Comhlachtaí Monatóireachta Conartha NA
Le conarthaí áirithe um chearta an duine de chuid na NA, is féidir le daoine gearán a dhéanamh le comhlachtaí monatóireachta conartha.
Tá Éire ina páirtí do roinnt conarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine.
Le roinnt de na conarthaí sin, is féidir le daoine gearáin a dhéanamh le coiste de shaineolaithe neamhspleácha (dá dtagraítear go minic mar “chomhlachtaí conartha” nó “comhlachtaí monatóireachta” conradh-bhunaithe) arna mbunú faoin gconradh iomchuí má chreideann siad go bhfuil na cearta arna ráthú ag an gconradh sáraithe. Is “cumarsáid aonair” a thugtar ar ghearáin den sórt sin agus ní fhéadfar iad a dhéanamh ach amháin ag féachaint d’iompar na stát ar páirtithe iad don chonradh iomchuí agus a ghlacann le dlínse an choiste gearáin maidir lena n-iompar a éisteacht.
Ghlac Éire leis an dlínse gearáin aonair roinnt de na comhlachtaí monatóireachta conartha a éisteacht. Is iad na conarthaí sin:
- an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (agus an dara Prótacal Roghnach don Chúnant ar mhaith le pionós an bháis a dhíothú), a ndéanann an Coiste um Chearta an Duine monatóireacht air, de réir na rialacha arna leagan amach sa chéad Phrótacal Roghnach don Chúnant;
- an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le gach cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, a ndéanann an Coiste maidir le hIdirdhealú Ciníoch a Dhíothú monatóireacht air, de réir na rialacha arna leagan amach in Airteagal 14 den Choinbhinsiún;
- an Coinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, a ndéanann an Coiste maidir le hIdirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú monatóireacht air, de réir na rialacha arna leagan amach sa Phrótacal Roghnach don Choinbhinsiún;
- an Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, a ndéanann an Coiste in aghaidh Céastóireachta monatóireacht air, de réir na rialacha arna leagan amach in Airteagal 22 den Choinbhinsiún.
Ní mór gearáin a sheoladh chuig Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine sa Ghinéiv.
Féadfaidh daoine aonair gearáin a dhéanamh freisin trí mheicníochtaí monatóireachta eile arna mbunú ag na Náisiúin Aontaithe a úsáid. Áirítear ar na meicníochtaí sin:
- an Coimisiún um Stádas na mBan, a bhunaigh Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na NA;
- an “nós imeachta 1503” mar a thugtar air, lena bhféadfar gearáin a dhéanamh le Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, atá comhdhéanta d’ionadaithe de chuid na 47 ballstát sna Náisiúin Aontaithe, arna dtoghadh ag Comhthionól Ginearálta na NA;
- na “nósanna imeachta speisialta” mar a thugtar orthu, lena bhféadfar gearáin a dhéanamh le saineolaithe neamhspleácha faoi nósanna imeachta arna mbunú ag an gComhairle um Chearta an Duine.
Léigh tuilleadh
ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiúin Aontaithe um Chearta an Duine