, tá sé infheidhme chomh maith céanna.

Molaimid díobh teagmháil a shocrú roimh ré (m.sh trí ghlaoch, físghlao, ríomhphost a chur) le cairde agus le do theaghlach sa bhaile, go háirithe agus tú ag taisteal i d’aonar.

Ba chóir duit sonraí teagmhála a iompar leat do na daoine seo a leanas agus tú ag taisteal — comrádaithe taistil, lóistín, cairde nó teaghlach sa bhaile. D’fhéadfadh na sonraí seo cabhrú leis na húdaráis áitiúla teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála.

Má mhothaíonn tú go bhfuil do mheabhairshláinte ag dul in olcas, lorg cabhair in am agus i dtráth.

Is féidir leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire cabhrú leat de réir mar is cuí. Cé nach oibrithe mheabhairshláinte gairmiúla muid, agus nach bhfuil muid in ann chomhairle leighis/sláinte a chur ar fáil mar sin, seans go mbeadh muid in ann eolas maidir leis na seirbhísí atá ar fáil a thabhairt duit nó teagmháil a dhéanamh le do theaghlach/chairde ar do shon. Féach ar ár gCairt um Chabhair Chonsalachta le hachoimre ar an gcineál cabhrach gur féidir linn a chur ar fáil.

Athraíonn nádúr agus cineál na tacaíochta gur féidir linn a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu go mór de réir tíre. Bíonn cúram d'ardchaighdeán ar fáil do nach mór gach duine i gceantair ar leith agus bíonn easpa seirbhísí i gceantair eile. Mar gheall ar seo, níl sé indéanta achoimre tacaíochta a bhíonn ar fáil i dtíortha eile a fhoilsiú anseo.

Mar sin féin, ba chóir go mbeifeá in ann teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí atá bunaithe in Éirinn. Áiríonn na heagraíochtaí / seirbhísí a chuireann tacaíocht ar fáil dóibh siúd a bhfuil fadhbanna mheabhairshláinte acu in Éirinn, lena n-áirítear i gcásanna éigeandála, an méid seo a leanas:*

Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil líne chabhrach 24/7 curtha ar fáil ag gach ceann de na heagraíochtaí seo, agus go gcuireann cuid acu tacaíocht ar fáil ar bhealaí eile freisin, lena n-áirítear téacs, ríomhphost agus comhrá ar líne). Seiceáil na suíomhanna gréasáin ábhartha chun teacht ar shonraí na seirbhísí a chuirtear ar fáil.

Is é cód diailithe na hÉireann ná 00353.

Cuireann an FSS tuilleadh eolais maidir le meabhairshláinte ar fáil.

[Nóta: Más rud é go bhfuil imní ort faoi mheabhairshláinte duine muinteartha atá thar lear faoi láthair, b’fhéidir gur chóir duit iad a chur ar an eolas faoi na heagraíochtaí seo.]

*Tabhair faoi deara le do thoil nach liosta lán nó cuimsitheach na n-eagraíochtaí/ seirbhísí go léir a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine le fadhbanna meabhairshláinte in Éirinn é seo, agus níl sé mar aidhm aige eagraíochtaí/ seirbhísí ar leith a mholadh.